Deir an Bíobla gur pheacaigh muid uile agus nach bhfuil muid in ann glóir Dé a bhaint amach. Ciallaíonn sé sin go scarann ár bpeaca sinn ó Dhia, atá go hiomlán naomh (díreach agus cóir), agus mar sin, caithfidh Dia breithiúnas a thabhairt ar an duine peacach.
Ach léirigh Dia a ghrá dúinn, fiú nuair a bhí muid inár bpeacaigh, trí Chríost a sheoladh chun bás a fháil ar ár son – de réir Rómhánaigh 5:8. Thug Dia plean slánaithe dúinn tríd an tSoiscéal i gCríost.
Iadsan againn a ghlac le Críost mar Shlánaitheoir, tá dualgas orainn an dea-scéal seo a scaipeadh agus é a roinnt le gach duine mórthimpeall orainn, ionas gur féidir leo, trí Íosa, an bheatha shíoraí a bhaint amach agus a bheith slánaithe trí Chríost a admháil mar a dTiarna.
Sna laethanta seo, ní féidir linn fanacht ina dtost; ní mór dúinn labhairt faoi ghrá Dé i ngach áit agus cabhrú le daoine a thuiscint go bhfuil dhá bhealach ann a threoraíonn chuig an mbeatha shíoraí, ag spreagadh dóibh an bealach a lorg a thabharfaidh iad go dtí na háiteanna neamhaí os comhair ríchathaoir Íosa.
Agus do bheirim an bheatha mharrthanach dhoibh; agus ni rachaid siád a mugha go bráth, agus ní fhúaideóchaidh eínneach as mo láimh iad.
Achd an mhéid do ghabh chuca é, tug sé cumhachda dhóibh bheith na gcloinn ag Día, eadhon don droing chreideas ann a ainmsean:
Oír ní bhfuil náire óram fá shoisgéal Chríosd: do bhrigh gur ab é cúmhachd Dé é chum slánaighe dá gach áon chreideas; don Iúdaighe ar tús, agus fós don Ghréugach.
Ar a nadhbharsin imthighidhsi, teaguisgidh na huile chineadhacham da mbaisdeadh a nainm a Nathar, agus an Mhic, agus an Spiorad Náoimh: Agus, féuch, do bhí crith mór talmhan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tighearna a núas ó neamh, táinic sé, agus diomlait sé an chloch ón dorus, agus do shuigh sé uirrthe. Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.
Agus a dubhradarsan, Creid ann sa Tighearna Iósa Críosd, agus sláineochthar thú féin, agus do thigh.
Agus a dubhairt sé ríu, Imthighidh ar feadh an domhain uile, déanuidh an soisgéul do sheanmóir do gach uile chreatúir.
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té éisdeas rém bhréithirse, agus chreideas don té do chuir uádh mé, atá an bheatha mharrthanach aige, agus ní thiocfa sé chum damnuighthel achd datharruigh sé ó bhás go beathaidh.
Ní thig an gaduidhe, achd do ghoid, agus do mhárbhadh, agus do mhilleadh: tháinig misi ionnus go mbíádh beatha aca agus go mbíadh sí ní is fairsinge aca.
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
Tuilleadh eile, a dhearbhráithre, atáim ag foillsiughadh an tsoisgéil díbh noch do sheanmhóir mé dhíbh cheana, noch do ghabhabhair chugaibh, agus ann a seasbhuighe mar an gcéudna; Achd tré ghrás Dé atáim mar atáim: agus ní raibh a ghrásasan do tiodhlaiceadh dhamh gan bhrígh; óir is mó an saothar do rinne mé ná iadsan uile: biodh nach misi fós, achd grás Dé maile riom. Uime sin giodh bé dhínn misi nó íadsan, as amhluidh so do nímíd seanmóir, agus as amhluidh so do chréideabhairsi. Agus má nithear Críosd a sheanmóir gur éiridh sé ó mharbhuibh, cionnus a deir cuid aguibhse nach bhfuil éiseirghe na marbh ann? Oír muna bhfuil eiséirghe na marbh ann, níor éiridh Críosd fós: Agus munar éiridh Críosd, go deimhin as diomhaóineach ar seanmoirne agus as diomhaóineach bhur gcreideamhsa mar an gcéudna. Agus geibhthear sinne fós ar bhfínné bréige ar Dhía; óir do rinneamar fíadhnuisi do tháobh Dé gur dhúisigh sé Críosd ó mharbhuibh: an tí nár dhuisigh sé, muna neíseirghid na mairbh. Oír muna néirghid na mairbh, níor éiridh Críosd féin fós: Agus munar éiridh Críosd, as díomhaóin bhur gcreideamhsa; atá sibh fós ann bhur bpeacadhaibh. Agus mar sin an mhéid do chodail a Gcríosd atáid ar ndul amúgha. Más sa mbeathasa amháin atá dóthchas aguinn as Chríosd, as sinn is mó do dhíol truáighe do na huile dhaóinibh. Agus tré a slánaighthear sibh fós, da gcongmhuidh sibh an bhríathar ionar sheanmóir mé dhíbh é, munar chreideabhair go diomhaóin.
Do sgríobh mé na neithese chuguibhse a dhream chreideas a nainm Mhic Dé; chum a fheasa do bheith aguibh go bhfuil an bheatha mharthannach aguibh, agus ionnus go gcreidfeash sibh a nainm Mhic Dé.
Oír asé as tuarasdal don pheacadh bás; achd asé tabhartus De an bheatha mhárrthanach tré Iosa Críosd ar Dtighearna.
As so do gheibh Mathairsi glóir sibhsi do thabhairt móráin toraidh; agus bheithí bhur ndeisciobluibh agamsa.
Oír gidh bé neach lé nab áill anam féin do choimhéd caillfidh sé é; agus gidh bé neach chaillfeas anam féin ar mo shonsa, agus ar son an tsoisgéil, coimhéudfaidh sé é.
Chum ar ghoir sé síbh tré ar soisgélne, chum gnoghuighe ghlóire ar Dtíghearna Iósa Críosd.
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té chreideas ionnumsa atá an bheatha mharrthanach aige.
O sin a mach do thionnsgain Iósa seanmóir do dhéanamh ag rádh, Déanuidh aithrighe: oír dhruid an rioghachd neamhdha ribh.
Do chúamar uile amhuil caóiridh ar seachrán; do chláonamar gach uile dhuine aguinn air ar slighe féin; do leag an TIGHEARNA airsion ar ccionta uile.
Féuch, is liomsa a nuile anam; mar anam a nathair, marsin is liom anam an mhic: éugfuidh an tanam, pheacochus.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Agus atáid ar na sáoradh a naisgidh ré na ghrásuibhsean trés an bhfúasgladh do rinneadh lé Híosa Críosd:
(Oír a deir sé, Do éisd mé riot a nám iomchubhaidh, agus a ló an tslánaighthe tug mé cabhair dhuit: féuch, a nois an tam iomchubhaidh; féuch, a nois lá an tslánaighthe.)
Air so aithéonaid na huile dháoine gur deisciobail dhamhsa sibh, má bhíonn grádh aguibh féin dá chéile.
Agus gidh bé neach do thréig tighthe, nó dearbhráithreacha, nó deirbhsheathracha, nó athair, nó mathair, nó bean, nó clan, nó dúthuidh ar son manmasa, do gheabha sé a chead oirid, agus an bheatha mharthanach mar oidhreachd.
Eadhon dá nadmha tú ód bhéol an Tighearna Iósa, agus dá gcreide tú ad chróidhe gur thóg Día é ó mharbhuibh, sláinéochthar thú.
Féuch, seasaim ag an doras, agus bím dhá bhuáladh: ma éisdeann einneach rém ghúth, agus go noisgeóluidh an doras, racha mé a steach chuige, agus íosad mo shuipéir maille ris, agus eision maile riomsa.
Oír is mar sin do aithin an Tighearna dhínn, ag rádh, Do chuir mé thú mar sholas do na Cineadhachaibh, agus marshlánughadh go leithimlibh na talmhan.
Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé:
Achd geúbthaoi súbhailcighe chugaibh, ón Spiorud Náomh thuirrleóngas óruibh, agus beithi bhar bhíadhnuisibh dhamhsa a Níarusalém, agus a ttír Iúdaighe uile, agus a Samária, agus go soithe leithimeal na talmhan.
Tugaidh búidheachus don TIGHEARNA; goiridh air a ainm: foillsighidh a measg na gcineadhach a ghníomhartha.
Agus glanfuidh Día gach uile dhéor ó na suilibh; agus ní bhiáidh bás ann ní sa mhó, ná caói, ná éighmhe, agus ní bhiáidh sáothar ann ní sa mhó: óir do chúadar na céidneithe thoruinn.
