Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus do chuaidh sé amach arís ar an sémhadh agus ar an naomhadh h‐uair, agus do‐rinne sé mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Chuaigh sé amach arís i dtrátha an séú agus an naoú huair, agus rinne sé mar an gcéanna.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus ar shiubhal leo-san. Agus chuaidh sé amach arís timcheall na seiseadh agus na naomhadh h-uaire, agus rinne sé mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 A rís ar nimtheachd a mach dhó timcheall an seiseadh agus an náomhadh húair, do rinne sé mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus d’imthigheadar san. Agus chuaidh sé amach airís ar an sémhadh h-uair, agus ar an naomhadh h-uair, agus dhein sé mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Agus isteach leo. Chuaigh sé amach arís timpeall an séú huair agus an naoú huair agus rinne sé an rud céanna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Agus isteach leo. Chuaigh sé amach arís timpeall an séú agus an naoú huair agus rinne sé an rud céanna.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:5
15 Tagairtí Cros  

agus adubhairt sé leo‐san, Téidhidh‐se, leis, isteach sa bhfíonghort, agus do‐bhéarad daoibh an méid is cóir. Agus d’imthigheadar‐san.


Agus do chuaidh sé amach ar an aonmhadh h‐uair dhéag, agus fuair sé tuilleadh ’n‐a seasamh; agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith i n‐bhúr seasamh díomhaoin annso ar feadh an lae?


Agus ó’n sémhadh h‐uair do leath dorchadas ar an tír go léir go dtí an naomhadh h‐uair.


Adubhairt sé leo, Tagaidh, agus do‐chífidh sibh. Thángadar, mar sin, agus do chonnacadar an áit ’n‐a raibh sé ’n‐a chómhnaidhe; agus d’fhanadar ’n‐a fhochair an lá sin: do bhí sé tuairim na deicheamhadh h‐uaire.


D’fhreagair Íosa, Nach bhfuil dhá uair déag san lá? Má shiubhlann duine san lá, ní baintear tuisleadh as, óir do‐chí sé solas an tsaoghail seo.


agus is ann do bhí tobar Iácóib. Agus, ó bhí Íosa cortha ó’n aistear, do shuidh sé síos le h‐ais an tobair. Do bhí sé timcheall na sémhadh h‐uaire.


Do taidhbhrigheadh dhó go soiléir, tuairim na naomhadh h‐uaire de’n lá, aingeal Dé ag teacht chuige isteach, g‐á rádh leis, A Chornéliuis.


Agus lá ar n‐a bhárach, ag siubhal dóibh‐sean, agus iad ag tarraing ar an gcathair, do chuaidh Peadar suas ar bhárr an tighe, tuairim na sémhadh h‐uaire, chum urnaighe do dhéanamh:


Agus bhí Peadar agus Eoin ag dul suas isteach san teampall, uair an urnaighe, timcheall na naomhadh h‐uaire.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí