Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:20 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu. Agus do tógadh an fuighleach, dhá chiseán déag lán d’arán bhriste.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Agus dʼith siad uile a sá. Agus tógadh dhá chiseán déag a bhí lán de na ghrabhróga a fágadh mar fhuílleach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Agus d’ith siad uilig, agus fuair siad a sáith. Agus chruinnigh siad a raibh fágtha, dhá bhascáid dhéag lán de chonamair.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus d’itheadar go léir, agus do bhí a ndóthain aca: agus do thógadar lán dá chiseán déag de’n bhiadh do bhí d’fhuighleach aca.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus a dithadar uile ní, agus do sásuigheadh íad: agus do thogbhadar lán dhá chlíabhdhéag do bhíadh bhrisde do bhí dfoigheall aca.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Dʼith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán dhá chiseán déag.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

20 D'ith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán dhá chiseán déag.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:20
21 Tagairtí Cros  

Agus isé méid daoine a dh’ith bia ann, chúig mhíle fear, gan bac do mhnáibh agus do mhion-daoine.


Agus dubhairt a dheisgiobuil leis: Ach cá bhfaighmíd-ne, i bhfásach, oiread aráin agus shásóchaidh a leithéid de shluagh?


Is aoibhinn do’n mhuintir go bhfuil ocras agus tart chun fióraontachta ortha, mar ’s iad a gheóbhaidh a sáith.


Do líon sé le neithibh fóghanta lucht an ocrais, agus chuir sé chun siubhail folamh lucht an tsaidhbhris.


Agus d’ith na daoine go léir a ndóithin, agus do tógadh dhá chiseán déag de bhia briste a fágadh.


D’fhreagair Pilib é: Ní bheadh i luach dhá chéad pingin de bhulógaibh oiread agus thabharfadh blúire beag do’n duine acu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí