Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 9:26 - An Bíobla Naofa 1981

26 Ach bhíodar easumhal duit agus rinne siad ceannairc i d'aghaidh; Thug siad droim leis an dlí; Mharaigh siad d'fháithe a thugadh rabhadh dóibh, Le hiad a iompú ar ais ortsa, (Agus thug siad diamhaslaí móra).

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Thairis sin do bhádar easúmhal, agus do chathuigheadar ad haghaidhsi, agus do theilgiodar do dhligheadh táobh shíar dá ndruim, agus do mharbhadar thfáighe noch do níodh fiadhnuise na naghaidh dá bfilleadh chugadsa, agus do oibrigheadar glúasachta móra.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 9:26
35 Tagairtí Cros  

Rinne tusa olc thar mar a rinne ar tháinig romhat; mar d'imigh tú leat agus rinne tú déithe eile duit féin, íomhánna de mhiotal leáite, rud a chuir fearg orm; agus thug tú droim láimhe liom.


Nár insíodh do mo thiarna céard a rinne mé nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, conas mar a chuir mé céad duine d'fháithe an Tiarna i bhfolach, leathchéad díobh sa turas, agus a bheathaigh mé iad le harán agus le huisce.


Nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, rug Obaidiá céad fáidh leis agus chuir i bhfolach iad, leathchéad díobh sa turas, agus bheathaigh sé iad le harán agus le huisce.


D'fhreagair sé: “Táim lán de dhíograis agus de dhúthracht do Thiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú] gur leagadar d'altóirí, agus gur chuireadar d'fháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir m'anama, ar tí mo mharaithe.”


Ansin labhair an Tiarna ó bhéal a shearbhóntaí na fáithe:


“Ós rud go ndearna Manaise rí Iúdá na coireanna gráiniúla seo agus go ndearna sé nithe níos gráiniúla ná gach a ndearna na hAmóraigh a bhí roimhe, agus gur thug sé ar Iúdá féin peaca a dhéanamh lena chuid íol,


Ach rinne siad ceap magaidh de theachtairí Dé, chaith siad drochmheas lena bhriathra, agus rinne siad fonóid faoina fháithe, nó gur tháinig an oiread sin feirge ar an Tiarna lena phobal nach raibh aon leigheas ar an scéal feasta.


Nuair a rinne siad lao dóibh féin De mhiotal leáite agus go ndúirt siad: ‘Sin é bhur nDia a thug sibh aníos as an Éigipt,’ Agus gur thugadar diamhasla duit go mór,


Thug tú rabhadh dóibh lena dtabhairt ar ais chun do dhlí; Ach bhorr an t‑uabhar iontu, agus níor chomhlíon siad d'aitheanta; Pheacaigh siad in aghaidh d'orduithe, Na horduithe a bhronnann an bheatha ar fhear a gcomhlíonta; Chroith siad a nguaillí go stuacach, Agus chruaigh a muineál le stailc, agus níor ghéill siad.


Bhí foighne agat leo ar feadh mórán blianta. Thug tú rabhadh dóibh le do spiorad trí na fáithe, Ach ní thabharfaidís aird ort. Thug tú i lámha chiníocha na gcríoch iad.


Ó tharla gur fuath leat mo dhlí agus go ndéanann tú neamhní de mo bhriathra?


Ansin déarfaidh tú leo: ‘Is ar an ábhar gur thréig bhur n‑aithreacha mé - an Tiarna a labhraíonn - agus gur shiúil siad i ndiaidh déithe eile, á n‑adhradh agus ag fónamh dóibh. Thréig siad mise agus níor choinnigh mo dhlí.


Is go díomhaoin a bhuail mé síos bhur gclann mhac; níor ghabh sibh aon cheartú; bhur gclaíomh féin, mar leon craosach, a mharaigh bhur bhfáithe.


Thug mé sibh go tír thorthúil, a ithe a torthaí agus a maitheasa; ach níor luaithe sibh ann ná gur thruailligh sibh mo dhúiche go ndearna sibh m'oidhreacht fuafar.


Agus tháinig siad ann agus shealbhaigh é. Ach níor umhlaigh siad do do ghuthsa, ní mó a shiúil siad i do dhlí: ní dhearna siad aon ní den uile ní a d'ordaigh tú dóibh a dhéanamh; ar an ábhar sin thug tú faoi deara an t‑olc seo uile a theacht orthu.


[D'fhreagair Irimia: “A fhuíoll Iúdá, deir an Tiarna féin libh: ‘Ná téigí don Éigipt.’ Bíodh a fhios seo agaibh go maith: Thug mise rabhadh sollúnta daoibh inniu féin.


“Tá peacaí agus ceannairc déanta againne; níor thug tú féin maithiúnas dúinn.


Ach d'éirigh an chlann amach i mo choinne; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, níor chomhlíon siad mo dheasghnátha go cúramach a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, thruailligh siad mo shabóidí. “Shocraigh mé ansin mo dhíbheirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu san fhásach.


Ach rug na curadóirí ar na seirbhísigh, thug siad bualadh do dhuine acu, mharaigh duine eile, chloch duine eile.


Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géarleanúint air? Agus d'imir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibhse tar éis é a bhrath agus a chur chun báis,


gruth ón mbólacht, bainne ón tréad, bia saibhir ón bhféarach, reithí do phór Bháiseán, agus gabhair, bia saibhir de dhias na cruithneachta, agus fuil na finiúna glan mar dheoch.


[Chaith Iacób bia agus bhí a sháith aige;] Thit Isiriún chun feola agus thug speach. (Thit tú chun feola, chun méithris agus chun gaoithe.) Thréig sé an Dia a rinne é, mhaslaigh sé Carraig a shlánaithe.


Rinne pobal Iosrael an t‑olc arís i bhfianaise an Tiarna. D'fhónadar do na Bálaím agus do na hAisteárót, do dhéithe Arám agus do dhéithe Shíodón, do dhéithe Mhóáb agus do dhéithe na nAmónach agus do dhéithe na bhFilistíneach; thréigeadar an Tiarna agus níor fhónadar dó a thuilleadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí