Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 2:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Ach maidir libhse, maireadh agaibh an ní a chuala sibh ó thús. Má mhaireann agaibh ar chuala sibh ó thús, mairfidh sibhse freisin sa Mhac agus san Athair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 Fanadh ar chuala sibh ó thús ionaibh. Má fhanann ar chuala sibh ó thús ionaibh, fanfaidh sibhse sa Mhac agus san Athair.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Maidir libh‐se, an teagasc do chualabhar ó thús, cómhnuigheadh sé ionnaibh. Má chómhnuigheann an nidh do chualabhar ó thús ionnaibh, béidh sibh ’n‐bhur gcómhnaidhe san Mac agus san Athair mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Uime sin comhnuigheadh an ní do chúalabhair ó thosuigh ionnuibh. Dá gcomhnuighidh an ní do chúalabhair ó thosuigh ionnuibh, biáidh sibhse mar an gcéudna bhur gcómhnuighe sa Mhac, agus sa Nathair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 Ach maidir libh-se, maireadh agaibh an ní a chuala sibh ó thús. Má mhaireann agaibh ar chuala sibh ó thús, mairfidh sibh-se freisin sa Mhac agus san Athair.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 2:24
27 Tagairtí Cros  

Cuirim do bhriathar i bhfolach i mo chroí; sula ndéanfainn peaca ort.


Ná déan an fhírinne riamh a dhíol, ach í a cheannach, mar an gcéanna le heagna, le smacht, agus le tuiscint.


de réir mar a thug siad siúd scéala dúinn a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl orthu, agus ina seirbhísigh don bhriathar;


“Gabhaigí chugaibh na briathra seo in bhur gcluasa, óir tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do dhaoine.”


D'fhreagair Íosa: “Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis, “coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m'Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis.


Má fhanann sibh ionamsa agus má fhanann mo bhriathra ionaibh, iarrfaidh sibh cibé ní is mian libh agus déanfar daoibh é.


An té a itheann m'fheoil agus a ólann m'fhuil cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.


Dúirt siad leis ansin: “Cé hé thú féin?” Dúirt Íosa leo: “Cén fáth a bhfuilim ag caint libh ar aon chor?


Tá a fhios agaibh féin, a mhuintir Fhilipí, nuair a d'fhág mé an Mhacadóin ag tosú ar an tsoiscéalaíocht, nach ndeachaigh aon eaglais i bpáirtíocht ná i gcomhar liom sa ghnó ach sibhse amháin.


Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí.


Ní mór dúinn, mar sin, aird níos mó ná riamh a thabhairt ar a bhfuil cloiste againn le heagla go n‑imeoimis le sruth.


Mar ní bheimid i gcomhpháirt le Críost ach ar an gcoinníoll go gcoinnímid ár gcéadmhuinín daingean go dtí an deireadh.


Fógraímid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeadh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost.


Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.


A chairde cléibh, ní aon nua-aithne a scríobhaim chugaibh ach an tseanaithne atá agaibh ó thús, agus sí an tseanaithne sin an focal a chuala sibh.


An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn.


Mar seo a thuigimid go mairimid ann agus go maireann seisean ionainn, gur bhronn sé orainn riar dá Spiorad féin.


Cibé admhaíonn gurb é Íosa Mac Dé maireann Dia ann agus maireann seisean i nDia.


Agus is feasach dúinn agus creidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia agus an té a mhaireann sa ghrá maireann i nDia agus maireann Dia ann.


i ngeall ar an bhfírinne a mhaireann buan ionainn agus a mhairfidh ionainn go brách:


Gach duine a leanann leis ar aghaidh agus nach gcloíonn le teagasc Chríost ní shealbhaíonn Dia. An té a chloíonn leis an teagasc sealbhaíonn sé sin an tAthair agus an Mac.


Bhí an-áthas orm, ar theacht do chuid de na bráithre, gur thug siad teastas ar do fhírinne, mar atá, go siúlann tú san fhírinne.


Ní fada go dtiocfaidh mé; coinnigh do ghreim ar a bhfuil agat, i dtreo nach sciobfadh aon duine do choróin.


Cuimhnigh más ea cad a ghlac tú agus a chuala tú, agus coinnigh do ghreim agus déan aithrí. Mura ndúisí tú, tiocfaidh mé mar ghadaí agus ní bheidh a fhios agat cén uair a thiocfaidh mé ort.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí