Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 7:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Is ana-chumhang an dorus agus is ana-chaol an bóthar a sheólann chun na beatha, agus ní mór a gheibheann eólus air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Mar is caol cúng an geata agus is deacair duamhar an bealach a théas chun na beatha, agus is beag duine a fhaigheas amach é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Nach cumhang an geafta, agus nach caol an bóthar, a threoruigheas chun na beatha; agus is beag a chuireas eolas air.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Óir is cumhang an doras, agus is caol an bealach sheolas chum na beathadh, agus is beag duine do‐gheibh eolas air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Do bhrígh gur cumhann an doras, agus is caól an tslighe thréoraigheas chum na beatha, agus is beag do gheibh eólus uirrthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 Ach is cúng an doras agus is caol an bóthar a sheolann chun na beatha, agus is iad an beagán a aimsíonn é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 7:14
27 Tagairtí Cros  

Sin mar a bheidh an mhuintir dhéanach ar tosach, agus an mhuintir thosaigh ar deire. Óir tá glaoidhte ar mhórán agus níl toghtha ach beagán.


Óir tá glaoidhte ar mhórán, agus ní’l toghtha ach beagán.


Téighidh isteach an dorus cumhang, óir is fairsing an dorus agus is leathan an bóthar a sheólann chun díthe, agus tá a lán a leanann é.


Seachanaidh na fáidhe fallsa, a thagann chúghaibh i gclúid na gcaorach agus gur faolchoin chraosacha laistigh iad.


Agus ghlaoidh sé chuige na daoine agus a dheisgiobuil i n-aonfheacht, agus dubhairt sé leó: Má’s mian le h-aoinne mise do leanmhaint, séanadh sé é féin, agus glacadh sé chuige a chros, agus leanadh sé mé.


Ná bíodh eagal oraibh, a thréad bheag, óir isé toil bhúr n-Athar an rígheacht a thabhairt daoibh.


Cuirfid siad amach as na sinagógaibh sibh: seadh, agus tá an t-am ag teacht nuair a mheasfaidh an t-é a chuirfidh chun bhais sibh go mbeidh onóir aige ’á thabhairt do Dhia.


Do labhras na neithe sin libh ionus go mbeadh síothchain agaibh ionam-sa. Beidh trioblóid sa tsaoghal agaibh; ach glacaidh misneach, tá buaidhte agam-sa ar an saoghal.


agus do chuireadar sagairt fé ghrádhaibh dóibh ins gach eaglais, agus dheineadar úrnuighthe agus trosgadh, agus ansan thugadar suas do’n Tighearna iad, óir do chreideadar ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí