Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus do chuaidh sé amach ar an aonmhadh h‐uair dhéag, agus fuair sé tuilleadh ’n‐a seasamh; agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith i n‐bhúr seasamh díomhaoin annso ar feadh an lae?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Agus i dtrátha an aonú huair déag chuaigh sé amach go bhfuair fir eile ina seasamh thart; gur fhiafraigh díobh, ‘Cad chuige daoibh seasamh thart díomhaoin i rith an lae?’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus timcheall na h-aonmhadh h-uaire déag chuaidh sé amach, agus fuair sé tuilleadh ina seasamh, agus deir sé leo: Cad chuige a bhfuil sibh bhur seasamh annseo i rith an lae gan obair?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus ar ndul a mach dhó a dtimcheall an áonmhadh húair déag, fúair sé dream eile na seasamh díomháoineach, agus a deir sé ríu, Créad fá bhfuiltísi bhur seasamh an so feadh an láoi díomháoineach?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Ach do chuaidh sé amach tímpal an t-aon uair dhéag, agus fuair sé tuille ’n-a seasamh, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith anso i nbhúr seasamh díomhaoin an lá go léir?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Ach nuair a chuaigh sé amach timpeall an aonú huair déag, fuair sé tuilleadh acu ann agus dúirt leo: ‘Cad a dʼfhág anseo ar feadh an lae sibh agus sibh díomhaoin?’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Ach nuair a chuaigh sé amach timpeall an aonú huair déag, fuair sé tuilleadh acu ann agus dúirt leo: ‘Cad a d'fhág anseo ar feadh an lae sibh agus sibh díomhaoin?’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:6
10 Tagairtí Cros  

Agus do chuaidh sé amach arís ar an sémhadh agus ar an naomhadh h‐uair, agus do‐rinne sé mar an gcéadna.


Adubhradar‐san leis, De chionn nár chuir aon duine ar aimsir sinn. Adubhairt seisean leo, Téidhidh‐se, leis, isteach sa bhfíonghort.


Agus nuair tháinig siad‐san do fostuigheadh timcheall na h‐aonmhadh h‐uaire déag, fuair gach duine aca pinginn.


Caithfimíd oibreacha an té do chuir uaidh mé do dhéanamh an fhaid atá an lá ann: atá an oidhche ag teacht nuair nach bhféadann aon duine obair do dhéanamh.


(Óir n’ raibh de chaitheamh aimsire ag lucht na h‐Aithne agus ag na coimhthigheachaibh do bhíodh ’n‐a gcómhnaidhe annsin, acht bheith ag innsin nó ag clos nidh úr‐nua éigin.)


chum nach n‐éireochadh sibh leisceamhail, acht go ndéanfadh sibh aithris ar na daoinibh fuair na geallamhnacha mar oidhreacht de bhárr creidimh agus foidhne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí