Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 12:42 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Eireóchaidh banríghin na tíre theas i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus daorfaidh sí iad; óir do tháinig sí ó imeall an tsaoghail chun éisteacht le h-eagna Shalomóin. Agus féach duine is mó ’ná Salomón anso.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Éireoidh banríon an domhain theas nuair a chuirfear breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh sí í; mar tháinig sí ón gceann ab fhaide den talamh a éisteacht le heagnaíocht Sholaimh, agus is mó ná Solamh an neach atá agaibh i láthair anseo.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Éireochaidh bainríoghan an deiscirt san bhreitheamhnas leis an ghlúin seo, agus daorfaidh sí í, óir tháinic sise ó imillchríocha an domhain d’éisteacht le h-eagna Shalomoin. Agus féach, neach is mó ná Salomon annseo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Éireochaidh bainríoghan an deiscirt sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh an gheinealaigh so, agus daorfaidh sise é: óir tháinig sí ó fhoircheann an domhain chum éisteachta le n‐eagna Sholaimh; agus féach, atá duine is mó na Solamh annso.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Eíreochuidh bainríoghan an táoibhe budh dhead a mbreitheamhnus leis an ngeinealachso, agus daimnéochuidh sí é: óir thainic sisí ó leithimealuibh na talmhan déisdeachd re heagna Sholaimh; agus, féuch, a tá neach as mó ná Solamh ann so.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 Éireoidh ban-ríon an deiscirt in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo agus daorfaidh sí í, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

42 Éireoidh banríon an deiscirt in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo agus daorfaidh sí í, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 12:42
22 Tagairtí Cros  

Eireóchaid muintir Ninebhe i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus daorfaid siad iad; óir do dheineadar-san aithrighe nuair a theagaisg Iónas iad. Agus féach duine is mó ’ná Iónas anso.


Ach deirim-se libh go bhfuil anso aon is mó ’ná an teampall.


Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; agus féach, guth as an sgamall, agus dubhairt: Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis.


Agus féach, guth as na flathais adubhairt: Isé seo mo mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann.


Agus do dhein feóil de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh i n-ár measg, agus chonacamair a ghlóire mar ghlóire Aon Mhic an Athar, lán de ghrásta agus d’fhírinne.


Ní fheacaidh aoinne riamh Dia; an t-Aon Mhac atá i n-ucht an Athar isé dh’aithris.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí