1 Eoin 2:3 - An Bíobla Naofa 1981 Agus is mar seo atá fhios againn go n‑aithnímid é, a aitheanta a choinneáil. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus is air seo a aithneoimid go bhfuil aithne againn air, má bhíonn a aitheanta á gcoinneáil againn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus is air so aithnighmíd go bhfuil aithne againn air, má choimheádaimíd a aitheanta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus is as so is deimhin linn aithne do bheith aguinn air, dá gcoimhéudam a aitheanta. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus is mar seo atá a fhios againn go n-aithnímid é, a aitheanta a choinneáil. |
“Tar éis saothar a anama, feicfidh sé an solas agus beidh sásamh air. Lena phianta déanfaidh mo ghiolla fíréin de na sluaite, á luchtú féin le hualach a gcionta.
Ach cad chuige a nglaonn sibh orm ‘A Thiarna, a Thiarna,’ agus nach ndéanann sibh a ndeirim?
Má choinníonn sibh m'aitheanta, fanfaidh sibh i mo ghrá, faoi mar a choinnigh mise aitheanta m'Athar, agus a fhanaim ina ghrá.
Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t‑aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.
An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.
Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó
Scríobhaim chugaibhse, a aithreacha, mar gur aithnid daoibh an té a bhí ó thús. Scríobhaim chugaibhse, a ógánacha, mar gur threascair sibh an mac mallachta.
Is eol dúinne gur aistríodh ón mbás go beatha sinne mar go dtugaimid grá do na bráithre.
Is mar sin a aithneoimid gur de chlann na fírinne sinn, agus is mar sin a shuaimhneoimid ár gcoinsias ina láthairsean, má chiontaíonn ár gcroí sinn.
Gach duine a mhaireann ann ní dhéanann peaca, agus an té a dhéanann, ní fhaca sé é ná níor chuir sé aithne air.
Mar seo a thuigimid go mairimid ann agus go maireann seisean ionainn, gur bhronn sé orainn riar dá Spiorad féin.
A chairde cléibh, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia.
Is feasach dúinne gur ó Dhia sinn agus go bhfuil an saol le chéile faoi thionchar an diabhail.
Is mar seo is feasach dúinn go dtugaimid grá do chlann Dé, nuair a thugaimid grá do Dhia agus nuair a chomhlíonaimid a aitheanta.
Bhí an dragan, más ea, i bhfearg leis an mbean, agus d'imigh sé leis chun cogadh a fhearadh ar an gcuid eile dá sliocht, iad siúd a choimeádann aitheanta Dé agus a thugann fianaise ar Íosa.
Anseo a éilítear foighne na bhfíréan a choimeádann aitheanta Dé agus creideamh in Íosa.
Is méanar dóibh siúd a níonn a n‑éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair.