Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 D'ordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Dʼordaigh sé ansin do na sluaite suí fúthu ar an bhféar; agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc agus dʼfhéach suas ar neamh, agus bheannaigh na builiní agus roinn i ranna iad gur thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Agus nuair a d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe síos ar an fhéar, ghlac sé na cúig h-aráin agus an dá iasc, d’amharc suas ar neamh, bheannuigh, bhris agus thug na h-aráin dá dheisciobail, agus thug na deisciobail do na sluaighte.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus adubhairt sé leis na sluaightibh suidhe síos ar an bhféar; agus do ghlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachaint suas ar neamh dhó, do bheannuigh, agus do bhris sé na bollóga, agus thug sé d’á dheisceablaibh iad, agus thug na deisceabail do na sluaightibh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus ar na áithne don phubal suidhe air an bhféur, agus ar nglacadh ná gcúig narán, agus an dá íasg, ag féachain súas air neamh, do bheannaigh sé, agus ar ná mbriseadh, tug sé ná harain do ná deiscioblaibh, agus tugadar ná deisciobail don tslúagh íad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus dubhairt sé leis na daoine suidhe ar an bhféar; agus thóg sé na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-san dos na sluaightibh iad;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Dʼordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig bhuilín agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:19
24 Tagairtí Cros  

“Tugaigí chugam anseo iad,” ar seisean.


Agus d'ordaigh sé dóibh uile luí fúthu ina mbuíonta ar an bhféar glas,


Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh sé agus bhris na builíní agus thug do na deisceabail iad chun go gcuirfidís os a gcomhair iad, agus roinn sé an dá iasc ar chách.


agus, ag breathnú suas ar neamh dó, rinne sé osna agus dúirt leis: “Eafatá!” - focal a chiallaíonn: “Osclaítear thú.”


Agus ghlac sé cupa, agus ar altú dó dúirt: “Tógaigí é seo agus roinnigí eadraibh é;


Ansin, thóg sé arán, agus ar altú dó, bhris, agus thug dóibh é ag rá: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt ar bhur son. Déanaigí é seo mar chuimhne orm.”


Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t‑arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é.


óir bhí timpeall cúig mhíle fear ann. Dúirt sé lena dheisceabail: “Cuirigí ina luí fúthu ina mbuíonta iad, timpeall caoga sa bhuíon.”


Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua.


D'aistrigh siad an líog ansin agus d'ardaigh Íosa a shúile agus dúirt: “A Athair, gabhaim buíochas leat gur éist tú liom;


Tháinig, áfach, longa eile ó Thibirias isteach in aice na háite inar caitheadh an bia tar éis altú an Tiarna.


Tar éis na cainte sin thóg sé bollóg aráin, ghabh sé buíochas le Dia i bhfianaise chách, bhris an t‑arán agus chrom ar é a ithe.


An fear a dhéanann lá áirithe a chomóradh, is chun onóra Dé a dhéanann sé é. Agus an fear a chaitheann cineál áirithe bia is chun onóra Dé a chaitheann sé é agus is do Dhia a altaíonn sé. Agus an fear a staonann ó bhia áirithe is chun onóra Dé a staonann sé uaidh, agus is do Dhia a altaíonn seisean chomh maith.


Cupa an altaithe a bheannaímid, nach páirtíocht i bhfuil Chríost é? Agus an t‑arán a bhrisimid nach páirtiocht i gcorp Chríost é?


Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná d'eaglais Dé.


agus, ar altú dó, bhris agus dúirt: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt suas ar bhur son; déanaigí é seo mar chuimhne orm.”


Agus gach ní dá ndéanann sibh le briathar nó le gníomh, déanaigí an t‑iomlán in ainm an Tiarna Íosa ag gabháil buíochais le Dia an tAthair tríd.


Buailfidh sibh leis a luaithe a rachaidh sibh isteach sa chathair sula dtéann sé in airde ar an ardionad don bhéile; ní íosfaidh an pobal greim bia go dtí go dtiocfaidh sé, mar chaithfidh sé an íobairt a bheannú, ansin íosfaidh an mhuintir a gheobhaidh cuireadh. Téigí suas anois agus ní fada go bhfaighidh sibh é.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí