Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 6:33 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Loirgidh ar dtúis, d’á bhrígh sin, rígheacht Dé agus a fhíoraontacht, agus tabharfar daoibh, leis, na neithe sin go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 Ach bíodh a ríochtsan agus a fhíréantachtsan mar chúram oraibhse roimh rud ar bith eile, agus beidh na nithe sin uile go léir agaibh lena gcois.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Ar an adhbhar sin, iarraigidh ar dtús ríoghacht Dé, agus a fhíréanacht: agus bhéarfar díbh, le n-a chois sin, na neithe seo uilig.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Acht loirgidh ar dtús ríoghacht Dé agus a fhíréantacht, agus do‐bhéarfar daoibh sa mbreis na neithe sin go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 Ach déanaigí Ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

33 Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:33
51 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim libh, sibh-se do lean mé, sa n-aithgheineamhaint, nuair a shuidhfidh Mac an Duine i gcathaoir a ghradaim, súidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil.


Agus gach duine a dh’fhágfaidh a thigh, nó a dhritháracha, nó a dhriféaracha, nó a athair, nó a mháthair, nó a bhean, nó á chlann, nó a chuid tailimh, ar son m’ainime-se, gheobhaidh sé fó chéad, agus beidh an bheatha shíoruidhe aige.


Agus deireadh sé: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh


As san amach do thusnuigh Íosa ar sheanmóin, agus ar a rádh: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh.


Is aoibhinn do’n mhuintir go bhfuil ocras agus tart chun fióraontachta ortha, mar ’s iad a gheóbhaidh a sáith.


Agus bhí an bheirt fíoraonta i láthair Dé ag siubhal i n-aitheantaibh agus i ndlistineasaibh an Tighearna, go h-iomlán, gan cháim.


Loirgidh ar dtúis, ámhthach, rígheacht Dé agus a fhíoraontacht, agus gheobhaidh sibh mar thuille na neithe sin go léir.


Óir do thagadh aingeal an Tighearna anuas ar uairibh áirithe, sa loch, agus do cor-uightí an t-uisge. Agus an t-é ba thúisge bhíodh istigh sa loch tar éis choruighe an uisge, do leighistí é ó pé gearán a bhíodh air.


Ná saothruighidh an bia a théigheann ar neamhnídh, ach saothruighidh an bia marthanach a thugann beatha shíoruidhe, an bia a thabharfaidh Mac an Duine dhaoibh. Óir is air sin a chuir Dia, an t-Athair, séala.


Agus féach anois, is eól dómhsa ná feicfidh sibh mo ghnúis a thuille, sibhse go léir n-a bhfuil siúbhaltha i nbhúr measg agam ag craobhsgaoile righeachta Dé.


Agus rígheacht Dé aige ’á chraobhsgaoile, agus é ag múine na neith a bhaineann leis an dTighearna Íosa Críost le lánmhisneach agus gan chosg.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí