Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 agus adubhairt sé leis, A chara, cionnas tháinig tusa isteach annso gan culaith bainse ort?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 agus dʼfhiafraigh sé de, ‘A chara, conas a tháinig tú isteach anseo gan culaith bhainise ort?’ Agus níor fhan focal aige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus deir sé leis: A charaid, cad é mar tháinic tusa isteach annseo gan éadach bainfheise ort? Acht d’fhan sé ina thost.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus a deir sé ris, A chompánuigh, cionnas tháinic tusa a sdeach ann so gan éadach bainnse umad? Achd ní raibh áonfhocal aigesean.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus dubhairt sé leis: A chara, conus a thánaís-se anso isteach gan culaith na bainise umat? Ach níor labhair seisean focal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Dúirt sé leis: ‘Cad a thug isteach anseo thú, a chara, gan éadach bainise ort?’ Ach ní raibh focal as.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Dúirt sé leis: ‘Cad a thug isteach anseo thú, a chara, gan éadach bainise ort?’ Ach ní raibh focal as.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:12
13 Tagairtí Cros  

Acht d’fhreagair seisean, agus adubhairt sé le duine aca, A chara, ní fhuilim ag déanamh éagcóra ort: nach ar phinginn do réidhtíghis liom?


Go mbeannuighthear duit, a mháighistir; agus do phóg sé é. Agus adubhairt Íosa leis, A chara, an nidh gur chuige tháinig tú, déan é. Thángadar annsin agus fuaradar greim láimhe ar Íosa, agus do ghabhadar é.


Óir adeirim libh, muna sáruighidh bhur bhfíréantachtsa fíréantacht na scríobhaidhe agus na bhFairisíneach, nach rachaidh sibh isteach i ríoghacht na bhflaitheas ar chor ar bith.


Anois, atá a fhios againn, cibé nidh adeir an dlighe, gur leis an dream atá fá’n dlighe adeir sí é; chum go ndúntar gach béal agus go dtugtar an domhan uile fá bhreitheamhnas Dé:


D’á bhrigh sin ná tabhraidh breitheamhnas i gcúis ar bith roimh an am, nó go dtagidh an Tighearna bhéarfas chum an tsolais neithe atá foluighthe fá dhorchadas, agus nochtfas rúin na gcroidhthe; annsin gheobhas gach duine a mholadh féin ó Dhia.


agus a fhios agat go ndeachaidh a leithéid sin ar gcúl, agus gur ab eol dó féin go bhfuil peacadh d’á dhéanamh aige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí