Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus d’imthigheadar san. Agus chuaidh sé amach airís ar an sémhadh h-uair, agus ar an naomhadh h-uair, agus dhein sé mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Chuaigh sé amach arís i dtrátha an séú agus an naoú huair, agus rinne sé mar an gcéanna.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus ar shiubhal leo-san. Agus chuaidh sé amach arís timcheall na seiseadh agus na naomhadh h-uaire, agus rinne sé mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus do chuaidh sé amach arís ar an sémhadh agus ar an naomhadh h‐uair, agus do‐rinne sé mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 A rís ar nimtheachd a mach dhó timcheall an seiseadh agus an náomhadh húair, do rinne sé mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Agus isteach leo. Chuaigh sé amach arís timpeall an séú huair agus an naoú huair agus rinne sé an rud céanna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Agus isteach leo. Chuaigh sé amach arís timpeall an séú agus an naoú huair agus rinne sé an rud céanna.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:5
15 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am’ fhíonghort-sa, agus tabharfad daoibh fé mar a bheidh ceart.


Ach do chuaidh sé amach tímpal an t-aon uair dhéag, agus fuair sé tuille ’n-a seasamh, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith anso i nbhúr seasamh díomhaoin an lá go léir?


Agus ó’n sémhadh h-uair tháinig doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh h-uair.


Agus dubhairt sé leó: Tagaidh agus feicidh. Agus thánadar agus chonacadar cár chómhnuigh sé, agus d’fhanadar i n’fhochair an lá san; agus bhí sé tímpal an deichmhadh h-uair.


D’fhreagair Íosa: Ná fuil dhá uair dhéag sa lá? Má shiubhlann duine sa lá ní gheibheann sé barathuisle, mar chíonn sé solus an tsaoghail seo.


Ansan iseadh bhí tobar Iácóib. Bhí Íosa tuirseach ó’n mbóthar agus do shuidh sé mar sin os cionn an tobair; tímpal an sémhadh h-uair ab eadh é.


Do chonnaic an fear san, i n-aisling, go soiléir, tuairim an naomhadh tráth sa lá, aingeal ó Dhia ag teacht chuige isteach, agus dubhairt an t-aingeal leis: A Chornélius!


Amáireach a bhí chúghainn, agus iadsan ag cur na slíghe dhíobh agus ag teacht chun na catharach, tuairim an sémhadh tráth, chuaidh Peadar suas i n-uachtar an tighe chun úrnuighthe dhéanamh.


Agus bhí Peadar agus Eóin ag dul suas sa teampul chun úrnuighthe an naomhadh tráth.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí