Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus do‐chuaidh na seirbhísigh sin amach ar na bóithribh, agus do bhailigheadar a bhfuaradar, idir olc agus maith: agus do líonadh árus na bainse de dhaoinibh ’n‐a suídhe chum bidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Agus chuaigh na seirbhísigh úd amach faoi na sráideanna agus bhailigh siad leo ar tharla siad orthu, idir mhaith agus olc; gur líonadh an halla ar comóradh an bhainis ann dʼaíonna.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus ar dhul amach fá na bóithre dá sheirbhísigh, chruinnigh siad le chéile a bhfuair siad, eadar olc agus mhaith, agus bhí an bhainfheis lán de dhaoine ina suidhe chun bídh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus ar ndul a mach do na searbhfhoghantuídhibh ar na slighthibh, do chruinnigheadar gach uile dhuine da bhfuáradar, eidir olc agus maith: agus do líonadh teagh na bainnsé do aóidheadhibh do shuidh chum bídh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus d’imthigh na seirbhísigh amach ar na bóithribh, agus bhailigheadar isteach gach a bhfuaradar de daoine, idir olc agus maith, agus bhí an bhainis lán de dhaoine ’n-a suidhe chun bídh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Chuaigh na seirbhísigh sin amach ar na bóithre agus bhailigh siad ar casadh orthu, idir olc agus mhaith, go raibh halla na bainise lán de chuideachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Chuaigh na seirbhísigh sin amach ar na bóithre agus bhailigh siad ar casadh orthu, olc agus maith, go raibh halla na bainise lán de chuideachta.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:10
15 Tagairtí Cros  

agus is é an domhan an gort; agus is iad clann na ríoghachta an síol maith; agus is iad clann an droich‐spioraid an cogal;


Imthighidh‐se amach, d’á bhrigh sin, ar cheann na mbóthar, agus cibé daoine gheobhas sibh, glaodhaidh ortha chum na bainse.


Agus fad agus bhíodar ag imtheacht g‐á cheannach, tháinig an fear nua‐phósta; agus na daoine do bhí ullamh do chuadar isteach leisean chum na bainse: agus do dúnadh an doras.


Agus adubhairt Íosa leo, An féidir le lucht an fhir nua‐phósta bheith duairc, fad agus bhíos an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair? acht tiocfaidh na laethe ’n‐a dtógfar uatha an fear nua‐phósta, agus annsin do‐ghéanaidh siad troscadh.


ar eagla, nuair thiocfad arís, go n‐umhlóchaidh Dia ’n‐bhur measc mé, agus go mbéidh orm a lán díobh‐san do chaoineadh do rinne peacadh cheana, gan aithrighe do dhéanamh san míoghlaine, agus san striapachas, agus san drúis do chleachtadar.


Do chuadar amach as ár measc, acht níor dhaoine dhínne iad; óir dá mba daoine dhínn iad d’fhanfaidís i n‐éinfheacht linn; acht d’imthigheadar chum go mba léir nach daoine dhínne iad uile.


Agus do chanadar amhrán úr‐nua, g‐á rádh, Is fiú thusa an leabhar do ghlacadh agus a shéalaí d’fhoscailt: de bhrigh gur marbhadh thú, agus gur cheannuighis do Dhia led’ fhuil daoine de gach treibh, agus de gach teangain, agus de gach pobal, agus de gach cineadh,


’N‐a dhiaidh sin do dhearcas, agus féach, sluagh mór nach bhféadfadh aon duine a áireamh, de gach cineadh, agus de gach treibh, agus de gach pobal, agus de gach teangain, ’n‐a seasamh os cómhair na righ‐chathaoireach agus os cómhair an Uain, éadaighe geala umpa, agus pailmeacha ’n‐a lámhaibh aca;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí