Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 6:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 chuir Sanballat agus Geisim teachtaireacht chugam: “Tar agus buail linn i gceann de na bailte i nGleann Ónó.” Bhí urchóid éigin beartaithe acu dom.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Gur chuir Sanballat agus Gessem fios chugam, ghá radh, Tárra, teagbham re chéile a mbaile éigin a réiteach Ono. Acht do shaóileadarsan urchóid do dhéanamh dhamhsa.

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 6:2
15 Tagairtí Cros  

Dúirt Ióáb le hAmásá: “An bhfuil tú ar fónamh, a bhráthair?” Agus rug Ióáb ar fhéasóg ar Amásá lena dheasóg lena phógadh.


Nuair a d'fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb.


Clann mhac Ealpál: Éibir, Miseám, Seimid, an té a thóg Ónó agus Lod lena bhailte máguaird,


i Lod, in Ónó, agus i nGleann na gCeardaithe. 36 Chuir gasraí áirithe Léivíteach fúthu in Iúdá chomh maith le i mBiniáimin.


taobh leis-sean rinne na sagairt faoin tuath máguaird deisiú;


Chuir mé teachtairí chucu dá bhrí sin á rá: “Tá beartas mór ar bun agam agus dá bhrí sin ní féidir dom dul síos. Stadfadh an obair dá bhfágfainn ann í agus dul síos chugaibh.”


Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil, tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.


Beartaíonn an t‑urchóideach in aghaidh an fhíréin: baineann díoscán as a fhiacla ina choinne.


Bíonn an t‑urchóideach ag faire an fhíréin agus fonn a mharaithe air.


Agus chonaic mé freisin nach bhfuil i ngach saothar agus i ngach obair cheardúil ach toradh an éada a bhíonn ag an duine lena chomharsa. Baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.


d'éirigh Ísmeáéil mac Natainiá ina sheasamh agus an deichniúr fear a bhí ina fhochair. Thug siad faoi Ghadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, lena gclaimhte agus mharaigh siad an té dá ndearna rí na Bablóine rialtóir os cionn na tíre.


Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí