Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Ag siúl dó cois farraige na Gailíle, chonaic sé beirt dearthár, Síomón ar a dtugtar Peadar agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha san fharraige, mar iascairí a bhí iontu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Bhí Íosa ag siúl ar bhruach Mhuir Ghalailí, nuair a chonaic sé beirt dheartháireacha, Siomón ar tugadh Peadar air agus Aindrias a dheartháir, agus iad ag cur lín i bhfarraige mar ba iascairí iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Agus ag siubhal do Íosa cois mhuir na Gailile, chonnaic sé beirt dhearbhráthar, Síomon, dá ngoirtear Peadar, agus Aindrias, a dhearbhráthair, ag cur eangaighe san fhairrge (óir ba iascairí iad),

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus ag siubhal d’Íosa le h‐ais mara Ghalilé, do chonnaic sé beirt dearbhrátar, Síomón ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhearbhráthair, do bhí ag cur lín sa bhfairrge: óir do b’iascairí iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus a siobhal Diósa, ré táobh fhiarge na Gaililé, do chunnairc sé dias dearbhrathar, Símon da ngoirthear Peadar, agus Aindrías a dhearbhrathair, ag teilgean lín san bhfairge: óir dob íasgairighe iád.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus bhí Íosa ag siubhal i n-aice mara Ghaililí, agus chonaic sé beirt drithár, Símón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhritháir, agus iad ag cur lín amach sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad),

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Ag siúl dó cois fharraige na Gailíle, chonaic sé beirt deartháireacha, Síomón ar a dtugtar “Peadar” agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha sa bhfarraige, mar iascairí a bhí iontu.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:18
23 Tagairtí Cros  

Bhí Maois ag aoireacht tréad athair a chéile, Iatró, sagart Mhidián. Sheol sé a thréad go hiarthar an fhásaigh agus tháinig go Horaeb, sliabh Dé.


Téanam mar sin agus cuirfidh mé ag triall ar Fhorann thú chun go dtabharfá mo phobal, clann Iosrael, as an Éigipt amach.”


Beidh iascairí ar a bruacha. Leathfar na líonta ó Éan Geidí go hÉan Eaglaím; beidh ilchineálacha éisc inti amhail éisc na Farraige Móire.


Rachaidh an teorainn ó dheas ó Sheafám go Ribleá lastoir de Áín. Níos sia ó dheas fanfaidh sí lastoir de Mhuir Chinirit.


Is iad seo ainmneacha an dá aspal déag: Síomón ar dtús, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir,


D'fhág Íosa an áit sin agus bhain amach bord farraige na Gailíle. Chuaigh sé an sliabh suas agus shuigh ansin.


Agus deirimse leatsa gur tú Peadar agus is ar an gcarraig seo a thógfaidh mé m'eaglais, agus ní bhuafaidh geataí ifrinn uirthi.


Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.”


Ar dhul amach dó arís as críocha na Tuíre, chuaigh sé tríd an tSíodón go farraige na Gailíle trí lár chríocha Dheacapoil.


Síomón, ar ar thug sé Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas agus Eoin, Pilib agus Parthalán,


Ina dhiaidh sin thaispeáin Íosa é féin arís do na deisceabail ag Muir Thibirias, agus seo mar a thaispeáin:


Ina dhiaidh sin d'imigh Íosa anonn thar farraige na Gailíle, is é sin, farraige Thibirias.


Dúirt duine dá dheisceabail leis - ba é Aindrias é, deartháir Shíomóin Peadar:


An tArabá agus an Iordáin na teorainneacha síos ó Chineirit síos go Muir Arabá, Muir an tSalainn, faoi bhun sleasa Phisceá lastoir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí