Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 3:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 A chlann liom, ná cuireadh éinne amú sibh. An té a shaothraíonn an fhíréantacht, is fíréan é amhail is fíréan eisean.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 A pháistí mo chroí, ná cuireadh duine ar bith dallamullóg oraibh. An té a bhíos ag déanamh na córa is cóir é mar is cóir é siúd.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 A chlann bheag, ná mealladh aoinneach sibh: an té chleachtas fíréantacht atá sé fíréanta, fá mar tá séisean fíréanta:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 A chlann bheag, ná mealladh éinneach sibh: an tí leanas do nfíréuntachd as firéun é, do réir mar atá seision ná fhiréun.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 A chlann liom, ná cuireadh aon duine amú sibh. An té a shaothraíonn an fhíréantacht, is fíréan é amhail is fíréan eisean.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 3:7
28 Tagairtí Cros  

Is méanar don dream a choinníonn an ceart, agus a chloíonn leis an bhfíréantacht de shíor.


Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche; ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta.


Óir deirim libh, mura mbíonn barr fíréantachta agaibh ar a mbíonn ag na scríobhaithe agus ag na Fairisínigh, is cinnte nach rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas.


bheith ag seirbhís dó gan eagla, i gcrábhadh agus i bhfíréantacht ina láthair gach lá dár saol.


ach cibé duine a thugann ómós dó agus a dhéanann an ceart, gur taitneamhach an duine sin dó is cuma cén cine ar díobh é.


Mar ní hiad na daoine a chloiseann an dlí atá fíréanta i bhfianaise Dé; ach lucht an dlí a choimeád a fhíréanófar.


An é nach dtuigeann sibh nach bhfaighidh drochdhaoine ríocht Dé mar oidhreacht? Ná bíodh aon dul amú oraibh: drúisigh ná íoltóirí ná adhaltraigh ná piteoga ná sodamaigh


Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire.


bíonn toradh an tsolais le feiceáil san uile shórt maitheasa agus fíréantachta agus fírinne.


agus go mbeidh sibh lán de thorthaí na fíréantachta sin a thagann trí Íosa Críost, chun moladh agus glóire Dé.


Ach is é a deir sé i dtaobh an Mhic ná: “Beidh do ríchathaoir ann, a Dhia, choíche is go deo,” agus: “Slat na córa is ea slat do réim-sé;


agus thug Abrahám an deichiú cuid den chreach go léir dó-san. Is é “Rí na Fíréantachta” an chéad chiall atá ag ainm Mheilcizidic ach ciallaíonn sé “Rí Shailéim,” is é sin, “Rí na Síochána,” freisin.


Ná cuirigí dallamullóg oraibh féin; ní hé amháin go gcaithfidh sibh éisteacht leis an mbriathar, caithfidh sibh é a chur i ngníomh chomh maith.


Creideann tú gurb aon é Dia, agus is maith mar a dhéanann tú; ach creideann na deamhain chomh maith, agus bíonn siad ar crith.


D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.


A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann éinne peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir.


Scríobh mé an méid seo chugaibh faoi lucht bhur meallta.


Más feasach sibh gur cóir é, bíodh a fhios agaibh fós gur uaidh a shíolraítear gach duine a shaothraíonn an fhíréantacht.


A chlann liom, ná tugaimis grá briathair ná cainte amháin, ach grá gnímh agus fírinne.


Agus gach duine a chothaíonn an dóchas diaga seo ann féin naomhaíonn é féin faoi mar atá seisean naofa.


Seo mar atá an grá lánfhoirfe ionainn, go mbeimis lánmhuiníneach in aghaidh lá an bhreithiúnais, óir faoi mar atá seisean is amhlaidh atáimidne sa saol seo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí