Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 7:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Seachanaidh na fáidhe fallsa, a thagann chúghaibh i gclúid na gcaorach agus gur faolchoin chraosacha laistigh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 “Seachnaígí na fáithe bréige, a thagann chugaibh faoi chulaith chaorach, ach atá ina mic tíre craosacha iontu féin istigh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Seachnaigidh na fáidhe bréige, a thig chugaibh i gculaith chaorach, acht ar maca tíre crosacha iad ar an taoibh istigh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Seachnuighidh na fáidhe fallsa, thig chugaibh i riocht caorach, acht atáid ’n‐a madraibh allta leath istigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidh állta fhúaduigheachda.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 “Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 “Seachnaígí na fáithe bréige a thagann chugaibh faoi chló caorach ach gur faolchúnna amplacha iad laistigh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 7:15
54 Tagairtí Cros  

Ach seachnaidh sibh féin ar na daoine. Óir, tabharfid siad ar láimh sibh, ins na cómhairlíbh agus sgiúrsálfaid siad sibh i n-a sinagógaibh;


Cad ’n-a thaobh ná tuigeann sibh nách i dtaobh aráin adubhart, Seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach?


Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.


Agus eireóchaid a lán fáidhí fallsa, agus meallfaid siad a lán.


Is ana-chumhang an dorus agus is ana-chaol an bóthar a sheólann chun na beatha, agus ní mór a gheibheann eólus air.


Agus dubhairt sé leó-san: Féach, seachnaidh gach saint; óir ní sa bhflúirse atá ag aoinne, de sna neithe is leis, atá a bheatha.


Is mairg daoibh nuair a bheid na daoine ag beannachtaí oraibh, óir sin mar a dheineadh a sínsear leis na fáidhibh fallsa.


An fear tuarasdail ámhthach, óir ní h-é an t-aodhaire é, agus ní leis féin ná caoire, chíonn sé an machtíre ag teacht, agus fágann sé na caoire agus teitheann sé; agus deineann an machtíre foghail ar na caoire agus sgaipeann sé iad.


Seachnaidh, d’á bhrígh sin, san a’ dtiocfadh oraibh an rud adeirtear ins na fáidhibh:


Agus nuair a bhí an t-oileán go léir siúbhalta acu chómh fada le Paphos, fuaradar draoi áirithe, fáidh fallsa, Iúdach gur bh’ainim dó Bar-Iésus.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí