Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 7:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Téighidh isteach an dorus cumhang, óir is fairsing an dorus agus is leathan an bóthar a sheólann chun díthe, agus tá a lán a leanann é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 “Gabhaigí isteach ar an ngeata cúng; mar is fairsing an geata agus is réidh an bealach a thugann chun an léirscríosta, agus is iomaí sin duine a théas isteach ann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Téighigidh isteach ar an gheafta chumhang, óir is fairsing an geafta, agus is leathan an bóthar a threoruigheas chun na h-aimhleasa; agus dá mórán a théid isteach air.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Téighidh isteach an doras cumhang: óir is fairsing an doras, agus is leathan an bealach sheolas fá dhéin an léirscriosta, agus is iomdha duine ghabhas é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Imthighidh a sdeach sa dorús chumhann: óir is farsing an dorus, agus is leathan an tslighe, thréoraigheas do chum damanta, agus is mór théid a sdeach thríthe:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 “Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léir-scrios ta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 “Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léirscriosta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 7:13
38 Tagairtí Cros  

Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n-aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach.


Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh;


Agus imtheóchaid siad san isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach i mbeatha shíoruidhe.


Agus deireadh sé: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh


Má’s eadh tugaidh toradh uaibh a bheidh do réir na h-aithrighe.


Is ana-chumhang an dorus agus is ana-chaol an bóthar a sheólann chun na beatha, agus ní mór a gheibheann eólus air.


Ar an gcuma gcéadna, gach duine agaibh-se ná tugann druim lámha le n-a bhfuil aige, ní féidir dó bheith ’n-a dheisgiobul agam-sa.


Agus do thárla, nuair a bhíodar ag imtheacht uaidh, go ndubhairt Peadar le h-Íosa: A Mháighistir, is maith an bhail orainne bheith anso; agus deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Maois, agus pubal d’Elias; agus gan a fhios aige cad a bhí aige dh’á rádh.


Is mise an dorus. Má’s tríom-sa a raghaidh duine isteach, saorfar é; agus geobhaidh sé isteach agus amach, agus gheobhaidh sé an fhosuigheacht.


Dubhairt Íosa leis: Is mise an tslígh, agus an fhírinne, agus an bheatha; ní thagann aoinne chun an Athar ach tríom-sa.


Déinidh aithríghe dá bhrígh sin, agus iompuighidh, ionus go mbuailfí amach bhúr bpeacaí,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí