Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Filéamón 1:7 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Oír is mór an gáirdeachas agus an solás atá aguinn an do ghrádhsa, do bhrígh go bhfúaradar innighe na náomh furtachd thríodsa, a dhearbhráthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Mar is mór an só agus an sólás a bhain mé as do ghrá, a bhráthair na páirte, ós tú a thóg croíthe na naomh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Óir ba mhór an t‐adhbhar áthais agus sóláis dom do ghrádh‐sa a bhráthair, toisc gur tógadh croidheacha na naomh tríot.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Ba mhór an lúcháir agus an sólás dom-sa an grá sin agat-sa, a bhráthair, mar go bhfuil croí dá thabhairt agat don phobal naofa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Ba mhór an lúcháir agus an sólás domsa an grá sin agatsa, a bhráthair, mar go bhfuil croí á thabhairt agat don phobal naofa.

Féach an chaibidil Cóip




Filéamón 1:7
11 Tagairtí Cros  

Oír tugadar furtachd dom sbioruidse agus do bhur sbioruidsi: uime sin biodh meas aguibh ar a samhuil sin.


Ar a nadhbharsa, fúaramar cómhfhúrtachd do bhrígh na furtachda fúarabhairse: achd bá ró mhó ná sin do bhí gáirdeachas oruinn fá gháirdeachas Thítuis, do bhrígh gur meanmnuigheadh a spiorad uáibhse uile.


As mór an dánachd labhairt do ním oruibh, is mór mo gháirdeachas ar bhur son: atáim lán do mheanma, is ró líonta mé do gháirdeachas ann ar nuile bhuáidhirt.


Gan sgur dá bheith ag coimhniughadh bhur nobair creidimh, agus sáothar carrthannachda, agus foíghide bhur mhuinighne ann ar Dtíghearna Iósa Críosd, a bfíadhnuisi Dé éadhon ar Nathair:


Ar a nadhbharsin bímídne mar an gcéudna gan sgur ag breith bhuídheachais ré Día, do bhrígh, ar ngabháil bhréithre Dé chuguibh noch do chúalabhair uáinne, gur ghabhabhair chuguibh é ní mar bhréithir dháonna, achd (do réir mar atá sé go fírinneach) mar bhréithir Dé, noch fós oibrigheas ionnuibhse an drung chreideas.


Oír créd í ar muinighin, nó ar ngáirdeachas, no ar gcoróin ghlóire? A né nach sibhse íad a bhfíadhnuise ar Dtighearna Iósa Críosd agá theachd?


Oír créd é an buídheachas as féidir linne do thabhairt mar mhalairt do Dhía bhur sonsa, do bhrígh a nuile gháirdeachais re a ndéunmuid gairdeachas thríbhse a bhfiadhnuise ar Ndé féin;


Go dtuguidh Tighearna na trócaire do thigh Onesiphoruis; óir tug sé fúaradh go minic dhamhsa, agus níor ghabh adhnaire é f shlábhradh:


A seadh, a dhearbhráthair, faghuim gáirdeachas uáid sa Dtíghearna: cómhfurtuigh mo chroídhe sa Dtíghearna.


Do bhí gáirdeachas mór oram do bhrígh go bhfuáir me cuid dod chloinnse ag siúbhal do réir na fírinne, amhuil fúaramar áithne ó Nathair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí