Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:41 - An Bíobla Naofa 1981

41 Dúirt siad leis: “Tabharfaidh sé drochíde do na daoine mallaithe sin agus cuirfidh an fíonghort ar cíos chun curadóirí eile a thabharfaidh na torthaí dó ina séasúr féin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Ar siadsan leis, “Cuirfidh sé na bithiúnaigh chun báis léanmhair, agus ligfidh sé an fíonghort ar chíos do thionóntaí eile a thabharfas na torthaí dó ina séasúir.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Agus deir siad leis: Scriosfaidh sé go millteanach na droch-dhaoine sin, agus suidhfidh sé a fhíonghort le feirmeoirí eile, a bhéarfas an toradh dó san tséasúr cheart.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Adeir siad‐san leis, Scriosfaidh sé na cuirpthigh sin go millteach, agus bhéarfaidh sé an fíonghort ar cíos do scológaibh eile, bhéarfas na tortha dhó ’n‐a séasúraibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 A deiridsean ris, Sgriosfuidh sé go díoghaltach na drochdháoine úd, agus do bhéara sé a fhineamhuin ar chíos do sgológaibh eile, do bhéara na tórtha dhó an a naimsearaibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Deirid siad leis: Tabharfaidh sé droch-íde ar na cuirptheachaibh sin, agus cuirfidh sé a fhíonghort chun lucht saothruighthe eile, a thabharfaidh toradh dhó i n-aimsir na dtorthaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Dúirt siad leis: “Tabharfaidh sé droch-íde do na daoine mallaithe sin agus cuirfidh an fíon-ghort ar cíos chun curadóirí eile a thabharfaidh na torthaí dó ina séasúr féin.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:41
38 Tagairtí Cros  

Déanfaidh tú iad a bhriseadh le slat iarainn; brisfidh tú ina mbloghanna iad amhail soitheach cré.”


Beidh bhur n‑ainm ina eascaine ag mo mhuintir thofa, agus tabharfaidh an Tiarna Dia bhur mbás. Ach do mo sheirbhísigh tabharfar ainm nua.


Agus déanfaidh an tír caoineadh, gach teaghlach ar leith: muintir theaghlach Dháiví ar leith, agus a mná leo féin; muintir theaghlach Nátán ar leith, agus a mná leo féin;


Agus tarlóidh sé ar fud na tíre go léir,” a deir Tiarna na Slua, “go gciorrófar agus go ndísceofar dhá thrian den phobal, ach go bhfágfar aon trian amhain díobh ann.


Nuair a bhí séasúr na dtorthaí ann, chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun toradh an fhíonghoirt a fháil.


Dá bhrí sin, nuair a thiocfaidh máistir an fhíonghoirt, cad a dhéanfaidh sé leis na curadóirí úd?”


“Sin an fáth a ndeirim libh go mbainfear ríocht Dé díbhse agus go dtabharfar do phobal í a thabharfaidh uathu a toradh.


Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”


Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí sin chun báis, agus tabharfaidh an fíonghort do dhaoine eile.” Ar a chloisteáil sin dóibh, dúirt siad: “Nárab ea!”


Tar éis conspóide fada d'éirigh Peadar ina sheasamh agus labhair sé leo: “A bhráithre,” ar seisean, “tá a fhios agaibh féin go ndearna Dia rogha eadrainn i bhfad ó shin gur ó mo bhéalsa a chloisfeadh na págánaigh teachtaireacht an dea-scéil agus go gcreidfidís ann.


Agus nuair a thosaigh siadsan á bhréagnú agus á cháineadh, chroith sé an deannach dá éadaí, á rá leo: “Bíodh bhur gcuid fola ar bhur gceann féin. Ní bheidh mise freagarthach inti. As seo amach tabharfaidh mé aghaidh ar na págánaigh.”


“Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin go bhfuil an slánú seo Dé á sheoladh chuig na gintlithe. Éistfidh siadsan leis.”


Tharla go raibh athair Phuiblias ina luí le fiabhras agus an dinnireacht ag cur air. Chuaigh Pól isteach á fheiceáil agus tar éis dó guí a dhéanamh ar a shon, leag sé a lámha air agus leigheas é.


mar go bhfuil siad ag cur bac orainne labhairt leis na gintlithe d'fhonn is go slánofaí iad. Sa tslí sin tá siad ag cur barr ar a bhfuil de pheacaí déanta acu riamh anall; ach tá fearg Dé tagtha suas leo faoi dheireadh.


Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh.


conas a éalóimidne as má bhímid ar nós cuma liom faoina chomhmhór sin de shlánú [agus a gealladh dúinn]. Óir is trí bhéal an Tiarna a fógraíodh é ar dtús agus deimhníodh dúinn é ansin tríd an muintir a chuala é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí