Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 agus adubhairt sé leo‐san, Téidhidh‐se, leis, isteach sa bhfíonghort, agus do‐bhéarad daoibh an méid is cóir. Agus d’imthigheadar‐san.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 agus dúirt sé leosan, ‘Gabhaigí isteach san fhíonghort i gcuideachta na cuideachta, agus cibé is cóir tabharfaidh mé daoibh é.’ Dʼimigh siad leo mar sin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus dubhairt sé leo: Téighigidh sibh-se fosta isteach chun mo fhíonghuirt, agus bhéarfaidh mé díbh cibé a bhéas ceart.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus a dubhairt sé ríu: Imdhighsi leis don fhíneamhuin, agus gidh bé ní bhús ceart do bhéara mé dhíbh é. Agus do imdhigheadarsan.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus dubhairt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am’ fhíonghort-sa, agus tabharfad daoibh fé mar a bheidh ceart.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 agus dúirt sé leo: ‘Isteach i mʼfhíon-ghort libh-se freisin, agus díolfaidh mé libh an pá ceart.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 agus dúirt sé leo: ‘Isteach i m'fhíonghort libhse freisin, agus díolfaidh mé libh an pá ceart.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:4
12 Tagairtí Cros  

Agus do chuaidh sé amach ar an tríomhadh h‐uair, agus do chonnaic sé dream eile ’n‐a seasamh díomhaoin ar áit an mhargaidh;


Agus do chuaidh sé amach arís ar an sémhadh agus ar an naomhadh h‐uair, agus do‐rinne sé mar an gcéadna.


Agus nuair d’imthigh Íosa as an áit sin, do chonnaic sé fear, dárbh ainm Matha, ’n‐a shuidhe i n‐áit na cánach: agus adubhairt sé leis, Lean mise. Agus d’éirigh seisean, agus do lean sé é.


Agus do bhí a leitheidí sin oraibh‐se: acht do nigheadh sibh, acht do naomhuigheadh sibh, acht do fíréanuigheadh sibh i n‐ainm an Tighearna Íosa, agus tré Spiorad ár nDé.


agus ní fhuil meas ar phearsain duine seachas a chéile. A mháighistreacha, tabhraidh a gceart agus a gcomhthrom féin do bhur seirbhíseachaibh, agus a fhios agaibh go bhfuil Máighistir agaibh féin ar neamh, leis.


Is fíor an rádh é, agus ba mhian liom go gcuirfeá ’n‐a luighe ar na daoinibh é, go gcaithfidh an dream chreideas i nDia deagh‐oibreacha do chleachtadh. Is iad so na neithe atá fóghanta, tairbheach do na daoinibh:


D’á bhrigh sin, ag teannadh bhur n‐intinne, bidhidh stuama, agus bíodh bhur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiubharfar daoibh le foillsiú Íosa Críost;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí