Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:41 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Eireóchaid muintir Ninebhe i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus daorfaid siad iad; óir do dheineadar-san aithrighe nuair a theagaisg Iónas iad. Agus féach duine is mó ’ná Iónas anso.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Éireoidh fir Ninebhe nuair a chuirfear breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh siad í; mar rinne siadsan aithrí le seanmóireacht Ióna, agus is mó ná Ióna an neach atá i láthair agaibh anseo.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Éireochaidh muinntir Ninibhe san bhreitheamhnas leis an ghlúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad-san aithrighe le linn sheanmóireacht Iónais: agus féach, neach is mó ná Iónas annseo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Éireochaidh muinntir Ninibhe sa mbreitheamhnas leis an ngeinealach so, agus daorfaid‐sean é; agus féach, atá duine is mó ’ná Iónás annso.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Eiréochaidh luchd Ninebheh a mbréitheamhnus leis an ngeinealachso, agus daimneochaid síad é: óir do rinneadarsan aithrigh ag seanmoir Iónas; agus, féuch, a tá neach is mó ná Iónas ann so.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Éireoidh muintir Ninivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a dʼfhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

41 Éireoidh muintir Nínivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a d'fhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:41
20 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair sé iad: Tá droch-shliocht adhaltranach ag lorg cómhartha; agus ní tabharfar de chómhartha dhóibh ach cómhartha Iónais an fáidh.


Eireóchaidh banríghin na tíre theas i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus daorfaidh sí iad; óir do tháinig sí ó imeall an tsaoghail chun éisteacht le h-eagna Shalomóin. Agus féach duine is mó ’ná Salomón anso.


Ansan imthigheann sé, agus tugann sé leis seacht spioraidí eile is measa ’ná é féin, agus téighid siad isteach, agus cómhnuighid siad sa tigh sin. Agus is measa an cor atá ar an nduine sin sa deire ’ná mar a bhí ar dtúis air. Sin mar a bheidh an sgéal ag an sliocht so atá chómh fíor-olc.


Ach deirim-se libh go bhfuil anso aon is mó ’ná an teampall.


Tá fhios agaibh conus gnúis na spéire do bhreithniú; agus nách féidir libh cómharthaí na h-aimsire dh’aithint? Tá sliocht an uilc agus an adhaltranais ag lorg cómhartha; ach ní tabharfar de chómhartha dhóibh ach cómhartha Iónais Fáidh. Agus d’fhág sé ansan iad agus d’imthigh sé.


Agus do smachtuigh Íosa an deamhan, agus d’imthigh sé as, agus bhí an mac leighiste as san amach.


Go deimhin adeirim libh, tiocfaidh na neithe sin go léir ar an sliocht so.


Eireóchaid muintir Ninebhe i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus tabharfaid siad daor-bhreith ortha; mar do dheineadar aithrighe nuair fhógair Iónas dóibh é; agus féach duine anso is mó ’ná Iónas.


An t-é a tháinig anuas, tá sé os cionn chách. An t-é atá ó’n dtalamh, is ó’n dtalamh atá sé, agus is neithe talmhanta a labhrann sé; an t-é a tháinig ó neamh, tá sé os cionn gach aoinne.


An amhlaidh is mó thu ’ná ár n-athair Iácób a thug dúinn an tobar so, agus gur ól se féin as, agus a chlann, agus a áirnéis?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí