Nuair a thagann tú i ngar don Athair, tagann tú i ngar don Mhac freisin, mar is aon iad araon.
Bhíodh muid i bhfad ónár nAthair roimhe seo, mar gheall ar ár mbotúin agus ár bpeacaí. Bhí balla eadrainn, ag scaradh uainn. Ach is mór a ghrá agus is fairsing a thrócaire, agus níor mhian leis fanacht scartha uait a thuilleadh, a chuid is luachmhaire dá chruthú.
As an ngrá dochreidte sin, gan choinníoll ar bith, a chuir sé a Aonghin Mic chun báis ar do shon; mac gan smál ná locht, gan pheaca ná claonadh, foirfe ar gach aon bhealach. Rinne sé é seo ionas nach mbeadh aon bhac ort teacht ina láthair agus a ainm a adhradh.
Chun teacht chuig an Athair, caithfidh tú teacht chuig Íosa, agus glacadh leis mar an t-aon Slánaitheoir leordhóthanach. Ansin, glanfaidh a chuid fola thú ó do pheacaí, agus beidh tú i do leanbh de Dhia.
Níl aon leithscéal ann gan teacht ina láthair anois; tá an brat tógtha agus tá saoirse iomlán agat bheith sásta agus grá a thabhairt do do Chruthaitheoir.
Ná déan dearmad ar Íosa i do shaol laethúil, bí buíoch as an íobairt a rinne sé ar do shon, agus lorg é le do chroí go léir. Ná bí beo gan a ghrásta, ná scar óna lámh, ná cas do dhroim ar an ngrásta álainn sin atá nochtaithe i do shaol chun tú a shlánú.
Thar aon rud eile, gráigh Dia le do chroí, d’anam agus d’intinn, agus siúl leis i gcónaí. Mar níl ach aon Dia amháin, agus aon idirghabhálaí amháin idir Dia agus daoine, Íosa Críost fear. (1 Tiomóid 2:5)
Mar aithnigheas an Tathair misi, agus aithnighimsi an Tathair: agus do bheirim manam ar son na gcáorach.
Achd ionnus go naithéonadh an sáoghal gur ab ionmhuin léam an Tathair; agus amhuil mar thug an Tathair áithne dhamh, is mar sin do ním. Eirghidh, déunam as so.
Oír do thuirrling mé ó neamh, ní do chum go ndéanainn mo thoil féin, achd toil an té do chuir uádh mé.
Tháinig mé amach ó Nathair agus tháinig mé air a tsáoghal: fágbhuim an sáoghal, a ris, agus téighim chum a Nathar.
A dubhairt Iósa ríu a rís, Siothcháin maille ribh: mar do chuir an Tathair misi úadh, cuirimsí sibhse uáim mar an géudna.
Gach ní bheir an Tathair dhamh tiocfaidh sé chugam; agus an té thig chugam ní theilgfe mé amach é.
Thaínig misi a nainm Mathar, agus ní ghlactháoise mé: má thig neach eile ann ainm féin, géubhtháoi chugaibh é.
A dubhairt Iósa ríu, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Go bhuilimsi ann suil do bhi Abrahám.
Ar a nadhbharsin do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riú, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Nach éidir leis an Mac éinní a dhéunamh uádh féin, achd an ní chí sé ag a Nathair dá dhéunamh: oír gidh bé neithe do ní seision, do ní fós an Mac iád mar an gcéadna.
Agus gur thuirrling an Spiorad Náomh a bhfioghair chorpardha mar cholum air, agus do dtáinic guth ó neamh, ag rádh, Is tú mo Mhac grádhachsa; is ionnadsa a tá mo dheaghthoil.
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
Do chum go nonórfadh gach uile dhuine an Mac, mar onóraid siad an Tathair. An té nach onóruigheann an Mac ní onóruigheann sé an Tathair do chuir uádh é.
Ann sa tosach do bhí an Bhriathar, agus do bhí ab Bhriathar a bhfochair Dé, agus do bé Día an Bríathar.
Tabhair dod aire, bíaidh maighdean tórrach, agus bearuidh sí mac, agus do bhéaruidh tú Emmanuel dainm air, noch ar na mhiniughadh, iseadh, Día maille rinn.
An sa lá sin áitheontaói go bhfuilímsi sa Nathair, agus sibhsi ionnama, agus misi ionnuibhsi.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na trócaire, agus Día na huilé fhurtachda;
Grása maille ribh, agus sióthcháin ó Dhía ar Nathair, agus ón Dtighearna Iósa Críosd.
Má choimhéudtaói maitheanta, fanfuidhe am grádh; mar do choimhéud misi aitheanta Mathar, agus fanuim ann a ghrádh.
As mise Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh, a deir an Tíghearna, an tí atá, agus do bhí, agus bhías an tí atá Uilechúmhachdach.
Oír grádhuighidh an Tathair an Mac, agus foillsighidh sé na huile neithe do ní sé féin dó: agus taisbeúnfuidh sé oibreacha mó ná iád so dhó, do chum go mbeith iongantus oruibhsi.
A deir seisean ríu, Achd créd a deir sibhsi cía mé? Agus ar bhfreagra do Shímón Peadar a dubhairt sé, Is tusa Criósd, Mac Dé bhí.
Ar mbeith dhúinn ag fuireach ris an muinghin bheannuighe, agus re teachd deallruigheach ghloire an Dé mhóir eadhon ar Slánaightheóra Iósa Críosd;
Agus, féuch, cuirfidh misi gallamhun Mathar féin chugaibh: achd fanoidh a gcathair Iárusalém, no go gcuirthear cumhachda a núas umuibh.
Agus a dubhairt Iósa, A Athair, maith dhóibh; óir ní bhfuil a fhios aca créd do nid síad. Agus an roinn a éaduighsion, do theilgeadar crannchar orthu.
Agus do rinneadh féoil don Bhreithir, agus do chomhnuigh sé eadruinne, (agus do chunncamar ghlóirsion, mar ghlóir éingheine Mhic an Athair,) lán do ghrásuibh agus dfírinne.
Agus a dubhairt seision ríu, Créd fá rabhabhair dom lorgaireachdsa? An né nach raibh a fhios agaibh gur bhéigin damhsa bheith ag déanamh ghnódhaighthe Mathar?
Do labhair sé rinne sna laéthibh deigheanachasa trés an Mac, do órduigh sé na oighre air a niomlán, tré ar chrúthuigh sé fós an dómhan; Noch ar mbeith dho na dheallradh glóire, agus na iomháigh fhíre a phearsannsan, agus ag congmháil súas na nuile neitheann ré breithir a chúmhachd féin, ar nglanadh ar bpeacuighne dhó thríd féin, do shuigh sé ar láimh dheis na Mórghachda sna hárduibh;
Ní héidir lé neach ar bith teachd chugamsa, muna dtairrnge an Tathair do chuir uádh mé, é: agus dúiséochuidh misi é ann sa lá deigheanach.
Noch atá na iomháigh don Día dofhaicsigh, na chéidghin na nuile chreatúr: Oír is leisean do crúthuigheadh na huile neithe, noch atá ar neamh, agus ar talamh, sófhaicsigh agus dófhaicsigh, más árdchaithireacha íad, nó tíghearnuis, nó úachdaránachd, nó cúmhachda: as leision agus ar a shonsan, do crúthugheadh íad uile: Agus atá féin roimh na huile neithibh, agus is trídsion sheasaid na huile neithe a bhfochair a chéile.
Do chúalabhair go ndubhairt mé ribh, Imthighim, agus thigim chugaibh. Dá ngrádhuigheadh sibh misi, do bhíadh lúathgháir oruibh, do bhrígh go ndubhairt mé, Atáim ag dul chum a Nathar; óir as mó Mathair ná misi.
Do foillsigheadh na Mhac Dé a gcúmhachdaibh, do réir spioraid na náomhthachda, tré eiséirghe ó mharbhaibh:)
A dtimcheall a Mhic Iósa Críosd ar Dtighearna, (do gineadh do shíol Dháibhi do réir na féola; Luchd ithiomráidh, luchd fúathaighe Dé, luchd tarcuisne, dáoine uáibhreacha, mórdhálácha, luchd comtha uile, easúmhal daithreachaibh agus do mhaithreachaibh, Eigcéillidhe, neamhchoingheallach, gan ghrádh nadúrtha, doríartha, neamhthrócaireach: Noch, ar naithne dhlighe Dé dhóibh, (eadhon go dtuíllid luchd na ngníomhsa do dhéunamh bás,) achd mar an gcéudna cáomhnuid síad luchd a ndéunta. Do foillsigheadh na Mhac Dé a gcúmhachdaibh, do réir spioraid na náomhthachda, tré eiséirghe ó mharbhaibh:)
Agus ar nimtheachd dó beagán as sin, do leig sé é féin siós ar a aghuidh, ag déanamh urnuighe, agus ag rádh, A Athair, mas éidir é, gabhadh an cupánsa thoramsa: achd cheana na bíodh sé már is toil leamsa, achd mar is áill leatsa.
A dubhairt Iósa ris, As misi an tslighe, agus a nfírinne, agus a bheatha: ní thig áonduine chum a Nathar, achd tríomsa.
Achd atá a fhios aguinn go dtáinic Mac Dé, agus go dtúg sé tuigse dhúinn, ris an Día fhíre daithniughadh, agus atamuid sa Día fhíre sin, ann a Mhac Iósa Críosd. A sé so an fír-Dhía, agus an bheatha mharthannach.
Agus a sí so an fhíadhnuise sin, go dtug Día an bheatha mharthannach dhúinne, agus is ann a Mhac atá an bheathasa. An tí agá bhfuil an Mac aige atá an bheatha aige; an tí ag nach bhfuil Mac Dé ní bhfuil an bheatha aige.
Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.
Agus ar bhfreagra do naingeal a dubhairt se ría, Tuirléonguidh an Spiorad Náomh ort, agus foiléochaidh cumhachda an té as Airde thú: uime sin an ní náomhtha bhéaras tú goirfighear Mac Dé dhe.
Ar a nadhbharso as móide do smuáineadar na Iúdaidhe eisean do mharbhadh, tré nach é amháin gur bhris sé an tsabboíd, achd go ndubhairt sé fós gur bé Día a Athair féín, dá dhéanamh féin coimh ionann ré Día.
Noch, ar mbeith dhó a bhfoirm Dé, nár mheas sé na shlad bheith dhó coimionnun ré Día: Achd do chuir sé é féin a neamshúim, ar ndul dó a riochd shearbhfoghantuighe, ar na dhéunamh cosmhail ré dáoinibh:
Oír do rugadh leanabh dhúinne, tugadh mac dhúinn: agus biáidh an ríaghladh air a ghúaluinn: agus goirrfighear a ainm Iongantach, Comhairleach, An Día cumhachtach, An Tathair síorruidhe, An Prionnsa na Síothchána.
A dubháirt Iósa ría, Is misi a neiséirghe, agus an bheatha: gidh be chreideas ionnam, dá mbeith go mbiadh sé tár éis bháis, mairfidh sé: Agus gidh bé mhaireas agus chreideas ionnamsa ní bhfuighe sé bás go bráth. An gcreideann tú so?
Oír ní bhfuil árdsagart aguinn ris nách féidir ar néugcruáis a mhóthughadh; achd air ar cuireadh cáthughadh sna huile neithibh a gcosamhlachd rinn, gan pheacadh.
An té nár choigill a Mhac díleas féin, achd tug air ar soinne uile é, cionnas nach ttiodhluicfeadh sé dhúinn gach uile ní maille ris?
Agus ní bhfuil slánughadh a neach air bith eile: oír ní bhfuil ainm ar bith eile fáoi neamh ar na thabhairt do dháoinibh, lér ab éidir sinne shlánughadh.
Ar mbeith a fheasa aguibh nach lé neithibh truáillighe, ré hairgead ná hór do fúasgladh síbh ó bhur gcoinbhearsaid dhíomhaóin dár leanabhair do réir luirg na sinnsear; Achd ré fuil mhórluáidh Chríosd, amhuil uáin gan cháidhe gan lochd:
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do aithghin sinn do réir a mhórthrócaire chum béomhuinighne tré eiséirghe Iósa Críosd ó mharbhuibh.
Do labhair Iósa riú a rís, ag rádh, Is misi solus an dómhain: gidh bé leanus misi, ní shiobhalfa sé a ndorchadas, achd do ghéubha sé solus na beatha.
As misi Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh, an chéidneach agus an neach deigheanach.