Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 4:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Caidé an bhaint atá againne leat‐sa, a Íosa Nasardha? an chum sinn do scrios tháinig tú? Tá a fhios agam cia h‐é thú, Aon Naomhtha Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 “Ochón! Cad chuige a bhfuil tú dúinn, a Íosa Nasara? An dár milleadh a tháinig tú? Nach feasach dom cé tú féin, Neach naofa Dé.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 Ag rádh: leig dúinn, cad é an bhaint atá againne agus agat-sa le chéile, a Íosa as Nasair? An dár milleadh a tháinic tú? Tá a fhios agam cé h-é thú, Neach Naomhtha Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Ag rádh, Uch; créud í an bhúain atá aguinne riot, a Iósa Nasardha? an dár sgrisne tháinic tú? a tá a fhios agumsa cia thú, Neach Náomhtha Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus dubhairt: leig dúinn; cad í an bhaint atá againne leat-sa, a Íosa Nasareit? An chun sinn a mhilleadh do tháinís? Tá ’fhios agam ce h-é thu, Aon Naomhtha Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 “Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Ar tháinig tú chun sinn a mhilleadh? Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

34 “Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Ar tháinig tú chun sinn a mhilleadh? Is eol dom cé hé tú: Naomh Dé.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 4:34
22 Tagairtí Cros  

Agus, féach, do ghlaodhadar amach agus adubhradar, Cad é an bhaint atá againn leat‐sa, a Mhic Dé? an chum sinn do chiapadh roimh an aimsir tháinig tú?


Cad é an bhaint atá againne leat, a Íosa Nasardha? An dtáinig tú chum sinn do scrios? Atá a fhios agam cia h‐é thusa, Aon Naomhtha Dé.


Agus do leigheas sé a lán daoine ar a raibh galair ilghnéitheacha, agus do chaith sé amach a lán deamhan; agus níor cheaduigh sé do na deamhanaibh labhairt, mar d’aithnigheadar é.


agus ag glaodhach amach de ghuth árd dó, adubhairt sé, Cad é an chuid atá agam‐sa dhíot, a Íosa, a Mhic Dé is Aoirde? Athchuinghim ort, as ucht Dé, gan mo phianadh.


Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé léi, Tuirlingeochaidh an Spiorad Naomh ort, agus clúdóchaidh cumhacht an Té is Aoirde thú: agus, d’á bhrigh sin, an té béarfar, glaodhfar naomhtha air, Mac Dé.


Agus do bhí duine sa tsionagóig ’n‐a raibh spioraid deamhain neamh‐ghlain; agus do ghlaodh sé amach de ghuth árd,


Agus tháinig deamhain as mórán, leis, ag liughraigh dhóibh, g‐á rádh, Is tusa Mac Dé. Acht do smachtuigh sé iad, agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir do b’eol dóibh gurbh é an Criost é.


Agus nuair do chonnaic sé Íosa, do ghlaodh sé amach agus do thuit sé ar lár roimhe, agus adubhairt sé de ghuth árd, Caidé an chuid atá agam‐sa dhíot, a Íosa, a Mhic Dé is Aoirde?


Agus muinntear críche na nGerasénach thart timcheall, d’iarr siad air imtheacht uatha; óir ba mhór an eagla do bhí ortha: agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus d’fhill sé ar ais.


agus thángadar agus d’impidheadar ortha; agus tar a éis dóibh a dtabhairt amach, d’iarradar ortha imtheacht ó’n gcathair.


De bhrigh nach bhfágfair m’anam san uaigh Agus nach leigfir dot’ Aon Naomhtha truailliú d’fheicsin.


Do shéanabhar an t‐Aon Naomhtha Fíréanta, agus d’iarrabhar dúnmharbhthóir do thabhairt daoibh,


óir is dearbh gur chruinnigh le chéile san gcathair seo, Ioruath agus Point Píoláid, maille leis na Geintibh agus le treabhaibh Israel, i n‐aghaidh do Sheirbhísigh naomhtha Íosa,


D’á bhrigh sin, ó tá an chlann rannpháirteach i bhfeoil agus i bhfuil, do ghlac sé féin, leis, páirt ionnta; chum go mbrisfeadh sé, de bhárr an bháis, chumhacht an té go raibh cumhacht an bháis aige, is é sin an diabhal;


Creideann tusa nach bhfuil acht aon Dia amháin ann; is maith do‐ghní tú; creideann na deamhain féin é, leis, agus bíonn baill‐chrith ortha.


an té do‐ghní peacadh, is duine de chlainn an diabhail é; óir atá an diabhal ag déanamh peacaidh ó thús. Chuige seo is eadh do foillsigheadh Mac Dé, chum go gcuirfeadh sé deireadh le h‐oibreachaibh an diabhail.


Agus rug sé ar an dragún, an tsean‐nathair nimhe, gur ab é an Diabhal agus Sátan é, agus do cheangail sé míle bliadhain é,


Agus scríobh chum aingil na h‐eaglaise i bhFiladelfia; Is é adeir an té atá naomhtha, an té atá fíor, an té go bhfuil eochair Dháibhí aige, an té fhosclas, agus ní dúntar ’n‐a dhiaidh; té dhúnas, agus ní foscailtear ’n‐a dhiaidh:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí