A chara, smaoinigh ar an nglanadh. Is é croílár an scéil go mbaintear aon rud a chuireann scaradh eadrainn féin agus Dia asainn, agus go n-athbhunaítear an caidreamh sin leis. Ní mór dúinn an glanadh seo a shaothrú chun naofaíocht a bhaint amach agus chun maireachtáil de réir na bprionsabal agus na reachtanna atá leagtha amach sa Bhíobla.
Is eol dúinn go bhfuil Dia naofa agus cóir, agus go nglaonn sé orainn a bheith naofa mar atá sé féin naofa (1 Peadar 1:16). Mar sin, tá sé ríthábhachtach go dtéimid i ngar do Íosa gach lá le go nglanfar sinn lena chuid fola luachmhar.
Ós rud é go dtagann fíorghlanadh ón taobh istigh, ón gcroí, iarrann Íosa orainn scrúdú a dhéanamh ar ár n-inspreagadh agus ar ár mianta is doimhne. Ligimid don Spiorad Naomh ár smaointe agus ár mothúcháin a ghlanadh.
Is claochlú leanúnach í an ghlanadh i saol gach creidmhigh. Gach maidin, bíonn dúshláin agus cathúcháin romhainn a d’fhéadfadh cur as dár gcaidreamh le Dia. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go mbeadh fonn orainn i gcónaí íonacht agus aithrí a lorg, agus muinín a bheith againn san ngrás agus sa mhaithiúnas a thairgeann Dia dúinn trí Íosa.
Faoimid saoirse sa ghlanadh. Nuair a bhímid saor ó chuing an pheaca agus ó dhrochchinntí, is féidir linn caidreamh níos dlúithe a bheith againn le Dia agus taitneamh a bhaint as comhaltas níos doimhne lenár gCruthaitheoir.
Druidigh ré Día, agus druidfé sé ribh. Glanuidh bhur lámha, a pheacacha; agus glanuigh bhur gcroídhthe, a luchd na dá intinne.
A né nách ro mhó ná sin dhéunas fuil Chríosd, noch do fhoráil é féin gan cháidhe do Dhía trés an Sbiorúid shíorruidhe, bhur ccoinnsíassa ghlanadh ó oibreachuibh marbha chum seirbhíse do dhéunamh don Día bheó?
Uime sin a dhearbhráithre grádhacha, ar bhfagháil na ngeallamhnachsa dhúinn, glanum sinn féin ó uile shalchar na féola agus na spioruide, ag críochnughadh náomhthachda a neagla Dé.
Deuna trócaire orum, a Dhé, do réir do thrócaire móire: do réir ro iomaid do thruáighe scrios amach maindlighthe. Cruthaigh ionnam croidhe glan, a Dhé; agus athnúaghaidh ann mo mheadhón spiorad iomlán. Ná teilg mé seachad od fhiaghnuise; agus ná beír do spiorad náomhtha uáim. Aisig dhamh gáirdeachus do shlánuighthe; agus connuimh súas mé le spiorad shaóir. Ann sin múinfidh mé do shlighe do chiontachaibh; agus iompóchthair peacacha chugadsa. Sáor mé ó fhuil, a Dhé, Día mo shlánuighthe: agus foillseochaidh mo theanga thfíréantacht ós áird. A THIGHEARNA, foisgeola tú mo phuisíne; agus foillseochuidh mo bhéul do mholadh. Oír ní íarrann tú íodhbairt; agus go ttiubhruinn sin uáim: ní bhfuil dúil agad a nofráil loisge. Is íad íodhbartha Dé spiorad briste: ar chroidhe bhriste chomhbrúighte, a Dhé, ní dhéanair tarcuisne. Déan maith do Shion ó do dheaghthoil féin: cuir súas balladha Ierusalem. Annsin biáidh fonn agad a níodhbairt na fíréuntachda, a nofráil loisge agus a nofráil chnaóite go hiomlán: annsin do dhéanaid bulóga óga do thoirbhirt air haltóir. Nigh mé ó mo chiontaibh go hiomlán, agus glan mé ó mo pheacaidh.
Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.
¶ Ionnluidh sibh féin, glanuidh sibh féin; cuiridh uáibh olc bhur ngníomh as mo radharc; sguiridh do dhéanamh uile;
Tigidh anois, agus déanum réusún re chéile: a deir an TIGHEARNA: mátá go bhfuilid bhur bpeacaidhe amhuil scáirléad, béidh síad coimhgheal ré sneachda; mátá go bhfuilid dearg mar chrimson, béidh síad amhuil olann.
A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, achd ní léir fós créd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn, an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris; óir do chífeam é do réir mar atá sé. Oír dá ndáoruidh ar gcroidhe sinn, as mó fós Día ná ar gcroidhe, agus atá fios na nuíle neitheann aige. A cháirde, muna ndáoruigh ar gcroidhe sinn, as éidir linn bheith dána ar Dhía. Agus gach ní shirmid, do gheibhmíd úadh é, do bhrígh go gcoimhéudamaóid a aitheanta, agus go ndéunamaóid na neithe ar a bhfuile gean aige. Agus a sí so a áithne, Go ccreidfeadh sinne a nainm a Mhic Iósa Críosd, agus a chéile do ghrádhughadh, réir na háithne tug seision dúinn. Oír an tí choimhéudas a aitheanta comhnuighe sé ann, agus eisean annsan. Agus is as so aithnighemíd eisean do bheith na chomhnuighe íonnuinn, as an Sbioruid tug sé dhúinn. Agus gach neach agá bhfuil an mhunighinse aige annsan, glanuidh sé é féin, do réir mar atá seisíon glan.
Annsin croithfidh mé uisge glan oruibh, agus beithí glan: ó bhur nuile shalchar, agus ó bhur nuile iodhaluibh, sgagfa mé sibh. Do bhéara mé fós croidhe núadh dhibh, cuirfidh mé spiorad núadh a stigh ionnuibh: agus beanfa mé an croidhe clochamhail amach as bhur bhfeóil, agus do bhéara mé croidhe féola dhibh.
Tug é féin air ar son, chum ar bfúasgalta ó gach uile pheacadh, agus chum ar nglanta ionnus go mbeimís ar pobal geanamhuil aige féín, ag leanmhuin go dúthrachdach do dheaghoíbrighibh.
A fhiora, bíodh grádh aguibh dá bhur mnáibh, mar do ghrádhuigh Críosd a neagluis, agus tug sé é féin air a son; Ionnus go ndéanadh náomtha í ar na glanadh dhó a nighe uisge trés an mbréithir,
Glanfuighear mórán, agus do dhéantar geal, agus deirbheochthar íad; acht do dhéanuid na drochdhaoine go holc: agus ní thuicfid áon do na ciontachaibh; acht tuicfid na heagnuidhe.
Agus a nois créd do bheir ag déunamh moilee thú? éirigh, gabh baisdeadh chugad, agus bí ar do ghlanadh ód pheacadhaibh, ar ngairm ar ainm an Tighearna.
O rinneabhair bhur nanmanna glan a númhlachd na fírinne trés an Spiorad chum grádha bráithreamhuil gan fhallás, bíodh grádh díoghraiseach aguibh dhá chéile ó chróidhe ghlan:
Agus gach neach agá bhfuil an mhunighinse aige annsan, glanuidh sé é féin, do réir mar atá seisíon glan.
Bí ginealach ann bhíos fíorghlan iona súilibh féin, gidheadh ní bhíd nighte ó na salchar.
A ní fós ré dtig an baisdeadh ré sáothar sinne a nois ag freagra na heísiomplara sin (ní hé cur uáinn shalchair na colla, achd fiarfuidhe dheaghchoinsiáis a dtáobh Dé,) tré eiséirghe Iósa Criosd.
Noch ar mbeith dho na dheallradh glóire, agus na iomháigh fhíre a phearsannsan, agus ag congmháil súas na nuile neitheann ré breithir a chúmhachd féin, ar nglanadh ar bpeacuighne dhó thríd féin, do shuigh sé ar láimh dheis na Mórghachda sna hárduibh;
Oír do dhearbhuidh tú sinn, a Dhé: do theastuidh tú sinn, do réir théastuighthe a nairgid.
Agus mar so do bhí cuid agaibhse: achd atá sibh ar bhur nionnladh, achd atá sibh ar bhur náomhadh, achd atá sibh ar bhur sáoradh a nainm an Tighearna Iósa, agus tré Spioraid ar Ndéinne.
Annois uimesin, ar seision, cuiridh uáibh na dée coimhidhtheacha atá eadruibh, agus iompoíghidh bhur gcroidhe chum an TIGHEARNA Día Israel.
Cía rachus súas a slíabh an TIGHEARNA? agus cía sheasfas ion ionad náomhtha? An té agá bhfuil lámha glana, agus croidhe fíorghlan; noch nar thóg súas a anum chum díomhaoinis, agus nach ttug a mhionna chum ceilge.
Oír an tí atá gan na neithese aige atá sé dall, agus ní léir dhó ní ar bith a bhfad úadh, ar na dhearmud dó gur glanadh é ó na sheanpheacuighibh.
Annsin do eitil aon do na seraphinibh chugam, agus sméaróid dhearg iona láimh, noch do bhean sé leis a niolghaibh don naltóir. Agus do chuir sé air mo bhéulsa é agus a dubhairt, Féuch, do bheauso red phuisinibh; agus rugadh héaigceart uáit, agus do ghlanadh do pheacuidh.
Uime sin dob éigin sompla na neitheann atá ar neamh do ghlanadh ríu so; achd na neithe neamhgha féin ré híodhbarthuibh as fearr ná íad so.
Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta. Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile; Ná bíghidh leisgeamhuil a ngnothuighibh; Bíghidh ar fiuchadh ann bhur spioraid; ag déanamh seirbhísi don Tighearna; Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe; Ag cómhroinn ris na náomhaibh iona ríachdanusaibh; ag gnáthughadh luchd áoidheachda do ghlacadh. Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim dhíbhreas síbh: tabhruidh bhir mbeannachd dóibh, agus na malluidhe íad. Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi. Go madh háontoil dhíbh ré chéile. Ná bígidh áirdinntinneach, achd cumaidh sibh féin ris a ndreim is ísle. Nó bighidh glic ann bhur mbaramhluibh féin. Na déanaidh olc a naghaidh uilc ar éainneach. Bíodh cúram na neitheann maith oraibh a bhfíadhnuise na nuile dháoine. Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna. Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Annsin croithfidh mé uisge glan oruibh, agus beithí glan: ó bhur nuile shalchar, agus ó bhur nuile iodhaluibh, sgagfa mé sibh.
Agus ní dhearna sé éidirdhéalughadh ar bith eadruinne agus íad, ag glanadh a gcróidheadh lé creideamh.
Cúartuigh mé, a Dhé, agus tuig mo chroidhe: teastuidh me, agus tuig mo smuáintighe: Agus féuch an bhfuil slighe ar bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé a slighe na síorruidheachta.
Druideam air ar naghaidh maille ré croídhe fírinneach sáirdheimhneach a gcreideamh, ar mbeith dár gcroídhibh ar na ccróthadh ó dhrochchoinnsías, agus ar mbeith dár gcorp ionnailte ré huisge glan.
Agus glanfa mé íad ó na nuile éagceart, ler chionntuigheadar am adhuighsi; agus maithfidh mé a nuile éaigcearta, ler pheacuigheadar, agus ler sháruigheadar am aghuidh.
Fós táirtheocha mé sibh ó bhur nuile shalchar: agus goirfidh mé air a narbhar, agus méideocha mé é, agus ní chuirfiod gorta ar bith oruibh.
Agus suighfidh sé amhuil ceárd agus glantóir airgid: agus glanfa sé mic Lébhi, agus sciúrta sé íad amhuil agus airgiod, chor go nofráluid don TIGHEARNA ofráil a bhfíréantachd.
Oír is ar an lá sin do dhéana an sagart síth ar bhur son, dá bhur nglanadh, lé mbeithí glan a bhfíaghnuise an TIGHEARNA ó bhur bpeacuighibh uile.
Annsa lo sin oisceoltar tobar do thigh Dháibhi agus dáitreabhthachaibh Ierusalem ar son peacaidh agus ar son neamhghloine.
Achd is cinéul toghtha sibhse, sagartachd ríogha, cineadh náomhtha, pubal ar leith; ionnus go bhfoillséochadh sibh subháilcidhe an tí do ghoir sibh as dorchadus chum a sholais iongantuigh féín.
Go deimhin baisdimsi sibh lé huisge do chum aithrighe: achd cheana an té thig am dhíaigh is láidire é ná me, agus ni fíu misi a bhróga diomchur: baisdfe seisean leis an Spioraid Náomh, agus lé teinigh sibh:
Uime sin dá nglana neach ar bith é féin úatha so, biáidh sé na shoitheach chum onóra, ar na dhéunamh náomhtham oireamhnach don Tíghearna, ullamh chum gach uile dheaghoibre.
Ní bhfuil eagla sa ngrádh; achd cuiridh an grádh diongmhálta eagla amach úadh: óir atá pían aig an neagla. Uime sin gidh bé ar a mbí eagla ní bhfuil sé diongmhálta a ngrádh.
Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.
Do dhéana tú mar an gcéadna lábhéir práis, agus a chos mar an gcéadna do phrás, do ionnladh as: agus cuirfe tú é idir thabernacuil an chomhchruinnigh agus a naltoir, agus cuirfe tú uisge ann. Oír ionneoluid Aáron agus mhic a lámha agus a gcosa aige: Cubhad budh é a fad, agus cubhad a leithead; ceathairbheannach bhías sí; agus biáidh a háirdé dhá chubhad: biáidh a beanna don ccéadna. Agus a núair rachuid go tabernacuil an chomhchruinnigh, ionnoluid siád le huisce, go nach bhfaghaid bás: nó a nuair thiocfaid a bhfogus do naltoir do mhiniostralachd, do losgadh ofrála déanta lé teinnidh don TIGHEARNA: Mar sin nighfid a lamha agus a gcosa, go nach bhfaghaid bás: biáidh so na reachd dhóibh go bráth, dósan agus da shiól ar feadh a ngeinealach.
Achd is ar an seachdmhadh lá, bhéarrfas a fhionnadh uíle dá cheann agus da fhéasóig agus do mhailghibh a shúl, eadhon bearrfuidh a fhionnadh uile dhe: agus nighfidh a éadach, nighfidh fós a fheóil a nuisce, agus biáidh sé glan.
Is marso a deir an Tighearna DIA; Annsa ló a nglanfa mé sibh ó bhur nuile pheacadh do bhéara mé oruibh fós comhnuighe annsna caithreachaibh, agus cuirfighear na báinseacha súas.
An tan nighfios an TIGHEARNA truailleadh inghean Sion, agus ghlanfas fuil Ierusalem as a lár le spioraid an bhreitheamhuis, agus le spíoraid an loisgthe.
Agus ó Iósa Críosd, an fhíadhnuisí fhíre, an chéidghin ó mharbhuibh, agus prionnsa ós ríoghuibh na talmhan. An tí do ghrádhuigh sinn, agus do ionnail sinn ór bpeacadhuibh ré na fhuil féin,
Uime sin sgriosaidh uáibh an sean láibhin, ionnus go mbíadh sibh bhur dtáos núadh, amháil atá sibh gan laibhín. Oír fuáir Críosd ar núan cásgne a iodhbhairt air ar son:
Oír is mise an TIGHEARNA bhur Ndía: ar an adhbharsin náomhthochthaoi sibh sibh féin, agus heithí naomhtha; óir atáimse naómhthá: ní mó thruaillfidhe sibh féin lé héantsórt neitheadh ngluáisteach noch ghluáiseas ar an talamh.
Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna.
Má chím urchoid am chroidhe, ní chluinfidh an TIGHEARNA: Acht go deimhin do chúalaidh Día mé; thug sé aire do ghuth murnaigh.
Agus as beag nach ré fuil ghlantar na huile neithe do réir an reachda; agus ní faghthar maitheamhnas ar bith gan dórtadh fola.
Oír a sé as críoch don náithne grádh ó chróidhe glan, agus ó choinnsías mhaith, agus ó chreideamh neamhfhallsa:
Agus, féuch, tainic lóbhar chuige agus do shléachd sé dhó, ag rádh, A Thighearna, mádh áill leachd, is éidir leachd misi do ghlanadh. Agus a deir Iósa ris, Atáid fúachaisighe ag na sionnchaibh, agus neid ag eanlaithibh a naiéir; achd ní bhfuil áit ag Mac an duine ann a gcúirfeadh sé a cheann. Agus a dubhairt fear eile dá dheisgiobluibh ris, A Thighearna, léig dhamhsa imtheachd ar tús agus máthair daghlacadh. Achd a dubhairt Iósa ris, Lean misi; agus léig dona márbhuibh a mairbh féin daghlacadh. Agus an tan do chúaigh sé a luin, do leanadar a dheisgiobuil é. Agus, féuch, do éirigh sdoirm mhór ar an bhfairge, ionnus gus fholaigheadar na tonna an loug: achd do bhí seisean na chodladh. Agus ar ndul chuige dá dheisciobluibh, do dúisgeadar é, ag radh, A Thighearna, sabháil inn: a támáoid air fagbháil. Agus a deir seisean ríu, Créud fá a bhfuiltí eaglach, a luchd an chreidimh bhig? Ar néirghe dhósan an tansin, do bhagair sé air an ngáoith agus air an bhfairge; agus thainic ciúnas mór ann. Agus do ghabh iongnadh na daóine, ag rádh, Créud é an fearso, agá bhfuilid na gáotha agus an fhairge ag umhlughadh dhó! Agus an tan thainic sé don táoibh eile go tír na Ngeirgésineach, tárrladar do dháoínibh air ann a rabhadar deamhain, ag teachd as na tuámaighibh, agus do bhí rofhiochmhar, ionnas nar bhéidir do dhuine ar bhith an tslighesin do ghabhail. Agus, féuchm do éimhgheadar, ag rádh, Créud é ar gcuídne dhiót, a Iósa, Mhic Dé? an dtainic tú ann so dár gcéusadhne roimhe a naimsir? Agus ar síneadh a láimhe, do bhean Iósa ris, ag rádh, Is aill; bí glan. Agus ar an mball do bhí a lobhradh ar na ghlanadh.
An toil ré a bhfuilmídne air ar ndéunamh náomhtha tré íodhbairt chúirp Iósa Críosd éunuáir amháin.
Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóisi, Eirigh gus an bpobal, agus naómhuidh iad a niugh agus a márach, agus nighedís a néaduighe,
Agus a dubhairt mise ris, A thíghearna, atá a fhios agadsa. Agus a dubhairt seision riomsa, Ag so an dream tháinic as buáirdhirt mhóir, agus do nigh a róbuidhe, agus do ghealuidh íad a bhfuil a Nuáin.
Ag so an ríaghail ghlan gan cháidhe a bhfíadnuise Dé agus a Nathar, Eadhon dul dféuchain na ndileachdadh agus na mbaintreabhach a nám a ríachdanuis, neach é féin do choimhéud gan cháidhe ón tsáoghal.
Ar mbeith fhios so aguinn, go bhfuil ar seanduine ar ná chéusadh maráon rision, do chum go sgriosfuidhe corp an pheacaidh, ionnus nách déanamaóis seirbhis ó so súas don pheacadh. Oír an tí fuáir bás, is sáor é ó pheacadh.
A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin:
Agus go ndéarna Día na siothchána féin náomtha sibh go hiomlan; agus go gcoimhéudthar bhur spiorad agus bhur nanam agus bhur gcorp go huilighe ó chiontuibh go teachd ar Dtíghearna Iósa Críósd.
Do fhreagair Iósa, Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Muna raibh neach ar na gheineamhuin ó uisge agus on Spioruid, ní heidir leis dul a sdeach a rioghachd Dé.
Oir do rinne sé diongmhálta go síorruidhe ré héin iodhbairt amháin an dream atá ar na náomhadh.
Oír is annsa bhfuil atá anam na feóla: agus tug misi dháoibhsi í ar a naltóir do dhéanamh síodha dá bhur nanmannuibh. Oir a sí a nfuil do ní síth ar son a nanma.
Agus do chuir Elisa teachdaire chuige, dhá rádh, Imthigh agus nigh thú feín ann Iordan seachd nuáire, agus tiucfaidh thfeóil chugad a rís, agus biáidh tú glan.
Agus do fhreagair sé agus do labhair ris an ndroing do sheas as a choinne, ag rádh, Beiridh libh na héaduighe salcha úadh. Agus a dubhairt sé rision, Féuch, thug mé air héigceart imtheachd uáit, agus éideocha mé thú lé malairt culaidh.
Cía thuigfeas a sheachrán? ó pheacuighibh foluigheacha glansa mé. Mar au ccéadna ó pheacuighibh uáibhreacha connuimh ar ais do sheirbhíseach; ná bíodh cumhachda aca orum: annsin bhías mé díreach, agus bíad neimhchiontach ó naindligheadh mhór.
Agus do chuir an lábhéir idir lóistín an chomhchruinnigh agus a naltóir, agus do chuir uisce ann chum ionnlaidh. Agus Maoise, agus Aáron agus a mhic do nigheadur a lámha agus a ccosa aige: A nuair do théighdis go lóistín an chomhchruinnigh, agus a nuair thigdís a bhfogus do naltóir, do ionnlaidis; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóisi.
Agus croithfidh do nfuil uirre lé ná mhéur seachd nuáire, agus glanfuidh í, agus náomhthochuidh í ó neamhghloine chloinne Israel.
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide.
Fanuidh ionnamsa, agus misi ionnuibhsi. Amhail as nach bhféudann an ghéug toradh do thabhuirt uáithe féín, muna bhfana sí sa bhfíneamhuin; is mar sin ní fheudfa sibhse fós, muna bhfantaói ionnamsa.
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:
Oír má ní fuil thárbh agus ghábhar, agus luáithreadh seachbhuidh ar na cróthadh ar an druing neamhghloin, a náomhadh a dtáobh ghlanta na feóla: A né nách ro mhó ná sin dhéunas fuil Chríosd, noch do fhoráil é féin gan cháidhe do Dhía trés an Sbiorúid shíorruidhe, bhur ccoinnsíassa ghlanadh ó oibreachuibh marbha chum seirbhíse do dhéunamh don Día bheó?
Chum bhur gcroidheadh do dhaingniughadh neimchiontach a náomhthachd a bhfiadhnuisi Dé eadhon ar Nathar, a dteachd ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ré na nuile náomhuibh.
Ionnus go mbéinn am óglach ag Iósa Críosd a measg na Gcineadhach, ag miniosdralachd soisgéil Dé, do chum go mbeith gean ar ofrail na Gcineadhach, ar mbeith dhi náomhtha trés an Spiorad Náomh.
As anáoibhinn dáoibh, a sgríobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhaidh! oír glantáoi an chuid a muigh do chupán agus do mhéis, achd a táid síad táobh a sdigh lán do shracaireachd agus déagcóir. A Bhphairisínigh dhoíll, glan ar tús an chuid a sdigh don chupan agus don mhéis, do chum go mbiadh an táobh a muigh dhíobh glan mar an gcéadna.
Agus an duine núadh do chur íomuibh, noch atá ar na chrúthughadh do réir Dé a bhfiréuntachd agus a bhfíornáomhthachd.
Dadmhaidh me mo pheacadh dhuitse, agus níor fholuigh mé mo chionta. A dubhairt mé, Aideomhad maindlighthe don TIGHEARNA; agus do mhaith tú urchóid mo pheacaidh. Selah.
A sé so an tí tháinic tré uisge agus tré fhuil, Iósa Críosd; ní tré uisge amháin, achd tré uisge agus tré fhuil. Agus a se an Spiorad do ní dfíadhnuise, gur fírinne an Spiorad.
Tuilleadh eile a dtáobh ná neitheann do sgríobh sibh chugam: is maith dfear gan buáin ré mnáoi.
Tré a dtug sé dhúinn geallamhnacha ró mhóra morluáidh: ionnus go mbíadh thrítheadh so cumann aguibh ris a nádúir dhíagha, ar mbeith dhibh ag seachna an truáillidhe atá sa tsáoghal tré ainmhían.
As beannuighe an dream choimhéudas a aitheanta, ionnus go mbíadh cumas chrainn na beatha aca, agus cumas dul a steach trés na geataidhibh don chathruigh.
Achd a nois ar mbeith dháoibh ar bhur sáoradh ó pheacadh, agus ar bhur ndéunamh bhur seirbhiseachuibh dó Dhía, atá toradh aguibh chum náomhthachda, agus an chríoch dheigheanach an bheatha mharrthanach.
Deuna trócaire orum, a Dhé, do réir do thrócaire móire: do réir ro iomaid do thruáighe scrios amach maindlighthe.
Amhuil do thógh sé sinn annsan, sul do chrúthuigheadh an dómhan, ionnus go mbéimís náomhtha agus neimhchiontach dhá lathairsion a ngrádh:
Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.
Agus beithí náomhtha dhamhsa: óir misi an TIGHEARNA a táim náomhtha, agus do dhealuigh mé sibhsi ó dháoinibh eile, ionnus gó mbeithí agum féin.
Nó go deimhin do choisgfeidís dá bheith dhá bhforáil? do bhrígh ar mbeith do luchd na niodhbarthadhsin dforáil ar na nglanadh éunuáir amháin, nach bíadh ní sa mhó coinnsías pheacuigh aca.
¶ Fillighidh, fillighidh, éirgidhe amach as sin, ná beanaidh re ní neamhghlan; éirghidhe amach as a lár; bithísi glan, noch iomchras soighthighe an TIGHEARNA.
Noch do sháor sinn ó chúmhachduibh an dorchaduis, agus do atharruigh sinn go rioghachd a Mhic ionmhuin féin: Ion a bhfuil an fúasgladh aguinn tré na fhuil, eadhon maithmheachas na bpeacadh:
Oír do bhábhair ar uáiribh bhar ndorchadus, achd a nois bhár sola sa Dtíghearna: siubhluibh mar chloinn an tsolais.
Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal;
A dubhairt Iósa ris, Gidh bé atá nighte ní bhfuil duireasbhuidh air achd a chosa nighe, achd atá sé glan uile: agus atá sibhsa glan, gidheadh ní bhfuilti uile glan.
Ar a nadhbharsin bímídne mar an gcéudna gan sgur ag breith bhuídheachais ré Día, do bhrígh, ar ngabháil bhréithre Dé chuguibh noch do chúalabhair uáinne, gur ghabhabhair chuguibh é ní mar bhréithir dháonna, achd (do réir mar atá sé go fírinneach) mar bhréithir Dé, noch fós oibrigheas ionnuibhse an drung chreideas.
Uime sin úmhluighe sibh féin do Dhía. Cuiridh a naghuidh an díabhal, agus teithfidh sé uáibh. Druidigh ré Día, agus druidfé sé ribh. Glanuidh bhur lámha, a pheacacha; agus glanuigh bhur gcroídhthe, a luchd na dá intinne.