Filéamón 1:6 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)6 Ionnus go mbíadh cumann do chreidimh éifeachdach a nadmháil na huile mhaitheasa atá ionnuibh tré Iósa Críosd. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)6 agus guim go méadóidh an chomhroinn seo de do chreideamh ár n eolas ar an maitheas a bhíos againn ó Chríost. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)6 ag guidhe go mbéadh an creideamh ’n‐a bhfuil tú i gcómhar leo éifeachtach ar son Chríost chum a bhfuil de mhaitheas ionnainn do chur i n‐umhail go h‐iomlán. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20126 Is é mo ghuí go gcuirfidh an creideamh atá i bpáirt againn ar do chumas duit gach maith atá againn i gCríost a thuiscint. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19816 Is é mo ghuí go gcuirfidh an creideamh atá i bpáirt againn ar do chumas duit gach maith atá againn i gCríost a thuiscint. Féach an chaibidil |
Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.