Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 25:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 agus le barr eagla, chuaigh mé ag cur do thallainne i bhfolach sa talamh. Seo duit í: tá do chuid féin agat.’

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 bhí eagla orm mar sin, agus chuaigh mé gur chuir mé do thallann i bhfolach i gcré an talaimh. Seo duit an ní is leat.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Agus ar eagla d’imthigh mé, agus d’fholuigh mé do thalann san talamh: féach, seo dhuit do chuid féin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 agus ag cnuasach i n‐áit nár cháithis: agus do bhí eagla orm, agus d’imthigheas agus do chuireas do thallann i bhfolach sa talamh; féach, sin é do chuid féin agat.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Uime sin do ghabh eagla misi, agus do imthigh mé agus do fholuigh mé do thallánn ann sa talamh: féuch, ag sin do chuid féin agad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus le h-eagla rómhat chuireas do thalant i bhfolach sa talamh; seo, siné do chuid féin agat.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 agus le barr eagla, chuaigh mé ag cur do thallainne i bhfolach sa talamh. Seo duit í: tá do chuid féin agat.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 25:25
8 Tagairtí Cros  

“Tá leon ar an mbóthar,” a deir an leisceoir, “tá leon sna sráideanna.”


Cé a chuir an eagla agus an t‑uamhan ort gur shéan tú mé, go ndearna tú dearmad orm agus nár choinnigh tú áit i do chroí dom? Ach mise, an ea nár fhan mé i mo thost, nár dhún mé mo shúile? Mar sin níl eagla ort romhamsa.


Tháinig ina láthair ansin an fear a fuair an t‑aon tallann amháin: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘bhí aithne agam ort gur duine crua thú, ag baint fómhair san áit nár chuir tú síol, agus ag cnuasach as an áit nach ndearna tú scaipeadh;


Dúirt a mháistir leis á fhreagairt: ‘Drochsheirbhíseach leisciúil thú! Bhí a fhios agat go mbainim fómhar san áit nár chuir mé síol agus go gcnuasaím as an áit nach ndearna mé scaipeadh:


Óir, an spiorad a fuair sibh ní spiorad na daoirse é chun eagla a chur oraibh athuair ach spiorad na clainne trína nglaoimid “Abba! Athair.”


Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí