Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:37 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Agus ní chuireann aon duine fíon úr i sean‐bhuidéalaibh leathair: óir réabfaidh an fíon úr na buidéil leathair, agus doirtfear an fíon, agus caillfear na buidéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

37 Agus ní chuireann duine ar bith fíon nua isteach i seanseithí; mar má dhéanann, réabfaidh an fíon nua na seithí agus doirtfear é, agus millfear na seithí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

37 Agus ní chuireann aoinneach fíon úr i sean-bhuidéil, nó brisfidh an fíon úr na buidéil, agus doirtfear é féin, agus rachaidh na buidéil amugha;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Agus ní chuireann duine ar bith fíon núa a seanbhuidéuluibh; nó brisfidh an fíon núa na buidéil, agus dóirtfidhear an fíon agus rachuid na buidéil a múgba.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Agus ní chuireann aoinne fíon nua i sean-árthaíbh leathair, mar brisfidh an fíon nua an seana-leathar, agus doirtfar an fíon agus caillfar an t-árthach leathair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

37 Ná ní chuireann aon duine fíon nua i seanseithí: má chuireann, pléascfaidh an fíon nua na seithí; doirtfear an fíon agus millfear na seithí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

37 Ná ní chuireann aon duine fíon nua i seanseithí: má chuireann, pléascfaidh an fíón nua na seithí; doirtfear an fíon agus millfear na seithí.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:37
6 Tagairtí Cros  

Agus ní chuireann daoine fíon úr i sean‐bhuidéalaibh leathair: má chuireann, pléascthar na buidéil, agus doirtear amach an fíon, agus cailltear na buidéil: acht cuireann siad fíon úr i mbuidéalaibh úr‐nua, agus sábháltar iad araon.


Agus adubhairt sé leo tré shamhlaoid: Ní stiallann aoinneach preabán de bhrat nua chum sean‐bhrat do dheishiú; óir stiallfaidh sé an t‐éadach nua, agus ní oirfidh an preabán do baineadh ó’n éadach nua do’n tsean‐éadach.


Acht ní foláir fíon úr do chur i mbuidéalaibh nua.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí