Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nihimiá 6:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Nuair a chuala Sanballat, Tóibíá agus Geisim an tArabach agus ár naimhde eile go raibh an balla atógtha agam, gan bearna fágtha ann - cé nach raibh na comhlaí curtha agam ar na geataí fós -

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Anois tárla, a núair do chúala Sanballat, agus Tobiah, agus Gessem an Tarábianách, agus an chuid oile dar naimhdibh, gur chuir misi an balla súas, agus nar fágbhadh beárna ar bith air; gidh nar chuir mé fa namsin doirsi súas air na geatadhuibh;

Féach an chaibidil Cóip




Nihimiá 6:1
10 Tagairtí Cros  

Ceapadh Eiliáisíb an sagart roimhe sin ina reachtaire ar sheomraí Theampall ár nDé. Bhí gaol aige le Tóibíá,


Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an tAmónach daoir, an méid sin, tháinig an-mhíshásamh orthu toisc aon duine a theacht le beart a dhéanamh ar mhaithe le clann Iosrael.


Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an daor Amónach agus Geisim an tArabach mar gheall air seo, rinneadar magadh agus fonóid fúinn agus d'fhiafraíodar: “Céard atá ar siúl agaibh, an bhfuil ceannairc in aghaidh an rí á beartú agaibh?”


Ansin chrom Eiliáisíb an t‑ardsagart agus a chomhshagairt ar Gheata na gCaorach a thógáil; [leagadar síos] a ursana agus ghreamaíodar a chomhlaí [a bholtaí agus a bharraí] agus lean siad ar aghaidh go Túr Hananael.


Clann mhac Hasaná a thóg Geata an Éisc; leagadar síos a ursana agus ghreamaíodar a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.


Rinne Ióiádá mac Phásae agus Misiulám mac Bhasóidiá [geata na roinne nua] a dheisiú; leagadar a ursana, ghreamaíodar a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.


Nuair a fuair Sanballat, Tóibíá, na hArabaigh, na hAmónaigh, agus na hAisdeodaigh tuairisc go raibh deisiú ballaí Iarúsailéim ag dul chun cinn agus go raibh na bearnaí á n‑iamh de réir a chéile, tháinig an-fhearg orthu,


Nuair a bhí an balla tógtha agus na comhlaí go léir ar a lúdracha agam, ceapadh gardaí i bhfeighil na ngeataí (seachas na cantairí agus na Léivítigh).


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí