Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:41 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Éireochaidh muinntir Ninibhe sa mbreitheamhnas leis an ngeinealach so, agus daorfaid‐sean é; agus féach, atá duine is mó ’ná Iónás annso.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Éireoidh fir Ninebhe nuair a chuirfear breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh siad í; mar rinne siadsan aithrí le seanmóireacht Ióna, agus is mó ná Ióna an neach atá i láthair agaibh anseo.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Éireochaidh muinntir Ninibhe san bhreitheamhnas leis an ghlúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad-san aithrighe le linn sheanmóireacht Iónais: agus féach, neach is mó ná Iónas annseo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Eiréochaidh luchd Ninebheh a mbréitheamhnus leis an ngeinealachso, agus daimneochaid síad é: óir do rinneadarsan aithrigh ag seanmoir Iónas; agus, féuch, a tá neach is mó ná Iónas ann so.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Eireóchaid muintir Ninebhe i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus daorfaid siad iad; óir do dheineadar-san aithrighe nuair a theagaisg Iónas iad. Agus féach duine is mó ’ná Iónas anso.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Éireoidh muintir Ninivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a dʼfhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

41 Éireoidh muintir Nínivé ina seasamh in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo, agus daorfaidh siad í, óir rinne siad aithrí nuair a d'fhógair Ióna é, agus tá anseo neach is mó ná Ióna.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:41
20 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, Iarrann droch‐shliocht adhaltrannach cómhartha; agus ní tabharfar cómharta dhóibh acht cómhartha Iónáis fáidh.


Éireochaidh bainríoghan an deiscirt sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh an gheinealaigh so, agus daorfaidh sise é: óir tháinig sí ó fhoircheann an domhain chum éisteachta le n‐eagna Sholaimh; agus féach, atá duine is mó na Solamh annso.


Annsin imthigheann sí, agus beireann sí léi seacht spioraidí eile is measa ’ná í féin, agus, téigheann siad isteach, agus cómhnuigheann siad ann: agus is aindeise an duine sin ar deireadh ’ná ar dtús. Agus is mar sin bhéas an scéal ag an droch‐shliocht so.


Acht adeirim‐se libh, go bhfuil duine is mó ’ná an teampall annso.


Bíonn droch‐shliocht adhaltrannach ar lorg cómhartha, acht ní tiubharfar cómhartha dhó, acht cómhartha Iónáis. Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé.


Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt, A shliocht dhíthchreidimh dho‐theagasctha, cá fhad bhéas mé eadraibh? cá fhad fhúlaingeochas mé sibh? tabhraidh chugam‐sa annso é.


Go fírinneach adeirimse libh, Tiocfaidh na neithe sin go h‐iomlán ar an díne seo.


Éireochaidh muinntear Ninibhe sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh an chinidh seo, agus bhéarfaidh siad daoir‐bhreith air: óir do‐rinneadar‐san aithrighe ar fhógairt Iónáis, agus féach, atá duine is mó ’ná Iónás annso.


An té thig anuas, atá sé ós cionn cách: an té thig ó’n talamh is duine talmhaidhe é, agus is ar neithibh talmhaidhe labhras sé: an té thig ó neamh atá sé ós cionn cách.


An mó tusa ’ná ár n‐athair Iácób thug dúinn an tobar, agus d’ól as, mar aon le n‐a chlainn agus le n‐a áirnéis.


agus an té atá neamh‐thimcheall‐ghearrtha do réir nádúire, má choimheádann sé an dlighe, nach dtiubhraidh sé breitheamhnas ort‐sa bhriseas an dlighe, agus scribhinn an dlighe agus an timcheall‐ghearrtha agat?


Tré chreideamh Naoi, iar bhfágháil rabhaidh ó Dhia i dtaobh na neithe nach raibh fós le feicsin, le h‐eagla agus le hurramacht do chuir sé áirc i gcóir chum a theaghlach féin do shábháil: agus d’á bhárr sin do chionntuigh sé an saoghal, agus do rinneadh oidhre na fíréantachta atá tré chreideamh dhe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí