go mbalbhaítear a mbéal bréagach, a bhíonn ag cáineadh an fhíréin go sotalach le teann uabhair is tarcaisne.
1 Eoin 4:16 - An Bíobla Naofa 1981 Agus is feasach dúinn agus creidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia agus an té a mhaireann sa ghrá maireann i nDia agus maireann Dia ann. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is mar sin a aithnímid agus a chreidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia, agus an té a chónaíos i ngrá cónaíonn sé i nDia, agus cónaíonn Dia ann. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’aithnigheamar an grádh atá ag Dia dhúinn, agus do chreideamar ann. Is grádh é Dia; agus an té chómhnuigheas san ngrádh, cómhnuigheann sé i nDia, agus cómhnuigheann Dia ann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do aithneamhar agus do chreideamar an grádh atá ag Día dhúinn. Is grádh é Día; agus an tí chomhnuigheas a ngrádh, comhnuighe sé a Ndía, agus Día annsan. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus is feasach dúinn agus creidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia agus an té a mhaireann sa ghrá maireann i nDia agus maireann Dia ann. |
go mbalbhaítear a mbéal bréagach, a bhíonn ag cáineadh an fhíréin go sotalach le teann uabhair is tarcaisne.
Cluas níor chuala ná súil ní fhaca dia ar bith ach tusa ag seasamh leis an té a chuir a mhuinín ann.
D'fhreagair Íosa: “Ní amhlaidh a pheacaigh sé seo ná a thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann.
Mar atá scríofa: “Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad, nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne, is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó.”
Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n‑aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.
Uaidh seo a aithnímid an grá, mar gur thug seisean a anam ar ár son; agus is mithid dúinne ár n‑anam a thabhairt ar son na mbráithre.
An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn.
A chairde cléibh, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia.