Sular bhunú an domhain féin, bhí tú i ngreim Dé. Bhí sé ag mhúnlú do shaoil agus chuir sé a chuid féin ionat le go bhféadfá a bheith i do leanbh leis.
Is Athair cineálta é Dia a bhfuil grá íon, neamhchoinníollach aige duit, an grá is flaithiúla dá bhfuil ann. Grá gan teorainn, gan choinníoll.
B’fhéidir gur chuala tú trácht ar Dhia agus ar a chumhacht mhór, b’fhéidir ó scéalta daoine eile nó ó na rudaí a chonaic tú i ndaoine, ach inniu, ba mhaith le Dia é féin a nochtadh duit mar d’Athair.
B’fhéidir go bhfaca tú mar do leigheasóir, do chosantóir nó do sholáthraí é go dtí seo, ach anois tá sé ag iarraidh teacht go díreach chuig do chroí le go dtuigfidh tú go bhfuil Athair grámhar agat ann nach dtréigfidh tú choíche, ach a bheidh leat i gcónaí.
Is é Dia ár nAthair Naofa, lán de chineáltas, de thaise agus de thrócaire. Is maith an Dia é! Is an oiread sin grá a bhí ag Dia don domhan gur thug sé a Aonghin Mic, ionas nach gcaillfí gach duine a chreideann ann, ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige. Thug Dia a Mhac ar son a ghrá dúinn, ag léiriú cé chomh tábhachtach is atá tú dó.
Tar i ngar do Dhia gach lá, bíodh aithne agat air agus bain taitneamh as a ghrá agus as an tslánaíocht a bhronn sé ort. (Eoin 3:16)
Mar bhíos truáighe ag athair dá chloinn, is marsin atá truáighe ag an TTIGHEARNA don lucht air a bhfuil a eagla.
Uime sin comhnuigheadh an ní do chúalabhair ó thosuigh ionnuibh. Dá gcomhnuighidh an ní do chúalabhair ó thosuigh ionnuibh, biáidh sibhse mar an gcéudna bhur gcómhnuighe sa Mhac, agus sa Nathair.
Isé Día athair na ndílleacht, agus breithiomh na mbaintreabhach, a nionad comhnuidhe a náomhthachta.
Eín Ndía agus Athair na nuile, noch atá ós cionn na nuile, agus trés na huilibh, agus ionnuibhse uile.
Tuguidh dá bhur naire, créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: is uime so nach aithnidh don tsáoghal sinn, do bhrígh nach aithnidh dhó eisean.
Mar an gcéadna ní hí toil bhur Natharsa a tá ar neamh, go rachadh éinneach do na dáoinibh a mugha.
Ar a nadhbharsin, ma atá a fhios agaibhsi atá olc, tiodhluicthe maithe do thabhairt dá bhur gcloinn, a né nach mó ná sin do bhéuraidh bhur Nathairse atá air neamh neithe maithe don dreim iárrus air iád?
As iomdha tíaghais a dtigh Matharsa: agus muna mbeith, dinnéosuinn dháoibh é. Atáim ag dul dullmhughadh áite dháoibh.
Agus gidh bé ní íarrfuidhe am ainmsi, do dhéuna misi sin: do chum go ndéanfaidh an Tathair glórughadh ann sa Mhac.
Gidheadh ní bhfuil aguinne achd áon Ndía amháin, an Tathair, ó a bhfuilid na huile neithe, agus sinne annsan: agus éin Tighearna Iósa Críosd, tré a bhfuilid na huile neithe, agus sinne thrídsion.
An té nár choigill a Mhac díleas féin, achd tug air ar soinne uile é, cionnas nach ttiodhluicfeadh sé dhúinn gach uile ní maille ris?
Gan amharus is tú ar nathair, bíodh nach aithnid do Abraham sinn, agus nach admhann Israel sinn: is tusa, a THIGHEARNA, ar nathair, ar slanaightheóir; atá hainm o shíorruidheacht.
Ná bíodh eagla ort, a thréd bheag; oir a si toil bhur Nathar an rioghachd do thabhairt dáoibh.
Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann.
Agus guidhfidh misi an Tathair, agus do bhéura sé Comhfhurtuifhtheóir eile dhaóibh, ionnus go bhfanfadh sé bhur bhfochair go bráth;
Do bhéur cead don tí bheireas buáidh suidhe maille riom um chatháoir riogha, amhuil fós rug mise buáidh, agus shuighim a bhfochair Mathair ann a chatháoir ríoghasan.
As so do gheibh Mathairsi glóir sibhsi do thabhairt móráin toraidh; agus bheithí bhur ndeisciobluibh agamsa.
Acht anois, a THIGHEARNA, is tú ar nathair; is sinne an chré, agus is tusa ar ccumadóir; agus sinne uile obair do láimhe.
Gidh bé agá bhfuilid maitheantasa, agus choimhéadas íad, as é sin ghrádhuigheas misi: agus gidh be ghrádhuigheas mise gráidhéochaidh Mathair eisean, agus gráidhéochuidh misi é, agus foillseochad mé féin dó.
Agus a dubhairt sé, Abbá, a Athair, a tá gach ní soidhéanta dhuitsi; cuir an cupánso thoramsa: gidheadh nár ab é an ní bhus toil leamsa, achd an ní bhus toil leachdsa.
Achd cheana, an tan do ni tusa urnuighe, imthigh a sdeach aun do sheómra, agus ar dhunadh do dhoruis duit, guidh Hathair féin ata a bhfolach; agus do bhéaraidh Hathair do chí a bhfolach luáigheachd ós áird duit.
Féachaigh ar éunlaith a naiéir: oír ni chuirid siól, agus ní bheanuid siád, agus ní chruinnighid síad ann an sgíobólaibh; gidheadh beathaighidh bhur Nathair neamhdhasa iád. A né nach fear sibhsi go mór na iádsan?
Achd an mhéid do ghabh chuca é, tug sé cumhachda dhóibh bheith na gcloinn ag Día, eadhon don droing chreideas ann a ainmsean:
As a núas atá gach deaghthabhartus agus gach tíodhlacadh diongmhálta, ag teachd ó Athair na soillse, ar nach dtéid athrughadh, ná fíu sgáile cláochlóigh.
Mar do chuir an Táthair béo misi uádh, agus mhairimsi trés a Nathair: as mar sin fós gidh bé itheas misi, mairfidh sé fós thríom.
Air a nadhbharsin déanaidhsi bhur nurnúighe mar so. Ar Nathaír atá ar neamh, Náomthar hainm.
A Athair, is áill leam, an dream úd thug tú dhamh, do bheith am fhochair mar a bhfuilim; ionnus go bhfaicfidís mo ghlóir, noch thug tusa dhamh: óir do ghrádhuigh tú mé suil do chrúthuigheadh an domhan.
A dubhairt Iósa ris, As misi an tslighe, agus a nfírinne, agus a bheatha: ní thig áonduine chum a Nathar, achd tríomsa.
Tháinig mé amach ó Nathair agus tháinig mé air a tsáoghal: fágbhuim an sáoghal, a ris, agus téighim chum a Nathar.
Agus a dubhairt an sgríobuidhe ris, Is maith, a Mhaighisdir, a dubhairt tú an fhírinne: as éin Día a tá ann; agus ní bhfuil atharrach ann achd é féin:
Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Gidh bé ghrádhuifheas misi, coimheudfuidh sé mo bhriathar: agus gráidheochuidh Mathair é, agus tiocfamaóid chuige, agus do dhéunam comhnuidhe aige.
Achd muna maithtisi a gcionta do na dáoinibh, ni mhaithfidh bhur Nathair féin dáoibhsi bhur gcionta.
Ar a nadhbharsin ar na bhreith súas lé láimh dheis Dé, agus ar bhfagháil an Spioraid Náoimh do reir gheallamhna a Nathar, do dhóirt sé amach an nísi, do chíthísi a nois agus do chluintí.
A tá gach uile ní ar na thabhairt dhamhsa ó Máthair: agus ní háithnidh déinneach an Mac, achd do Náthair; agus ní báithnidh deinneach an Tathair, achd don Mhac, agus dá gach áon dár ab áill leis an Mac a fhoillsiughadh.
Agus do bhrígh go bhfuiltí bhur gcloinn, do chuir Día úadh ann bhur gcroidhthubh Spiorad a Mhic féin, ghoireas, Abbá, Athair.
Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair.
Dá bhfuilnge sibh smachdughadh, atá Día dhá fhoráileadh féin oruibh amhuil air chloinn; oír cía hé an mac nach smachduigheann an tathair? Achd dá raibh sibh gan an smachdughadh, roinntear ris na huilibh, go deimhin as basdaird sibh, agus ní maca. Do bhádar fós ar naithreacha colluidhe aguinn na luchd smachduighthe, agus do bheirmís urruim dhóibh: a né nach ro mhó ná sin do bhéuram úmhlachd Dathair na spiorad, agus bíam béo?
Oír do shealbhuidh tú mo dhubháin: dfoluigh tú mé a mbroinn mo mhathar. Molfa mé thú; do bhrígh go ndéarnadh mé go hiongantach agus go húathbhasach: is oirdheirc hoibreacha; agus atá a fhios sin aig manamsa go ro mhaith.
Achd an mhéid do ghabh chuca é, tug sé cumhachda dhóibh bheith na gcloinn ag Día, eadhon don droing chreideas ann a ainmsean: Nach bhfuil ar na ngeineamhain ó fhuil, ná ó thoil na colla, ná ó thoil fir achd ó Dhía.
Agus biáidh mé aguibh um Athair, agus biáidh sibhse bhar gcloinn mhac agus inghean agumsa, a deir Tighearna na Nuilechúmhachd.
Agus deirigh sé, agus do chuáidh sé dionnsuighe a athaar. Agus ar mbeith fós a gcíanúadh dhó do chonnaire a athair é, agus do ghabh truáighe mhór dhó é, agus ag rith dhó, do chrom sé fá na bhrághuid, agus do phóg sé é.
Agus cía againbhsi athair ar a níarrfadh a mhac arán, do bhéaradh cloch dhó? Nó dhá niárradh sé iásg, do bhéaradh nathair nimhe a nionad éisg dhó? Nó dá niárradh sé úgh, an dtiobhradh se scorpion do? Ar a nadhbharsin, más eól dáoibhsi air mbeith go holc, tiodhluice maithe do thabhairt da bhur gcloinn, an é nach mó ná sin bhéaras bhur nathairse ó neamh an Spiorad Náomh don during íarrfas air é?
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do aithghin sinn do réir a mhórthrócaire chum béomhuinighne tré eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh.
Beathochuidh sé a thréud amhúil áodhaiare: cruinneochaidh se na huáin le na láimh, agus iomchoruidh sé iona ucht íad, agus tiomáinfidh go mín an chuid iona mbí óig.
Agus do réimhchinn sé dhúinne bheith aige féin a náit cloinne tré Iósa Críosd ar a shon féin, do réir dheaghfhuinn a thola féin,
Uime sin má deirséirghe sibh má ráon ré Críosd, íarruidh na neithe atá shúas, sa nionad ann a bhfuil Críosd na shuídhe ar deis Dé.
An bhféadann bean leanabh a cích do thréigion, as nach bíath trúaighe aice do mhac a bronn? a seadh, féaduid síad a dhearmad, gidheadh ní dhearmodfa misi thusa. Féuch, do ghrean mé thú ar chlár mo dheárnainne; atáid do bhalladha a ccomhnuigh am lathair.
Achd cheana atá grúag bhur gceinnse uile ar na comháireamh. Ar a nádhbharsin na bíodh eagla oraibh, is fear sibhsi ná mórán gealbhánn.
Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid.
Grása maille ribh, agus sióthcháin ó Dhía ar Nathair, agus ón Dtighearna Iósa Críosd.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na trócaire, agus Día na huilé fhurtachda;
Agus do aithneamhar agus do chreideamar an grádh atá ag Día dhúinn. Is grádh é Día; agus an tí chomhnuigheas a ngrádh, comhnuighe sé a Ndía, agus Día annsan.
An TIGHEARNA mo charruic, agus mo dhaingean, agus mfear sáortha; mo Dhía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo dhóthchus; mo scíath, agus adharc mo shlánuighthe, mo ionad árd.
Agus fóirfidh mó Dhíasa gach uile uireasbhuidh dhá mbía oruibhse do réir a sháidhbhris maille ré glóir a Níosa Críosd.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Oír atá sibh uile bhur gcloinn ag Día tré chreideamh a Niósa Críosd. Oír an mheid aguibh do baisdeadh a Gcríosd do chuireabhair Críosd iomuibh.
A dubhairt Iósa ris, An bhfuilim a nfasda dhaimsir bhur bhfochair, agus nach aithnidh dhuit mé, a Philib? gidh bé chunnairc Misi, do chunnairc sé an Tathair, agus cionnas a deir tusa, Taisbén duinn an Tathair?
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.