Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 16:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Cuirigí uain mar bhronntanas chuig rialtóir na tíre, ón gCarraig ar thaobh na díthreibhe go sliabh iníon Shíón.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Cuiridh an túan go húachtarán tíre ó charruig a nfásuigh, go slíabh inghine Síon.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 16:1
8 Tagairtí Cros  

Bhris sé freisin ar na Móábaigh agus chuir d'iallach orthu luí ar an talamh agus thomhais sé iad le téad; thomhais sé fad dhá théad le cur chun báis, agus téad iomlán eile le hanacal. Thug na Móábaigh géillsine do Dháiví agus d'íoc cáin leis.


Eisean a bhris ar na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, deich míle díobh, agus a ghabh an Charraig de ruathar. Thug sé Ioctael mar ainm uirthi agus is é atá uirthi go dtí inniu féin.


Ba thógálaí caorach é Méisa rí Mhóáb agus dhíoladh sé céad míle uan agus an lomra ó chéad míle reithe le rí Iosrael mar cháin.


Leis an airgead seo ceannaigh go fonnmhar, tairbh, reithí agus uain agus na habhlanna agus na hofrálacha dí a ghabhann leo; agus íobair iad ar altóir Theampall do Dhé atá in Iarúsailéim.


An lá seo féin déanfaidh sé sos i Nob. Bagróidh sé a lámh ar shliabh iníon Shíón, ar chnocán Iarúsailéim.


Ardaíodh an fásach agus a chathracha a nglór, agus na campaí mar a gcónaíonn clann Chéadar! Tógadh muintir Charraig Sheala liú agus gártha ar mhullach na mbeann!


Tabharfaidh muintir uile na tíre an ofráil seo do phrionsa Iosrael.


Agus tusa, a thúir an tréada, a chnocáin iníon Shíón, tiocfaidh chugat ar ais an tiarnas a bhí agat tráth agus ríúlacht iníon Iarúsailéim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí