Nihimiá 9:25 - An Bíobla Naofa 198125 Ghabh siad cathracha daingne, Agus tailte méithe; Fuair siad seilbh ar thithe a bhí lán d'ollmhaitheasaí, Ar thaiscumair thochailte, ar fhíonghoirt, agus ar luibhghoirt ológ, Ar chrainn torthaí go flúirseach. Chaitheadar bia, agus bhíodar sáitheach lán; Bhí orthu rian na dea-choda a thug tú dóibh go flaithiúil. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)25 Agus do ghabhadar caithreacha daingne, agus dúithche mhéith, agus do shealbhuigheadar tighthe lán don nuile mhaóin, toibreacha tochuilte, fíneamhnacha, agus lubhghoirt ola, agus croinn thoruidh go lór: iondus gur itheadar, agus gur líonadh íad, agus gur fhásadar méith, agus gur shólásuigheadar íad féin ann do mhaitheas mórsa. Féach an chaibidil |