Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Acht nuair tháinig an rí isteach leis an gcuideachta d’fheicsin, do chonnaic sé fear ann nach raibh culaith bainse air:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 “Ach nuair a tháinig an rí isteach le hamharc a fháil ar na haíonna, chonaic sé fear amháin nach raibh culaith bhainise air;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus chuaidh an rí isteach go bhfeiceadh sé an chuideachta, agus chonnaic sé fear annsin nach raibh éadach bainfheise air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus ar ndul a sdeach do rígh dféachain ar a luch cuiridh, do chonnairc sé duine an nag nach raíbh éadach bainnse uime:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Ansan do tháinig an rí isteach go bhfeicfeadh sé an chuideachta, agus chonaic sé ann duine ná raibh culaith na bainise uime.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Ghabh an rí isteach ag féachaint ar an gcuideachta, agus chonaic sé fear ann nach raibh aon éadach bainise air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Ghabh an rí isteach ag féachaint ar an gcuideachta, agus chonaic sé fear ann nach raibh aon éadach bainise air.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:11
25 Tagairtí Cros  

go sracfadh sibh an chruithneacht as a fhréamhachaibh leis. Leigidh dhóibh araoin fás go dtí an fóghmhar: agus i n‐aimsir an fhóghmhar adéarfad‐sa leis na buanaidhthibh, Bailighidh ar dtús an cogal, agus ceanglaidh é ’n‐a phunnannaibh le dóghadh; acht bailighidh an chruithneacht isteach im’ scioból.


Agus do‐chuaidh na seirbhísigh sin amach ar na bóithribh, agus do bhailigheadar a bhfuaradar, idir olc agus maith: agus do líonadh árus na bainse de dhaoinibh ’n‐a suídhe chum bidh.


agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus baileochaidh sé a chuid cruitneachtan isteach sa scioból; agus loiscfidh sé an cháith le teinidh nach féidir do mhúchadh.


Acht cuiridh umaibh an Tighearna Íosa Críost, agus ná sanntuighidh mianta na colna, chum go ngéillfeadh sibh dóibh.


is í sin fíréantacht Dé tré chreideamh i nÍosa Críost do na daoinibh chreideas; óir níl aon idirdhealbhadh ann;


D’á bhrigh sin ná tabhraidh breitheamhnas i gcúis ar bith roimh an am, nó go dtagidh an Tighearna bhéarfas chum an tsolais neithe atá foluighthe fá dhorchadas, agus nochtfas rúin na gcroidhthe; annsin gheobhas gach duine a mholadh féin ó Dhia.


mar dhúil is go mbéidh clúdach orainn; ar mhodh nach bhfaighfear sinn lomnocht.


Óir an méid díbh do baisteadh i gCríost, do chuir sibh Críost mar chlúdach oraibh féin.


agus cuiridh umaibh an nua‐dhuine atá cruthuighthe do réir Dé i bhfíréantacht agus i bhfíor‐naomhthacht.


(Féach, atáim ag teacht ar nós gadaidhe. Is aoibhinn do’n té do‐ghní faire, agus choimheádas a chuid éadaighe, ar eagla go siubhalfadh sé lomnocht, agus go bhfeicfidhe a náire).


Agus tugadh de chéad di í féin do chlúdú le línéadach mín‐gheal, glan‐úr: óir is é an línéadach mín gníomhartha fíréanta na naomh.


Agus imreochad bás ar a clainn; agus tuigfidh na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduigheas na dubháin agus na croidheacha: agus do‐bhéarfad do gach duine agaibh do réir bhur ngníomhartha.


cómhairlighim duit ór do h‐ath‐bhruithneadh i dteinidh do cheannach uaim‐se, chum go mbéidh tú saidhbhir, agus éadaighe geala chum clúdach do chur ort féin, chum nach bhfeicfear náire do lomnochtachta; agus ungadh le cuimilt ar do shúilibh, chum go bhfeicidh tú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí