Bíobla ar líne

Fógraí

An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua


Íseáia 16 - An Bíobla Naofa 1981 An Bíobla Naofa 1981
Íseáia 16

Muintir Mhóáb ar Lorg Dídine

1 Cuirigí uain mar bhronntanas chuig rialtóir na tíre, ón gCarraig ar thaobh na díthreibhe go sliabh iníon Shíón.

2 Ag cleitearnach anonn is anall mar a bheadh nead scolamán tréigthe, is amhlaidh atá iníonacha Mhóáb cois áthanna an Arnón.

3 “Tabhair comhairle dúinn, tabhair breith ar ár gcas. Sín amach do scáth mar bheadh coim na hoíche ann i lár an lae ghil. Cuir iad siúd atá scaipthe i bhfolach, ná déan brath ar an teifeach.

4 Lig dóibh cur fúthu i do theach, muintir scaipthe sin Mhóáb; bí i do thearmainn acu i gcoinne an chreachadóra. Nuair a bheidh deireadh leis an ansmacht, críoch leis an gcreachadóireacht, agus lucht chosarbolg imithe as an tír,

5 is ann a bhunófar an chathaoir ríoga faoi chineáltas, agus beidh ina shuí inti faoi dhílseacht, i mboth Dháiví, breitheamh ar mór leis an ceart agus ar luath chuige cíocras na córach.”

Mairgneach i dtaobh Mhóáb

6 Chualamar trácht ar uabhar Mhóáb, uabhar as miosúr, uaillmhian agus borr agus bród, mórtas tóin gan taca.

7 Dá dheasca sin, tá muintir Mhóáb ag caoineadh Mhóáb. Tá siad go léir ag caoineadh le chéile, i ndiaidh cístí rísín Chír Harasait tá siad ag mairgneach go cráite.

8 Óir tá tailte Heisbeon faoi chrann smola agus fíniúin Shibmeá, a mbeireadh a gcrobhaingí bua ar thiarnaí na náisiún. Shroiseadh siad fhad le Iazaer, bhíodh siad spréite amach chomh fada leis an bhfásach; bhí a gcraobhacha ag leathadh amach thar farraige anonn.

9 Uime sin, tá mé ag caoineadh mar a chaoineann Iazaer, i ndiaidh fíniúin Shibmeá; silfidh mé mo dheora oraibh go fras a Heisbeon agus a Eileálae. Óir thar do thorthaí agus thar fhómhar an fhíona chualathas gáir chatha;

10 tá an t‑áthas agus an lúcháir imithe as gort agus garraí. Sna fíonghoirt níl ceol ná liú áthais le cloisint; níl aon fhíon á fháscadh sna cantaoirí, tá an húrla-hárla ina thost.

11 Dá bharr sin, ar son Mhóáb tá mo chliabh mar chláirseach ar crith, agus mo chroí istigh ar son Chír Harasait.

12 Saothar in aisce ag Móáb a theacht chun teampaill, á thraochadh féin ag scrínte na n‑ardán; a dhul isteach ina shanctóir a ghuí, níl gar ann dó.

Fáistine i dtaobh Mhóáb

13 Gurb é sin an focal a labhair an Tiarna i gcoinne Mhóáb fadó.

14 Ach anois deir sé: “I gcionn trí bhliain, ag áireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, beidh maise agus mórgacht Mhóáb ina ndíol tarcaisne d'ainneoin líon a mhuintire, agus beidh a bhfuílleach tearc, tanaí, gan acmhainn.”

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart