Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus adubhairt seisean leo, cad chuige a bhfuil eagla oraibh, a lucht an chreidimh bhig? Annsin d’éirigh sé, agus do bhagair sé ar na gaothaibh agus ar an bhfairrge; agus do bhí ciúnas mór ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

26 Agus dúirt sé leo, “Cad chuige an eagla seo oraibh, a lucht an chreidimh bhig?” Dʼéirigh sé ansin gur bhagair ar na gaotha agus ar an bhfarraige agus bhí ciúnas mór ann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

26 Agus deir Íosa leo: Cad chuige a bhfuil eagla oraibh, a lucht an chreidimh bhig? Annsin d’éirigh sé, thug órdughadh do na gaotha agus don fhairrge, agus tháinic ciúineas mór.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Agus a deir seisean ríu, Créud fá a bhfuiltí eaglach, a luchd an chreidimh bhig? Ar néirghe dhósan an tansin, do bhagair sé air an ngáoith agus air an bhfairge; agus thainic ciúnas mór ann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Agus dubhairt Íosa leó: Cad is eagal daoibh, a dhaoine gan puinn creidimh? Ansan d’eirigh sé agus dubhairt sé leis an ngaoith agus leis an bhfaraige fanmhaint socair, agus tháinig ciúnas mór.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

26 Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?” Dʼéirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

26 Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?” D'éirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:26
24 Tagairtí Cros  

agus adubhairt sé, A dhaoine an lag‐chreidimh, cad chuige dhaoibh bheith ag déanamh machtnaimh eadraibh féin, toisc gan aon arán bheith agaibh?


Agus adubhairt seisean leo, Mar gheall ar bhúr n‐easbaidh creidimh: óir adeirim libh go fírinneach, Dá mbéadh oiread le gráinne síl mustáird de chreideamh agaibh, adéarfadh sibh leis an sliabh so, Aistrigh as so annsúd anonn; agus aistreochaidh sé; agus ní bhéidh éinnidh ann nach mbéidh ar chumas daoibh a dhéanamh.


Má chlúduigheann Dia ar an gcuma sin féar an bháin, atá ann indiu, agus caithtear isteach san tsorn i mbárach, nach mó go mór chlúdóchas sé sibh‐se, a lucht an chreidimh bhig?


Agus do ghabh iongnadh an‐mhór na daoine, agus adubhradar, cia h‐é an fear so go n‐umhluigheann na gaotha agus an fhairrge féin dó?


Agus do smachtuigh Íosa é, g‐á rádh, Bí id’ thost, agus tar amach as. Agus tar a éis do’n deamhan a threascairt ar lár, tháinig sé amach as gan aon díoghbháil do dhéanamh dhó.


agus broinn Shára do bhí marbhánta: mar sin féin ní raibh aon amhras air tré mhí‐chreideamh: dtaobh geallamhna Dé, acht do neartuigheadh é san chreideamh, ag tabhairt glóire do Dhia,


agus do bhí leabhar beag ar fhoscailt ’n‐a láimh aige: agus do chuir sé a leath‐chos dheas ar an bhfairrge,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí