Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 6:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Acht loirgidh ar dtús ríoghacht Dé agus a fhíréantacht, agus do‐bhéarfar daoibh sa mbreis na neithe sin go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 Ach bíodh a ríochtsan agus a fhíréantachtsan mar chúram oraibhse roimh rud ar bith eile, agus beidh na nithe sin uile go léir agaibh lena gcois.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Ar an adhbhar sin, iarraigidh ar dtús ríoghacht Dé, agus a fhíréanacht: agus bhéarfar díbh, le n-a chois sin, na neithe seo uilig.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Loirgidh ar dtúis, d’á bhrígh sin, rígheacht Dé agus a fhíoraontacht, agus tabharfar daoibh, leis, na neithe sin go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 Ach déanaigí Ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:33
51 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, nuair shuidhfeas Mac an Duine i gcathaoir a ghlóire, san aith‐gheineamhain, sibh‐se do lean mé, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag, ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.


Agus gach duine do thréig tighthe, nó dearbhráithre, nó deirbhsheathracha, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, gheobhaidh sé a gcéad oiread, agus béidh an bheatha shíorraidhe mar oighreacht aige.


g‐á rádh, Déanaidh aithrighe, óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.


As sin amach do thosnuigh Íosa ar sheanmóir, g‐á rádh, Déanaidh aithrighe: óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.


Is aoibhinn dóibh‐sean ar a bhfuil ocras agus tart chum fíréantachta, mar do‐gheobhaid a sáit.


Agus do bhíodar, beirt, fíréanta i bhfiadhnaise Dé, ag siubhal gan locht de réir gach aithne agus reachta an Tighearna.


Acht loirgidh a ríoghacht‐san, agus do‐bhéarfar na neithe sin daoibh sa mbreis.


Ná saothruighidh an biadh théigheas amugha, acht saothruighidh an biadh mhaireas go dtí an bheatha shíorraidhe, an biadh bhéarfas Mac an Duine dhaoibh: óir is airsean do chuir an t‐Athair, Dia, a shéala.


Agus féach, anois, atá a fhios agam nach bhfuil duine agaibh, gur shiubhlas ’n‐bhúr measc ag craobhscaoileadh na ríoghachta, fheicfeas mo ghnúis arís.


ag craobhscaoileadh ríoghachta Dé, agus ag múineadh le dánacht na neithe bhaineas leis an Tighearna Íosa Críost, gan aon duine ag cur coisc leis.


Óir is ann foillsightear fíréantacht Dé tré chreideamh chum creidimh: mar tá scríobhtha, Is tré chreideamh mhairfeas an fíréan.


Óir, ar mbeith gan eolas ar fhíréantacht Dé dhóibh, agus iad d’iarraidh a bhfíréantacht féin do bhunadh, níor umhluigheadar d’fhíréantacht Dé.


óir ní biadh agus ól ríoghacht Dé, acht fíréantacht, agus síothcháin, agus áthas san Spiorad Naomh.


Créad adéarfaimíd annsin i dtaobh na neithe sin? Má tá Dia i bpáirt linn, cia bhéas ’n‐ár n‐aghaidh?


Óir is tríd‐sean atá sibh i nÍosa Críost, an té do‐rinneadh eagna ó Dhia dhúinn mar fhíréantacht, agus mar naomhthacht, agus mar fhuascailt:


Óir is libh‐se an uile nidh; is cuma cia aca Pól, nó Apollos, nó Céfas, nó an saoghal, nó beatha, nó bás, nó neithe atá de láthair, nó neithe atá le teacht; is libh‐se iad uile;


Óir thug sé airsean, do bhí gan eolas ar an bpeacadh, thug sé air bheith ’n‐a pheacadh ar ár son, chum go ndéanfaidhe fíréantacht Dé dhínne ann.


agus go bhfaighfidhe mé ann, gan fíréantacht dem’ chuid féin bheith agam, fíréantacht ó’n dlighe, acht an fhíréantacht thig ó Dhia tré chreideamh;


Cómhartha ceart‐bhreitheamhnais Dé is eadh é; ionnas go measfaidhe gur fiú sibh ríoghacht Dé, go bhfuil sibh ag fulang ar a son:


Agus déan cleachtadh ar an diadhacht: óir is beag an tairbhe atá i n‐aclaidheacht cuirp; acht atá tairbhe le h‐aghaidh an uile nidh san diadhacht, mar tá innti geallamhain na beathadh atá ann anois, agus atá le teacht.


Síomón Peadar, seirbhíseach agus abstal Íosa Críost, chum na ndaoine fuair an creideamh sár‐luachmhar céadna atá againne; tré fhíréantacht ár nDé agus ár Slánuightheora Íosa Críost:


óir is mar sin do‐bhéarfar daoibh slighe fhairsing isteach i ríoghacht ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí