Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus isé méid daoine a dh’ith bia ann, chúig mhíle fear, gan bac do mhnáibh agus do mhion-daoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Agus an méid a dʼith an bia bhí siad cúig mhíle fear ann gan na mná ná na páistí a chur san áireamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Agus bhí an méid a d’ith i líon a gcúig mhíle fear, gan trácht ar mhná agus páistí.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus ba é méid na ndaoine do bhí ag ithe, tuairim le cúig míle fear, seachas mná agus leanbhaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus an mhuinntir do bhí ag ithe do bhádar a dtimcheall chúig mhíle fear, leith a muigh do mhnáibh agus do leanbaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:21
8 Tagairtí Cros  

Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu. Agus do tógadh an fuighleach, dhá chiseán déag lán d’arán bhriste.


Agus láithreach ’n-a dhiaidh san do chuir Íosa dh’fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge bige agus dul roimis féin go dtí an taobh thall de’n uisge, chun go gcuirfeadh sé na daoine chun siúbhail.


Agus bhí chúig mhíle fear sa méid daoine do chaith an bia.


Ansan dubhairt Íosa: Cuiridh na daoine ’n-a suidhe. Bhí mórán féir sa n-áit. Shuidh na daoine síos, tímpal chúig mhíle duine.


Agus ní raibh aoinne ortha a bhí i ngátar. Mar, an mhuinntir ’n-a raibh talamh nú tighthe acu, do dhíolaidís iad agus thugaidís isteach an méid a gheibhdis ortha,


Ach do chreid a lán de sna daoine a bhí ag éisteacht leis an gcainnt agus b’é uimir na bhfear ná chúig mhíle.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí