Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus nuair thángadar‐san chum Íosa d’athchuingheadar go dian air, g‐á rádh, Is fiú é go ndéanfá an nidh sin dó;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Agus nuair a tháinig siad chuig Íosa, dʼiarr siad achainí air, agus dúirt siad, “Is maith is fiú é go ndéanfá an méid sin dó,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus nuair a tháinic siad chuig Íosa, ghuidh siad é go dúthrachtach, ag rádh leis: Is airidhe air go ndéanfá seo dó;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus an tan thangadar so chum Iósa, díarradar air go díthcheallach, ag rádh, Gur bhfíu é so do thabhuirt dó:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus nuair a thánadar-san ag triall ar Íosa d’iarradar go cruaidh air dul, agus dubhradar; Is fiú é go ndéanfá an nídh sin dó,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Ar theacht i láthair Íosa dóibh sin, bhí siad ag achainí air go díocasach, dá rá: “Is maith an díol air go dtabharfá an aisce seo dó;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Ar theacht i láthair Íosa dóibh sin, bhí siad ag achainí air go díocasach, á rá: “Is maith an díol air go dtabharfá an aisce seo dó;

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:4
9 Tagairtí Cros  

Agus cibé cathair nó baile beag ’n‐a rachaidh sibh isteach, cuiridh tuairisc deagh‐dhuine ann; agus fanaidh annsin nó go raibh sibh ag imtheacht.


Agus má’s fiú an teach sin é, tigeadh síothcháin uaibh ar an tigh: acht muna fiú, filleadh bhúr síothcháin oraibh féin.


acht na daoine go meastar gur fiú iad an saoghal úd, agus an aiséirghe ó na marbhaibh d’fhágháil, ní phósaidsean agus ní tugtar le pósadh iad:


Agus nuair do‐chuala sé i dtaobh Íosa, do chuir sé chuige cuid de sheanóiribh na nIúdach, g‐á iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach do leigheas.


óir atá grádh aige d’ár gcineadh, agus do thóg sé féin ár sionagóg dúinn.


go raibh eagla Dé air féin agus ar a theaghlach go léir, fear do‐bheireadh a lán déirce do na daoinibh, agus do bhíodh de ghnáth ag guidhe Dé.


Acht atá beagán daoine i Sárdis nár shaluigh a n‐éadaighe: agus siubhalfaid‐sean i n‐éinfheacht liom i n‐éadaighibh geala; óir is fiú iad é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí