Nihimiá 9:27 - An Bíobla Naofa 198127 Uime sin rinne tú iad a thabhairt i lámha naimhde, Agus rinne siadsan géarleanúint orthu, i laethanta a ngéarleanúna ghlaoigh siad ort Agus thug tú cluas dóibh ó na flaithis. Le barr trócaire thug tú slánaitheoirí dóibh A d'fhuascail iad ó lámha a naimhde. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)27 Uime sin do sheachuid tusa íad a láimh a námhad, noch do ghortuigh íad: agus a naimsir a naindeisi, a nuáir do éigheadar ortsa, do chúala tú ó fhlaitheas íad; agus do réir iomaid do thrócaire thug tú luchd cabhartha dhóibh, noch do sháor íad as láimh a námhad. Féach an chaibidil |