Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus gluaisfidh sé roimhe i gcumhacht Éliais, chum croidhthe na n‐athar d’iompódh chum na clainne, agus chum an lucht easumhal d’iompodh chum eagna na bhfíréan, agus chum pobal fíréan d’ullmhú do’n Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 agus siúlfaidh sé roimhe agus sprid agus cumhacht Elía aige, le croíthe na n‑aithreacha a chasadh chun a gclainne, agus leis an dream easumhal a thabhairt chun eagna na bhfíréan, le pobal toilteanach a ullmhú don Tiarna.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Agus rachaidh seisean roimhe i spiorad agus i gcumhacht Elíais, chun croidhthe na n-aithreach a thionntódh ar a gcloinn, agus na díchreidmhigh ar eagna na bhfíréan, le pobal cóir d’ullmhughadh do’n Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Oir géubhaidh seisean roimhesan a spioraid agus a shubháilce Elías, dfilleadh chroidheadh na naithreach chum na cloinne, agus na neasumhal chum gliocuis na dáoine gcomhthrom; agus dullmhughadh phobuil dhiongmhálta don Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus gluaiseóchaidh sé roimis amach i spioraid agus i gcómhacht Eliais, chun croidhthe na n-athar d’iompáil ar an gclainn, agus chun lucht díthchreidimh d’iompáil chun eagna na bhfíoraon, agus pobul fíoraon d’ollamhú do’n Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Gluaisfidh sé roimhe amach le spiorad agus le cumhacht Éilias, chun croíthe na n-aithreacha a iompú i leith na clainne, agus lucht na heasumhla chun eagna na bhfíréan, chun pobal a dhiongbhála a ullmhú don Tiarna.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

17 Gluaisfidh sé roimhe amach le spiorad agus le cumhacht Éilias, chun croíthe na n‑aithreacha a iompú i leith na clainne, agus lucht na heasumhla chun eagna na bhfíréan, chun pobal a dhiongbhála a ullmhú don Tiarna.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:17
38 Tagairtí Cros  

Agus, má’s maith libh a ghlacadh, is é seo Élias atá le teacht.


Óir adubhairt Eoin leis, Ní dleaghthach duit í do bheith agat.


Óir is eisean an té úd ar ar labhair Ésáias fáidh, nuair adubhairt se, Guth an té atá ag glaodhach sa bhfásach, Ullmhuighidh slighe an Tighearna, Déanaidh a chosáin díreach.


Agus is é éadach do bhí ar Eoin ruainneach camaill, agus do bhí crios leathair i dtimcheall a chuim; agus is é biadh do bhí aige lócaistí agus mil cuasnóige.


Agus iompóchaidh sé mórán de chlainn Israel chum an Tighearna, a nDia.


Agus tusa, a leinbh, glaodhfar ort fáidh an Té is Aoirde; Óir rachair roimh an Tighearna ag réidhteach na slighe dhó:


nach ó’n bhfuil, ná ó thoil na colna, ná ó thoil duine do geineadh iad, acht ó Dhia.


Agus do chonnacas, agus thugas fiadhnaise gur ab é Mac Dé é seo.


Is fiadhnaidhthe sibh féin dom go ndubhras, Ní mise an Críost, acht, do cuireadh roimhe mé.


Ar an adhbhar sin do chuireas fios ort‐sa; agus is maith do‐rinnis agus teacht. Sin é an fáth go bhfuilmíd uile láithreach annso i bhfiadhnaise Dé, chum bheith ag éisteacht le gach ar órduigh Dia dhuit a rádh.


chum go nochtfadh sé saidhbhreas a ghlóire do shoithighibh trócaire, d’ullmhuigh sé roimh ré, chum glóire,


ag breith buidheachais leis an Athair, do rinne sinn oireamhnach chum bheith rannpháirteach i n‐oidhreacht na naomh san tsolas.


Uime sin, má choimheádann duine é féin slán uatha so, béidh sé ’n‐a shoitheach chum onóra, soitheach beannuighthe, usáideach do’n té gur leis é, fóghanta chum gach deagh‐ghnó.


Acht cineadh toghtha is eadh sibh‐se, sagartacht ríoghdha, náisiún naomhtha, pobal atá ’n‐a shealbhachas ar leith aige féin; chum go bhfógróchadh sibh tréithe oirdhearca an té do ghlaodh as an dorchadas sibh chum a sholais iongantaigh féin:


Anois, a chlann bheag, cómhnuighidh ann, ionnas, má foillsightear é, go mbéidh uchtach againn, gan náire bheith orainn nuair thiocfas sé.


Agus do chonnacas árd‐chathaoireacha; agus duine ’n‐a suidhe ionnta go dtugadh de chead dóibh breitheamhnas do thabhairt: agus do chonnacas anmanna na ndaoine do di‐cheannuigheadh ar son fiadhnaise Íosa, agus ar son briathair Dé, agus nach dtug adhradh do’n ainmhidhe, ná d’á íomháigh, agus nár ghlac chuca a marc ar chlár a n‐éadain, ná ar a láimh; agus thángadar ’n‐a mbeathaidh, agus do riaghluigheadar i bhfochair Íosa míle bliadhain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí