Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Imthighidh‐se amach, d’á bhrigh sin, ar cheann na mbóthar, agus cibé daoine gheobhas sibh, glaodhaidh ortha chum na bainse.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Imigí mar sin chun na mbealaí móra, agus tugaigí cuireadh chun na bainise dá dtarlaíonn oraibh.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Ar an adhbhar sin, imthighigidh fá na bóithre, agus an méid a chasfar libh, goirigidh chun na bainfheise ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ar a nadhbharsin imdhighsi a gcomhrac na ród, agus gidh bé ar bith dáoine do gheabhtháoí ann, goiridh chum na bainnse íad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Imthighidh amach, d’á bhrígh sin, ar na bóithribh agus pé daoine a gheobhaidh sibh, glaoidhidh isteach ortha chun na bainise.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Mar sin, téigí sibh-se i mbéal na mbóithre poiblí, agus cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Mar sin, téigí sibhse i mbéal na mbóithre poiblí, agus cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:9
16 Tagairtí Cros  

Adubhradar‐san leis, De chionn nár chuir aon duine ar aimsir sinn. Adubhairt seisean leo, Téidhidh‐se, leis, isteach sa bhfíonghort.


Agus do‐chuaidh na seirbhísigh sin amach ar na bóithribh, agus do bhailigheadar a bhfuaradar, idir olc agus maith: agus do líonadh árus na bainse de dhaoinibh ’n‐a suídhe chum bidh.


Annsin adubhairt sé le n‐a sheirbhíseachaibh, Atá an bhainis ullamh, acht na daoine a fuair cuireadh níorbh fiú iad é.


agus go bhfógróchaidhe ’n‐a ainm aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do na cinidheachaibh uile, ag tosnú ó Iarúsalem.


Óir is é an t‐órdú thug an Tighearna dhúinn, Do chuireas mar sholas do na Geintibh thú, Chum go mbeitheá mar adhbhar slánuighthe go foirimeall an domhain.


Dámh‐sa, atá níos lugha ’ná an té is lugha de na naomhaibh go léir, tugadh an grása so, chum saidhbhreas do‐chuarduighthe Chríost do sheanmorú do na Cineadhachaibh;


Agus adeir an Spiorad agus an bhean óg nua‐phósta, Tar. Agus an té éisteas, abradh sé, Tar. Agus an té go bhfuil tart air, tagadh sé: an té gur ab áil leis é, glacadh sé uisce na beathadh i n‐aisce.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí