Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 6:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Chuir mé teachtairí chucu dá bhrí sin á rá: “Tá beartas mór ar bun agam agus dá bhrí sin ní féidir dom dul síos. Stadfadh an obair dá bhfágfainn ann í agus dul síos chugaibh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus do chuir misi teachta chucasan, gha rádh, Atáim ag déanamh oibre móire, uimesin ní fhéaduim dul síos: cred fá sguirfeadh a nobair, an feadh dfúigfinnsi í, agus teacht síos chugaibhsi?

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 6:3
9 Tagairtí Cros  

Dúirt mé leis na huachtaráin, leis na feidhmeannaigh agus leis an gcuid eile den phobal: “Tá an obair mór agus í leata go fairsing agus táimid scartha i bhfad óna chéile ar na ballaí.


chuir Sanballat agus Geisim teachtaireacht chugam: “Tar agus buail linn i gceann de na bailte i nGleann Ónó.” Bhí urchóid éigin beartaithe acu dom.


Chuir siad fios orm ceithre huaire ar an tslí sin, agus thug mé an freagra céanna orthu.


Géilleann an duine saonta do gach scéal, ach ní thugann an duine críonna léim an daill.


Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.


“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.


‘Thosaigh an duine seo ag tógáil agus níor chumas dó é thabhairt chun críche!’


Fad tá an lá ann, ní mór dúinn oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh; tá an oíche ag teacht nuair nach féidir d'aon duine obair a dhéanamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí