Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus ag siubhal d’Íosa le h‐ais mara Ghalilé, do chonnaic sé beirt dearbhrátar, Síomón ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhearbhráthair, do bhí ag cur lín sa bhfairrge: óir do b’iascairí iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Bhí Íosa ag siúl ar bhruach Mhuir Ghalailí, nuair a chonaic sé beirt dheartháireacha, Siomón ar tugadh Peadar air agus Aindrias a dheartháir, agus iad ag cur lín i bhfarraige mar ba iascairí iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Agus ag siubhal do Íosa cois mhuir na Gailile, chonnaic sé beirt dhearbhráthar, Síomon, dá ngoirtear Peadar, agus Aindrias, a dhearbhráthair, ag cur eangaighe san fhairrge (óir ba iascairí iad),

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus a siobhal Diósa, ré táobh fhiarge na Gaililé, do chunnairc sé dias dearbhrathar, Símon da ngoirthear Peadar, agus Aindrías a dhearbhrathair, ag teilgean lín san bhfairge: óir dob íasgairighe iád.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus bhí Íosa ag siubhal i n-aice mara Ghaililí, agus chonaic sé beirt drithár, Símón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhritháir, agus iad ag cur lín amach sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad),

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Ag siúl dó cois fharraige na Gailíle, chonaic sé beirt deartháireacha, Síomón ar a dtugtar “Peadar” agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha sa bhfarraige, mar iascairí a bhí iontu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 Ag siúl dó cois farraige na Gailíle, chonaic sé beirt dearthár, Síomón ar a dtugtar Peadar agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha san fharraige, mar iascairí a bhí iontu.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:18
23 Tagairtí Cros  

Agus is iad so ainmneacha an dáréag abstal: An chéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dhearbhráthair; Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair;


Agus d’imthigh Íosa ó’n áit sin, agus tháinig sé i n‐aice le muir Ghaililé; agus do chuaidh sé suas ar shléibh, agus do shuidh sé ann.


Agus adeirim‐se leat gur tusa Peadar, agus gur ar an gcarraig seo thógfad‐sa m’eaglais; agus nach mbuaidhfidh geataí ifrinn uirthi.


Agus adubhairt sé leo, Leanaidh mise agus do‐ghéanad‐sa iascairí ar dhaoinibh dhíbh,


Agus d’fhill sé arís ó chríochaibh Tuire, agus tháinig sé tré Shídóin go muir Ghalilé, tré lár ceanntair an Decapolis.


Síomón d’á dtug sé Peadas mar ainm, agus Aindrias a dhearbhráthair, agus Séamas agus Eoin, agus Pilib agus Parthalán,


I n‐a dhiaidh sin do thaisbeán Íosa é féin do na deisceablaibh ag Muir Thibérias: agus mar seo do Thaisbeán.


I n‐a dhiaidh sin do chuaidh Íosa trasna mar Galilé, is é sin muir Thibérias.


Adubhairt duine d’á dheisceablaibh, Aindrias, dearbhráthair Shíomóin Peadar, leis,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí