Acht tiucfaid an dá ní se ort a móiment a náonló, caill chloinne, agus baintreabhachus: tiucfuid ort ann a niomláine ar son iomadamhlacht do dhraóigheachda, agus ar son ró iomaid do gheasadóireacht.
¶ Mar an gcéadna fear no beán aga mbía spiorad tathuightheach, nó bhías na fáistineach, cuirfighear go demhin chum báis íad: géabhuid do chlochuibh orra: bíaidh a bhfuil orra féin.
Agus a núair a déaruid síad ribhsi, Iarruidh ar an mhuinntir agá mbíd spioruid mhuinnteardha, agus ar fháistineachaibh phiobas, agus channranus: nach ar chóir do dhaóinibh íarruidh ar a Ndía féin? na mairbh ar son na mbéo? Agus do ghlac mé chugam fíadhnuisigh fírinneacha do chuimhniughadh, Uriah an sagart, agus Sechariah mhac leberechiah. Chum an dlighe agus chum na fiadhnuise: muna labhruid síad do réir a nfocailsi, iseadh do chionn nach bhfuil solus air bith ionta.
¶ Seas a nois led dhroigheachd, agus le hiomad do gheasadóireacht, ann ar sháothruigh tú ód óige; mas éidir go mbía ar do chumas tarbhughadh, má theagmhann go mbéara tú buáidh. Atá tú coirthe a niomad do choimhairleach. Anois seasuighdís na néulladóiridhe, lucht feithmhigh na réultan, fáistinigh na míos, agus sáoraidís thusa ó na neithibhsi atá ag teachd ort. Féuch, biáidh síad amhuil connlach; loisgfidh an teine íad; ní thárthochuid íad féin ó neart na lasrach: ní bhiáidh sméaróid chum do ghoradh ris, nó teine do shuighe aice.
¶ Ná bíodh suim aguibh annsa druing ga mbídh spioraid mhuinnteardha, agus ná hiarruidh luchd fáistine, da bhur ndéanamh truáilligh léo: misi an TIGHEARNA bhur Ndia.
¶ Ní íostáoi ni ar bith maille ris an bhfuil: ní mo ghnaítheochtháoi geasadóireachd, ní chuirfídhe beann ar aimsearuibh áirighe.
Agus an chuid do na daóinibh do fágbhadh gan mharbhadh ris na pláighibhse ni dhearnadar aithrighe ar son oibreacha a lámh, ionnus nach déunaidís seirbhís do dheamhnuibh, agus diodhaluibh óir, agus áirgid, agus phráis, agus chloiche, agus chroinn, ris nach éidir amharc, ná éisdeachd, ná siubhal:
Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd,
Agus thug air a chloinn dul thríd an tteine a ngleann mhic Hinnom: mar an ccéadna do ghéill sé daimsearuibh, agus dfoghiuim droigheacht, agus do ghnáthuigheadh piseóga, agus do bhíodh leannán síthe aige, agus luchd fáistine: do rinne sé iomarcuidh uilc a radharc an TIGHEARNA, dá chorrughadh chum feirge.
Neimhnighios comharthadha na mbréugach, agus do bheir lucht na fáistine ar cúthach; iompoighios daóine ghoca ar ccúl, agus do ní a néolus leamh:
¶ Mar sin déug Saul ar son a pheacaidh, noch do rinne sé a naghaidh an TIGHEARNA, eadhon a naghaidh bhreithre an TIGHEARNA, nar coimhéad sé, agus mar an ccéadna do chionn comhairle díarruidh ar aon agá raibh leannán síthe, dfíafruighe dhé;
Uimesin ná héistighsi re bhur bhfaighibh, nó re bhur bhfáistineachaibh, nó ré bhur naislingtheachaibh, nó ré bhur ndraóithibh, nó ré bhur ngeasadóiribh, labhrus ribh, ghá rádh, Ní fhoigheontuidhe do rígh na Babilóine:
Ní bhfuighthior bhur measc éanduine bhéurus air a mhac no air inghin dul thríd an tteinidh, nó ghnáthuighios fáistine, nó coimheaduighe aimsior, nó geasadóir, nó luchd piséog, Nó draói, nó fear dhéanta comhairle re leannan síth, nó faistineach, no duibhelneach. Oír a nuile dhuine do ní na neithesi is adhfhuathmhaireachd don TIGHEARNA iad; agus do chionn na ngraineamhlachdasa do dhíbir do THIGHEARNA Día amach romhad iad.
¶ Agus an tanam ionntochus leis an druing ga mbídh leannáin síghe, agus a ndiáigh luchd fáistine, do dhul do stríapachus na ndiáigh, cuirfe mé cheana maghaidh a naghaidh a nanma, agus géarrfa mé as lár a muinntire íad.
Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd,
¶ Mar sin déug Saul ar son a pheacaidh, noch do rinne sé a naghaidh an TIGHEARNA, eadhon a naghaidh bhreithre an TIGHEARNA, nar coimhéad sé, agus mar an ccéadna do chionn comhairle díarruidh ar aon agá raibh leannán síthe, dfíafruighe dhé; Agus nar fhíafruigh sé don TIGHEARNA: uime sin do mharbh sé é, agus do impóigh sé an rioghachd chum Daibhi mhac Iesse.
Do chonncadar díomhaóineas agus tairrghire bhréagach, ag rádh, A deir an TIGHEARNA: agus ní hé an TIGHEARNA do chuir uádh íad: agus thugadar air dhaóinibh oile dóthchusúghadh go ndaingneochaidís an focal. Nach bhfacabhair fis díomhaóin, agus nach ar labhrabhair tairrghire bhréagach, an tionad a nabarthaói, A dubhairt an TIGHEARNA é; bíodh nar labhair mé?
Agus tárla, ag dul dhúinn do dhéunamh urnaighe, go dtárla cailín áirighe oruinn agá raibh spiorad faisdine, fuair fábhaltus mór dá tighearnuibh féin lé fáisdine do dhéunamh: Do lean sí so Pól agus sinne, agus do éigh sí, ag rádh, Is seirbhísigh don Día ro árd na dáoinesi, moch shoisgéulas dáoibh slighe na sláinte. Agus do rinne sí so mórán do laéthibh. Achd do ghoill sin, ar Phól, agus dfill sé air ais agus a dubhairt sé ris a spiorud, Aithnighim dhíot a nainm Iósa Críosd teachd amach aisde. Agus ar a núair sin do imthigh an spiorad aisde.
Agus thug ar a mhac dul thríd an tteine, agus do adhradh daimsearuibh, agus do níodh droigheachd, agus cumann ré leannánuibh síthe agus re luchd fáistine: doibrigh sé mórán uilc a radharc an TIGHEARNA, ler bhrostuigh é chum feirge.
Agus fós morán don mhuinntir do ghnáthuigheadh drochealadhna, tugadar a leabhuir léo, agus do dhóigheadar a bhfíadhnuisi cháich uile iad: agus dó chomháirmheadar a lúach, agus fúaradar é na dheich mile agus da fhíchead píosa airgid.
Oír do labhradar na hiodhail díomhaóineas, agus do chonncadar na fáistinigh bréug, agus dinnsiodar aislingthe neimhfhírinneach; comhfhurtachighid siád go díomháoin: uimesin dimthigheadar rompa amhuil tréud, do bhádar buáidheartha, do bhrígh nach raibh áodhaire ar bioth.
Achd a deir an Sbiorad go follas, go dtréigfidh dream áirighe an creideamh sna haimsearuibh deigheanacha, ag tabhairt aire do sbioraduibh seachranacha, agus do theagusguibh deamhan;
Uimesin ní fhaicfidhe díomhaóineas ní sa mhó, agus ní dhéantaói fáistine: óir tárthocha misi mo phobal as bhur láimh: agus aitheontaói gur misi an TIGHEARNA.
Do bhrígh a nuilc do rinneadar dom bhrostughadh chum feirge, an tionad a ndeachadar do losgadh túise, agus dfoghnamh do dhéeibh oile, nach ar bhaithne dhóibh, dhóibh féin, dhibhsi, ná dá bhur naithribh. Is marso a deir an TIGHEARNA; Féuch, do bhéara mé Phárao‐hophra rígh na Hégipte a láimh a námhad, agus a láimh na druinge íarras a bhás; mar thug mé Sedeciah rígh Iúdah a láimh Nebuchadnessar rígh na Babilóine, a námhaid, agus díarr a bhás. Matá gur chuir misi chugaibh mo sheirbhísigh na fáighe, ag éirghe go moch agus agá ccur uáim, gha rádh, Oh, ná déanuidh an ní adhfhuathmharso noch fhúathuighimsi.
Oír atáid gnátha an phobail díomhaóin: óir gearruidh aon amach crann as an bhforaois, obair lámh a noibrighe, leis an ttuáigh.
Oír do sheas rígh na Babilóine a ndealughadh na sligheadh, ag ceann an dá shligheadh, do dheanamh fáistine: do rinne sé a shoighde déallruightheach, do chomhairligh sé lé híomhaighibh, dféuch sé annsna náeghibh.
Nó créd é an ceangal do bhíadh ag teampoll Dé agus ag iodhaluibh ré chéile? óir is sibhse teampoll Dé bhí; do réir mar a dubhairt Día, Biáidh mé um chómhnuidhe ionnta, agus siubhólad na measg; agus biáidh me um Dhía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa.
Agus abair, Is marso a deir an Tighearna DIA; A mhairg do na mnáibh fhuáighidhiosclúascháin ar na huile uilleannuibh, agus do ní ciarsúir air cheann gach aóin státuir dfíadhach anmann! An mbeithí ag fíadhach anmann mo phobailsi, agus an ccuimhdeochthaói béo anmanna na druinge thig chugaibh? Agus an trnáilleochthaói misi a measc mo phobail féin air dhornánuibh éorna agus air chotchaibh aráin, do mharbhadh na nanmann nach éugfadh, agus do chumhdach na nannman mbéo nach mairfeadh, le bhur ndéanamh bréag rem mhuinntirsi noch chluinios bhur mbréaga? A mhic an duine, tairrghir a naghuidh fhágh Israel noch thairrghirios, agus abairsi ris a ndroing thairrghirios as a ccroidhthibh féin, Eistighsi bríathar an TIGHEARNA; Uimesin, is marso a deir an Tighearna DIA, Féuch, atáimsi a naghaidh bhur bpiléur, leis a ndéantaói fíadhach annsin a na hannmanuibh dá ccur a tteitheamh, agus brisfe mé ó bhur nascalluibh íad, agus léigfe mé na hanmanna dimtheacht, eadhon na hanmanna ar a mbeithíse ag fíadhach dá ccur a tteitheamh.
Mar dhruing do iompóidh fírinne Dé a mbréig, agus do rinne onóir agus seirbhís don chreatúr ag treigean an Chruthaighthéora, noch atá beannaighe go síorraidhe. Amén.
Oír do umhluigheadar na críochasa, noch shealbhochus tú, do luchd adhartha aimsear, agus do luchd fáistine: acht ar do shonsa, nior fhuiling do THIGHEARNA Día dhuitsi sin do dhéanamh.
Agus ann gach uile ní dá ndubhairt mé riot bí go fuireachair: agus ná tárr thair anmanuíbh dée ar bith eile, narob mó chluinfighear as do bbéul é.
Agus thugadar air a macaibh agus air a ningheanuibh dul thríd an tteine, agus do nidís fáistine agus droidheachd, agus do reacadar íad féin do dhéanamh uilc a bhfíadhnuise an TIGHEARNA, dá bhrostughadh chum feirge.
¶ Seas a nois led dhroigheachd, agus le hiomad do gheasadóireacht, ann ar sháothruigh tú ód óige; mas éidir go mbía ar do chumas tarbhughadh, má theagmhann go mbéara tú buáidh. Atá tú coirthe a niomad do choimhairleach. Anois seasuighdís na néulladóiridhe, lucht feithmhigh na réultan, fáistinigh na míos, agus sáoraidís thusa ó na neithibhsi atá ag teachd ort.
Oír don táobh amuigh béid na madruigh, agus luchd na bpiseóg, agus a nadhaltrannuis, agus an dúnmharbhtha, agus a niodhaladhruigh, agus gach neach ghrádhuigheas agus do ní an bhréug.
Agus amhail mar nár chuireadar suim a néolus Dé do chongmháil, as mar sin tug Día íadsan dinntinn neamhchéillidhe, ionnus go ndéunaidís neithe nar bhiomchubhaidh. Ar na líonadh do nuile éugcóir, do mhaílis, do dhrúis, do dhroichmhéin, do shaint; ar na líonadh do thnúth, do dhúnmharbhadh, dó cheannarraic, do mheabhail, do dhrochbhéusuibh; luchd siusarnuighe. A dtimcheall a Mhic Iósa Críosd ar Dtighearna, (do gineadh do shíol Dháibhi do réir na féola; Luchd ithiomráidh, luchd fúathaighe Dé, luchd tarcuisne, dáoine uáibhreacha, mórdhálácha, luchd comtha uile, easúmhal daithreachaibh agus do mhaithreachaibh, Eigcéillidhe, neamhchoingheallach, gan ghrádh nadúrtha, doríartha, neamhthrócaireach: Noch, ar naithne dhlighe Dé dhóibh, (eadhon go dtuíllid luchd na ngníomhsa do dhéunamh bás,) achd mar an gcéudna cáomhnuid síad luchd a ndéunta.
Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd, Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.
A chairde, na creidigh gach éin spiorad, achd dearbhuidh na spioruid an ó Dhía atáid: óir do chúadar morán dfáidhibh fallsa amach fán domhan.
Achd do gheabhuid na daóine meata, agus díchreidmheacha, agus gráineamhla, agus luchd dúnmharbhtha, agus adhaltrannuis, agus na bpiséog, agus a niodhaladhruigh, agus a nuile bhréugaire, a gcuid sa loch atá ar dearglasadh do theine agus do ruibh: noch is dara bás ann.
Coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidh állta fhúaduigheachda. Air a ttórrthaibh aitheóntaoi íad. An gcrunnighid daóine caóra fíneamhna do dhriseach, no fígighe do na fothannanaibh? Is mar sin do bheir gach uile chrann maith tórrtha maithe; achd do bheir an drochchrann drochthórrtha. Ní héidir leis an gcrann maith drochthórrtha diomchar, na leis an gcrann gcrion tórrtha maithe do thabhairt. Gach uile chrann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus téilgthear san teinidh é. Oír is do réir na breithe bheirthí, bheúrhar breath oruibh: Agus is leis an miosúr thomhaistí, toimheósfuidhthear dháoibh a rís. Ar a nadhbharsin is air ttórthaibh aitheontaói íad.
Oír eiréochuidh Críosdanna fallsa, agus fáidh fallsa, agus do dheánuid comharthuidhe agus miorbhuile móra; ionnas go meallfuid síad (da madh éidir é) na dáoine toghtha féin.
Agus failleochuidh spiorad na Hégipte iona lár; agus díobhaighfe misi a comhairle: agus íarrfuid siad chum na iodhalibh, agus chum na neasarluightheoiribh, agus chum na druinge agá mbí leannáin síghthe, agus chum na bhfaistíneach.
Oír éiréochuid Críosdanna fallsa agus faidhe fallsa, agus do dhéunuid comharthuidhe agus míormhuile, do mhealladh, na ndáoine toghtha féin, dá madh éidir é.
Dearbhuidh na huile neither; congmhuidh an ní bhias maith. Seachnuidh gach uile chosamhlachd uilc,
Agus ní híongnadh sin; óir cuiridh Satán é féin a bhfoirm aingil na soillse. Uime sin ní mór an ní é dá gcuirid a mhinisdrí íad féin mar an gcéudna a bhfoirm minisdridhe na firéantachda; agá mbiáidh a gcríoch dheigheanach do réir a noibreacha.
Agus an chuid do na daóinibh do fágbhadh gan mharbhadh ris na pláighibhse ni dhearnadar aithrighe ar son oibreacha a lámh, ionnus nach déunaidís seirbhís do dheamhnuibh, agus diodhaluibh óir, agus áirgid, agus phráis, agus chloiche, agus chroinn, ris nach éidir amharc, ná éisdeachd, ná siubhal: Agus ní dhearnadar aithrighe ar son a ndúnmharbhtha, ná ar son a bpiséog, ná ar son a sdríopachais, ná ar son a ngaduigheachda.
¶ Uimesin do thréig tú do phobal, tigh Iácob, do chionn go bhfuihd síad líonta do bhéusuibh a noirthir, agus na luchd fáistine cosmhuil ris na Philistineachaibh, agus go líonuid do chloinn na ccoimhthigheach.
Ann sin do ghoir Phárao mar an gcéadna na dáoine glíoca, agus na bpiséogáibh: a nois dráoithe na Hégipte, do rinneadursan fós ar an modh céadna le na ndroigheachduibh. Oír do theilgeadar síos gach áonduine aca a shlat, agus do rinneadh naithreacha nimhe dhíobh: ach do shluig slat Aaron súas a slatasan.
¶ Ann sin a dubhairt Saul re na mhuinntir, Faghaidh dhamh bean agá bhfuil leannán síthe, go ndeachadh mé na ceann, dfagháil comhairle uaithe. Agus a dubhairt a shearbhfhoghantuighe ris, Féuch, atá bean agá bhfuil leannán síthe ann Endor. Agus do chuir Saul é féin a naimhriochd, agus do chuir culaidh oile air, agus dimthigh, agus días fear leis, agus tangadar chum na mná an sa noidhche: agus a dubhairt sé ría, Guidhim thú, déana fáistine dhamhsa leis an leannán síthe, agus tóg dhamh súas an té, ainmneochus mé dhuit.
Annsin a dubhairt an TIGHEARNA riom, Tairrghirid na fáighe bréaga am ainmsi: ní mé do chur náim íad, ní mó is mé dáithin díobh, ní mó do labhair mé ríu: tairrghirid díbhsi fis neimhfhírinneach agus geasadóireacht, agus neimhní, agus cealg a ccroidhe féin.
Ma eírghionn bhar measc fáidh, no fear aislingeadh dfaicsin, agus go ttiubhra sé dhuit comhartha nó iongnadh, Agus clochfa tú lé clochuibh é, ionnus go néugfa sé; do chionn gur thairg sé do thiomáin ón TTIGHEARNA do Dhía, noch thug amach thú as crích na Hegipte, as tigh na daoirsi. Agus cluinfid Israel uile sin, agus biáidh eagla orra, agus ní déanuid ní bhus mó éanchoir mar a nolcsa bhur measc. ¶ Má chluin tú a ccathruigh dá bhur gcaithreachuibh, noch thug an TIGHEARNA do Dhía dhuit dáitreabh innte, ghá radh, Do chúadar daóine áirigh, clann bhélial, amach as bhur measg, agus do thairngeadar léo luchd áitribh a ccaithreach, ghá rádh, Gluaisiom agus déanum seirbhís do dheéibh eile, nach ar bhaithnid daóibh; Ann sin loirgfe tú, agus spionfa tú, agus fiafróchá tú go friochnamhach; agus, féuch, más firinne é, agus, go bhfuil an ní dearbhtha, go ndearnadh a leithéid sin dadhfhuathmhaireachd bhur measc; Buáilfe tú go deimhin muintir na caithreach sin lé faobhar an chloidhimh, léirscrios i, agus gach a mbía innte, agus a háirnéis, le faobhair an chloidhimh. Agus cruinneocha tú a héadáil uile go lár a sráide, agus loiscfe tú le teinidh an chathair, agus a héadail uile ó bheag go mór, ar son an TIGHEARNA do Dhía: agus biáidh na carn go bráth; ní cuirfighear súas choidhche i. Agus ní bheanfa éainní don ní mhalluigh dot láimh: chor go bhfillidh an TIGHEARNA ona dhásachd feirge, agus go ttaisbeanuidh grasa dhuitsi, agus go raibh truáighe aige dhuit, agus go méideochuidh sé thú, mar do mhionnuigh sé dot aithribh; ¶ A núair bhéuras tú aire ré guth an TIGHEARNA do Dhía, do choimhéud a aithneadh uile noch aithnighimsi dhíot a niugh, do dhéanamh an neithe is ceart a radharc an TIGHEARNA do Dhía. Agus go ttiocfa an comhartha nó an tiongnadh a gcrích, dár labhair sé riot, ag rádh, Déanum do leanmhuin dée oile, (nach ar bhfeas duit,) agus déanum serbhis dóibh; Ní éistfe tú ré bríathruibh an nfáigh sin, nó fhir fhaicsiona na naislingeadh: Oír dearbhuidh an TIGHEARNA bhur Ndía sibh, dá fhéachain an ngrádhuigheann sibh bhur TTHIGHEARNA Día ré bhur nuile chroidhe, agus lé bhur nuile anum. Siubholtaoi a ndiáigh an TIGHEARNA bhur Ndía, agus biáidh a eagla oruibh, coimhéadfuidhe a aitheanta, agus uimhleochtaói dá ghuth, agus do dhéantaói serbhís dó, agus greamochuighe dhe. Agus cuirfighear an fáidh sin, nó an brionglóideach na naislingeadh chum báis; (do chionn gur labhair sé dá bhur niompógh ón TTIGHEARNA bhur Ndía, noch thug amach sibh as crích na Hégipte, agus dfúascuil sibh amach as tigh na daóírsi, dot thiomáin amach as a tslighe do aithin an TIGHEARNA do Dhía dhíot do siubhal.) Mar sin chuirfe tú an tolc an siubhal as do lár féin.
Do fhreagair Dániel a bhfiaghnuise an rígh, agus a dubhairt, An tseicréid noch dfiafruigh an rígh ní fhéaduid na draóithe, na daóine glioca, na hastroluighthe, agus na fáisdinigh, a hinnisin don rígh: Acht ata Día ar neamh fhoillsigheas secréide, agus do bheir a fhios do Nebuchadnessar an rígh cred bhías annsna láethibh deighionacha. Isíad so haislingthe, agus fise do chinn air do leabuidh;
Agus ní shoillséochuigh solas coinnle ní sa mhó ionnad; agus ní cluinfighthear gúth fir ná mná nuádhphósda ní sa mhó ionnad: óir bá híad do cheannuighthe daóine móra na talmhan; agus is réd phiséoguibh do mealladh na huile chineadhacha.
Do íodhbradar do dhiabhluibh, ní do Dhía; do dhéeibh nar bhfeas doíbh, do dhéeibh núadha tháinic ansíus go núadh, nach raibh a neagla ar bhur naithribh.
Achd a deirim, gur do dhiabhlaibh iodhbruid na Cineadhacha, na neithe íodhbruid síad, agus nach do Dhía: agus ní háill leam cumann do bheith aguibhsi ris na diabhluibh.
Gidh bé iodhbórus do Dhía ar bith, achd don TIGHEARNA amháin, scriosfuighear é go léir.
Féuch, atáim a nagháidh na druinge thairrghirios brionglóide bréagacha, a deir an TIGHEARNA, agus innisios íad, agus do bheir ar mo phobal seachránughadh le na mbreaga, agus le na néattruime; agus ní misi do chuir uáim íad, nó daithin díobh: ar a nadhbharsin ní thairbheochuid síad don phobalso ar éanchor, a deir an TIGHEARNA.
Agus do teilgeadh amach an dragún mór, an tseanaithir nimhe, dá ngoirthear an Díabhal agus Sátan, an tí mheallas an domhan uile: do teilgeadh amach é fán dtalamh, agus do teilgeadh amach a aingil maille ris.
Coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidh állta fhúaduigheachda.
Oír tangadar dáoine áirighe, neimhdhíagha, ar téultogh a steach, noch do bhí fadá ó shin roimh láimh orduighthe chum an bhreitheamhnuis so, noch iompoigheas grás ar Ndé a neamhghloine, agus shéunas an táon Mhaighisdir, Día, agus ar Dtíghearna Iósa Críosd.
¶ Acht tairngidh a bhfogus a leith annso, a mhaca na ban druidhe, sliochd a nadhaltrannuigh agus na stríopuidhe.
¶ Tuilleamh fós luchd na leannáin síthe, agus an luchd fáistine, agus na híomhaighe, agus na híodhuil, agus gach uile adhfhúathmhaireachd do fríth a ttír Iudah agus ann Ierusalem, do chuir Iosiah ar ccúl íad, chor go ccoimhlíonfadh sé bríathra an dlighe noch do bhí scríobhtha annsa leabhar do fúair Hilciah an sagart a ttigh an TIGHEARNA.
Atá a fhios aguinn gur ab ó Dhía atámuid, agus go bhfuil an sáoghal uile na luidhe sa nolc.
Agus deagla go ttóigfeá do shúile súas chum nimhe, a nuáir do chífeá an ghrían, agus an ghealach, agus na réulta, sluágh nímhe uile, go ttáireongtháoi thú chum a nadhartha, agus do dhéanamh serbhíse dhóibh, noch do roinn an TIGHEARNA do Dhía ris a nuile chineadh fáoi neamh uile.
Do chonncadar díomhaóineas agus tairrghire bhréagach, ag rádh, A deir an TIGHEARNA: agus ní hé an TIGHEARNA do chuir uádh íad: agus thugadar air dhaóinibh oile dóthchusúghadh go ndaingneochaidís an focal. Nach bhfacabhair fis díomhaóin, agus nach ar labhrabhair tairrghire bhréagach, an tionad a nabarthaói, A dubhairt an TIGHEARNA é; bíodh nar labhair mé? Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA, Do bhrígh gur labhrabhair díomhaóineas, agus go bhfacabhair bréaga, ar a nadhbharsin, féuchuidh, atáimsi bhur naghaidh, a deir an Tighearna DIA. Agus biáidh mo lámh air na fáighibh do chí díomhaóineas, agus chumas bréaga: ní bhéid síad a noireachtas mo phobail, ní mó scríobhthar íad a scríbhinn thighe Israel, ní mó rachaid síad a steach a ndúthaigh Israel; agus aitheontaói gur misi an Tighearna DIA.
Achd na drochdháoine agus na mealltóirighe rachuid air a naghuidh sa nolc, ag mealladh, agur ar na mealladh dhóibh.