Uime sin is teachdaireadha sinn as uchd Chríosd, amhuil do chuirfeadh día impidhe oruibhsi thrídne: iarrmaóidni dathchuinge oruibh as uchd Chríosd, bíghidh réidh ré Día.
Achd náomhuígh an Tíghearna Día ann bhur gcróidhthibh: Agus bíghidh ullamh do ghnáth lé freagra thabhairt uáibh do gach aóinneach shireas oruibh réusun na muinighne atá aguibh maille ré ceannsachd agus ré faitcheas:
Oír gidh bé duine ghuidhfeas ainm an Tighearna, sláinéochthar é. Achd cionnas ghuidhfid síad an té ann nar chreideadar? agus cionnas chreidfid síad ann sa té nach ccúaladar teachd thairis? Agus cionnas chluinfid síad gan seanmóntuigh? Agus cionus do dhéanuid siad seanmóir, muna chuirtear chuige íad? Mar atá sgríobhtha, O créd é bréaghachd chos na muinntire shoisgéulas an tsiothchain, shoisgéulas neithe maithe!
Achd cionnas ghuidhfid síad an té ann nar chreideadar? agus cionnas chreidfid síad ann sa té nach ccúaladar teachd thairis? Agus cionnas chluinfid síad gan seanmóntuigh? Agus cionus do dhéanuid siad seanmóir, muna chuirtear chuige íad? Mar atá sgríobhtha, O créd é bréaghachd chos na muinntire shoisgéulas an tsiothchain, shoisgéulas neithe maithe!
Achd boidh go ndéanamáoisne, no aingeal ó neamh, soisgéul eile do sheanmóir dháoibh tar an tsoisgéul do rinneamar do sheanmóir dháoibh cheana, bíodh sé malluighe. Amhuil a dubhramar roimhe, a deirim a nois a rís mar an gcéudna, Cía bé dhéanas soisgéul do sheanmóir dháoibh leith amuígh dhe súd do ghabhabhair chuguibh, bíodh sé malluighthe.
¶ Cred é scíamhuidhe ar na sléibhtibh atáid cosa an té do bheir scéala maithe leis, fhuagras síothcháin; do bheir scéala maithe leis ar mhaith, fhoillsigheas slánughadh; noch a deir ré Sion, Atá do Dhía a ríoghacht!
A dubhairt Iósa ris, As misi an tslighe, agus a nfírinne, agus a bheatha: ní thig áonduine chum a Nathar, achd tríomsa.
Agus ní bhfuil slánughadh a neach air bith eile: oír ní bhfuil ainm ar bith eile fáoi neamh ar na thabhairt do dháoinibh, lér ab éidir sinne shlánughadh.
Is sibhsi solus an domhain. Ní héidir cathair atá ar na suighiughadh ar shlíabh dfolach. Agus ní lasaid dáoine coinneal do, chum go gcuirfidis fa bhéul buiséal í, achd a gcoinnléoir; agus ní sí solas dá a mbíonn a stigh. Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.
Siúbhluidh go héagnuidhe a dtáobh na druinge atá a muíth, ar mbeith dhíbh ag fúasgladh na haimsire. Bíodh bhur gcomhrádh do ghnáth grásamhuil, ar na thumadh a salann, ionnas go mbíadh a fhios aguibh cionnas as coir dhíbh gach áon do fhreagra.
Agus a sí so an fhíadhnuise sin, go dtug Día an bheatha mharthannach dhúinne, agus is ann a Mhac atá an bheathasa. An tí agá bhfuil an Mac aige atá an bheatha aige; an tí ag nach bhfuil Mac Dé ní bhfuil an bheatha aige.
Oír is maith agus is geannamhuil so a bhfíadhnuise Dé ar Slánaightheóir; Ré ar mían na huile dháoine sháoradh, agus íad theachd chum eólais na fírinne.
Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.
Déuna an bríathar do sheanmóir; bí dúthrachdach a nám, agus a nanám; spreag, smachduighe, agus teaguisg maille ris a nuile cheannsachd agus fhoirceadal.
Ata Spiorad an Tighearna DIA orumsa; do bhrígh gur ung an TIGHEARNA mé do sheanmóir sgéula maithe do na ceannsuighibh; do chuir sé mé do cheangal súas na ccroidhthe mbriste, dfúagra saóirse do na braighdibh, agus oscuilte an phríusúin don druing atá ceangailte;
Canuidh don TIGHEARNA, beannuighidh a ainm; foillsighidh a shlánughadh ó ló go ló. Innsighidh a measg na ngeinteadh a ghlóir, a ionganta a measg na nuile phoibleach.
Agus mar sin do choimhéignidh mé mé féin chum an tsoisgéil do sheanmórughadh, ní sa nionad ionar hainmnigheadh Críosd, deagla mobair do thogbháil damh ar fhunndameint dhuine eile:
Agus ar mo shonsa, ionnus go dtiubhartháoi dhamh cumas labhartha, a nosgladh mo bhéil maille ré danach, chum seicreide an tsoisgéil do fhoillsiughadh dhamh. Tabhair onóir dod athair agus dod mhathair; (noch as é chéud áithne maille ré geallamhuin;) Dá bhfuilim um theachdaire a ngéibheann: ionnus go ndéunuinn danachd labhartha as, mar as éigean damh lábhairt.
A dubhairt Iósa ríu a rís, Siothcháin maille ribh: mar do chuir an Tathair misi úadh, cuirimsí sibhse uáim mar an géudna.
Fill dod thigh féin, agus innis meúd na neitheann do rinne Día dhuit. Agus do imthigh seision, ar feadh na caithreach uile ag innisin créd íad na neithe do rinne Iósa dhó.
A deir sé an tansin re na dheisgioblaibh, Go deimhin is mór an fóghmhair, agus is beag an luchd oibre; Uime sin guidhidh Tighearna an fhóghmhair, luchd oibre do chur a mach ehum a fhóghmhair féin.
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Ar a nadhbharsin giodh bé aidmhéochas misi eision a bhfíaghnuisi Mathair atá ar neamh. Agus gidh bé shéanfas misi a bhfíaghnuisi na ndáoine, séanfuidh misi eisean an bhfíaghnuisi Mathair a tá ar neamh.
Uime sin foráileam thrídsion do ghnáth íodhbairt mholta do Dhía, eadhon toradh na mbéol admhuigheas a ainm.
Do bhí mé do na dáoinibh anbhfann mar dhuine anbhfann, amhuil mar do bheinn meirbh chum na ndáoine anbhfann do ghnodhughadh dhamh: Do bhí mé sa nuile chrúth do na huile dháoinibh, chum go sáorfuinn cuid éigin ar gach uile chor.
Amháín iomchruidh sibh féin go cubhaidh do shoisgéul Chríosd: ionnas dá dtigidh mé agus go bhfaicfeadh sibh, nó dá raibh mé uáibh, gi bhfuighead sgéula oruibh, go bhfuiltí ag fuireach a náoin Sbioruid, agus ag cur lé chéile déininntinn a gcreideamh an tsoisgéil;
Oír ní sinn féin do nímid do sheanmóir, achd Iósa Críosd an Tighearna; agus sinn féin do bheith dháoibhse ar searbhfhoghantuighibh ar son Iósa. Oír a sé an Día, do aithin don tsolas soillsiughadh as an dorchadus, do dhealruidh ann ar gcroidhibhne, chum soillsi éolais ghlóire Dé do thabhairt uáinn a ngnúis Iósa Críosd.
Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta. Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile; Ná bíghidh leisgeamhuil a ngnothuighibh; Bíghidh ar fiuchadh ann bhur spioraid; ag déanamh seirbhísi don Tighearna; Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe; Ag cómhroinn ris na náomhaibh iona ríachdanusaibh; ag gnáthughadh luchd áoidheachda do ghlacadh. Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim dhíbhreas síbh: tabhruidh bhir mbeannachd dóibh, agus na malluidhe íad. Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi. Go madh háontoil dhíbh ré chéile. Ná bígidh áirdinntinneach, achd cumaidh sibh féin ris a ndreim is ísle. Nó bighidh glic ann bhur mbaramhluibh féin. Na déanaidh olc a naghaidh uilc ar éainneach. Bíodh cúram na neitheann maith oraibh a bhfíadhnuise na nuile dháoine. Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna. Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Oír bíodh go ndeanuinn an soisgéul do sheanmórughadh, ní bhfuil adhbhar máoithfeachuis agam: do bhrígh go bhfuil sé na éigean oram; agus, as trúagh dhamh, muna ndéana mé an soisgéul do sheanmórughadh!
Achd da siubhlam sa tsolas, amhuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré chéíle, agus glanuidh fúil Iósa Críosd a Mhicsion sinn ó nuile pheacadh.