Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus dubhairt sé leis na daoine suidhe ar an bhféar; agus thóg sé na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-san dos na sluaightibh iad;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Dʼordaigh sé ansin do na sluaite suí fúthu ar an bhféar; agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc agus dʼfhéach suas ar neamh, agus bheannaigh na builiní agus roinn i ranna iad gur thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Agus nuair a d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe síos ar an fhéar, ghlac sé na cúig h-aráin agus an dá iasc, d’amharc suas ar neamh, bheannuigh, bhris agus thug na h-aráin dá dheisciobail, agus thug na deisciobail do na sluaighte.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus adubhairt sé leis na sluaightibh suidhe síos ar an bhféar; agus do ghlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachaint suas ar neamh dhó, do bheannuigh, agus do bhris sé na bollóga, agus thug sé d’á dheisceablaibh iad, agus thug na deisceabail do na sluaightibh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus ar na áithne don phubal suidhe air an bhféur, agus ar nglacadh ná gcúig narán, agus an dá íasg, ag féachain súas air neamh, do bheannaigh sé, agus ar ná mbriseadh, tug sé ná harain do ná deiscioblaibh, agus tugadar ná deisciobail don tslúagh íad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Dʼordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig bhuilín agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 D'ordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:19
24 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt sé: Tugaidh chúgham anso iad san.


Agus d’órduigh sé dhóibh na daoine go léir do chur ’n-a suidhe ’n-a gcuideachtanaibh ar an bhféar glas.


Agus thóg sé na chúig bhulóga agus au dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun na bhflathas, agus bheannuigh sé iad agus bhris, agus thug d’á dheisgiobulaibh le cur os cómhair na ndaoine; agus do rainn sé an dá iasg ortha go léir.


Agus d’fhéach sé suas chun na bhflathas agus dhein sé osna, agus dubhairt Ephpheta, ’sé sin, Osgail.


Agus thóg sé an chailís agus do ghaibh sé buidheachas agus dubhairt: Glacaidh agus rainnidh eadraibh;


Agus thóg sé arán agus ghaibh sé buidhchas agus do bhris sé é agus thug sé dhóibh é agus dubhairt sé: ’Sé mo chorp é seo, a tugtar ar bhúr son; deinidh an nídh seo mar chuimhneamh orm.


Agus do thárla, an fhaid a bhí sé ag caitheamh bídh ’n-a bhfochair, gur thóg sé arán, agus gur bheannuigh sé é agus gur bhris sé é, agus gur thug sé dhóibh é.


Bhí tímpal chúig mhíle fear sa tsluagh. Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Cuiridh ’n-a suidhe iad ’n-a gcuideachtanaibh, caogad i ngach cuideachtain.


Ansan do thóg sé na chúig bulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus do bhris, agus thug d’a dheisgiobuil le cur os cómhair na ndaoine.


Ansan do tógadh an chloch. Agus d’fhéach Íosa suas agus dubhairt sé: A Athair, bheirim a bhuidheachas leat gur éistis liom.


Tháinig, ámhthach, loingeas eile ó Thiberias i n-aice na h-áite ’n-ar h-itheadh an t-arán, nuair a ghaibh an Tighearna buidheachas;


Nuair a bhi an méid sin ráidhte aige do thóg se arán agus ghaibh se bhuidhchas le Dia os a gcómhair go léir, agus bhris sé an t-arán agus chrom sé ar ithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí