Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:41 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Deirid siad leis: Tabharfaidh sé droch-íde ar na cuirptheachaibh sin, agus cuirfidh sé a fhíonghort chun lucht saothruighthe eile, a thabharfaidh toradh dhó i n-aimsir na dtorthaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Ar siadsan leis, “Cuirfidh sé na bithiúnaigh chun báis léanmhair, agus ligfidh sé an fíonghort ar chíos do thionóntaí eile a thabharfas na torthaí dó ina séasúir.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Agus deir siad leis: Scriosfaidh sé go millteanach na droch-dhaoine sin, agus suidhfidh sé a fhíonghort le feirmeoirí eile, a bhéarfas an toradh dó san tséasúr cheart.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Adeir siad‐san leis, Scriosfaidh sé na cuirpthigh sin go millteach, agus bhéarfaidh sé an fíonghort ar cíos do scológaibh eile, bhéarfas na tortha dhó ’n‐a séasúraibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 A deiridsean ris, Sgriosfuidh sé go díoghaltach na drochdháoine úd, agus do bhéara sé a fhineamhuin ar chíos do sgológaibh eile, do bhéara na tórtha dhó an a naimsearaibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Dúirt siad leis: “Tabharfaidh sé droch-íde do na daoine mallaithe sin agus cuirfidh an fíon-ghort ar cíos chun curadóirí eile a thabharfaidh na torthaí dó ina séasúr féin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

41 Dúirt siad leis: “Tabharfaidh sé drochíde do na daoine mallaithe sin agus cuirfidh an fíonghort ar cíos chun curadóirí eile a thabharfaidh na torthaí dó ina séasúr féin.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:41
38 Tagairtí Cros  

Agus nuair a bhí aimsir na dtorthaí ag teacht, chuir sé a sheirbhísigh ag triall ar an lucht saothruighthe go nglacfaidís an toradh dhó.


D’á bhrígh sin, nuair a thiocfaidh tighearna an fhíonghuirt, cad a dhéanfaidh sé leis an lucht saothruighthe sin?


D’á bhrígh sin adeirim libh go dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi.


Tá a ghléas cáithte i n-a láimh aige, agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan isteach sa sgioból, agus loisgfidh sé an lóchán le teine nach féidir a mhúchadh.


Tiocfaidh sé agus déanfaidh sé íde ar an lucht saothruighthe sin, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhaoinibh eile. Agus nuair airigheadar-san an focal dubhradar: Nár leigidh Dia san!


Do deineadh mórán aighnis. Ansan d’eirigh Peadar agus dubhairt sé leo: A fheara, a bhráithre, is eól daoibh conus mar a dhein Dia toghadh eadrainn fadó gur as mo bhéal-sa do chloisfeadh na geinte briathar an tSoisgéil agus do ghlacfaidís an creideamh.


Ach bhí na Iúdaígh ’gha bhréagnú go masluightheach. Ansan do chroth sé a chuid éadaigh agus dubhairt sé: Bíod bhúr gcuid fola ar bhúr gceann féin. Táimse glan.


Dá bhrígh sin bíodh agaibh fios an méid seo, go bhfuil an slánú so ó Dhia d’á chur ag triall ar na Geintibh, agus éistfid siad leis.


agus do thárla go raibh athain Phubhliuis ’n-a luighe le h-éagcrúas agus le teinneas cuirp. Chuaidh Pól isteach ag triall air agus dhein sé guidhe ar a shon agus chuir sé a lámha air agus do leighis sé é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí