Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus láithreach ’n-a dhiaidh san do chuir Íosa dh’fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge bige agus dul roimis féin go dtí an taobh thall de’n uisge, chun go gcuirfeadh sé na daoine chun siúbhail.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Thug sé ansin ar na deisceabail dul ar an mbád agus seoladh anonn go dtí an taobh eile, a fhad agus bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus láithreach chuir Íosa d’fhiachaibh ar a dheisciobail dul san bhád, agus an taobh eile de’n uisce a bhaint amach roimhe, go dtí go gcuireadh sé ar shiubhal an sluagh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus ar an láthair do chuir sé d’fhiachaibh ar na deisceablaibh dul isteach sa mbád, agus imtheacht roimhe go dtí an taobh thall, nó go gcuirfeadh sé na sluaighte chum bealaigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus air ball do chuir Iósa dfhiachaibh ar a dheisciobluibh dul a luing, agus dul roimhe féin don táoibh oile, no go léigeadh sé an pubal úadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Ansin chuir sé dʼfhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Ansin chuir sé d'fhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:22
6 Tagairtí Cros  

Ansan do chuir sé chun siubhail an pobul, agus tháinig sé isteach sa tigh, agus tháinig a deisgiobuil chuige agus dubhradar: Mínigh dúinn soluíd an chogail sa ghort.


Agus isé méid daoine a dh’ith bia ann, chúig mhíle fear, gan bac do mhnáibh agus do mhion-daoine.


Ansan do chuir sé uaidh an tsluagh, agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé i gcríochaibh Magedan.


Ansan nuair a tháinig Sílas agus Tímoteus chuige ó Mhacedonia do ghéaruigh Pól sa teagasg, gá chur ’n-a luighe ar na Iúdaígh gur b’é Íosa is Críost ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí